2024-04-24

A Mhúinteoir!


 (après Allan Ahlberg)

 “A mhúinteoir, a mhúinteoir,
Bíonn Ruairí ag cóipeáil mo shaothair,
A mhúinteoir, a mhúinteoir,
Cad a dhéanfaidh mé in aon chor?”

“Suigh sa halla, a stóirín,
Nó suigh amuigh sa chlós!”
“Ach tá sé fliuch amuigh, a mhúinteoir,
Níor stop an bháisteach fós!”

“A mhúinteoir, a mhúinteor,
Tá mo rubar sciobtha ag Ruairí!”
“Cuir glan as do cheann anois é,
Maith thú, maith thú, a mhuirnín!”

“A mhúinteoir, a mhúinteoir,
Dúirt Ruairí go rabhas im’ ghamal!”
“Labhróidh mé leis ach ní anois,
Labhróidh mé leis i gceann tamaill.” 

“A mhúinteoir, a mhúinteoir,
 Dúirt Ruairí focal gránna!”
“Mholfainn duitse dul amach
Agus rith suas síos an lána!”


“Ach, a mhúinteoir, a mhúinteoir,
Tá sé ag stealladh báistí!”
“Amach! Amach! Amach leat!
Agus ná tar ar ais go dtí a trí!”

2024-04-23

Rudaí le Déanamh i gCo. Chorcaí


In Achadh Dubh
ghoideas ubh

I Mainistir Ó mBána
d'éiríos an-dána

In Achadh Dúin
ghortaíos mo ghlúin

Tá an tEanach Theas
cuibheasach deas

In Ard an Chró
chonaic mé bó

Bhí spideog amháin
in Ard Amadáin
 
D'ól mé seacht gcupán tae
i mBealach Aimhréidh

Ní raibh agam ach fuath
don Bhaile Rua

Arsa mise 'Och!'
i mBaile Cloch

I mBaile Uí Dhubháin Thiar
D'athraíos giar

I mBaile na Trá
thiteas i ngrá

I nDún na Séad
bhíos ite leis an éad

"Is trua liom do chás!"
arsa bean liom sa Bhriotás

Bhíos beagnach marbh
nuair a shroiseas an Chathair Gharbh

Arsa mise, "Ailliliú!"
ag teacht amach as an gCeathrú.

Chonaic mé fia
ar an gCarraig Liath

"Ní thiocfaidh mé ar ais!"
arsa mise sa Chlais

Chonaic mé coinín
is mé ag fágáil an Choimín


I gCarraig na bhFear
bhí fonn orm bheith thar lear

Cheannaigh mé báidín
i gCurrach Pháidín

Arsa mise, "Hó hó!
i gCora Shó

Bhí na héin níos binne
i nDrom Bó Finne

I nDrom Leamh
ligeas sceamh

Sa Gharraí Dubh
cheannaíos subh

Bhíos dall
ar áilleacht Ghort na nGall

Mé ag déanamh spraoi
in Inse na Graí

Chuala mé trí gháir
i gCill Cholmáin Láir

Bhí eagla orm
sa Chnoc Gorm

Shiúil mé go mall
thar Loch Dhá Bhall

Thosnaíos ag tafann mar ghadhar
sa Ladhar

Arsa mise "Uch!"
sa Mhuine Fliuch

Sceimhle
i Maigh Dhíle

I Rinn Róin
deora bróin

I dTír Ghé
gan ionam ach an dé

Chailleas mo bhróga
sna Catalóga

Bhí sé dorcha duairc
i gCnoc Uí Ruairc

Ansin bhriseas mo chos
i gCnoc na nOs

2024-04-22

Dreancaidín

           William Blake - Dream of a flea 


(après Spike Milligan)

Bídeach atá sé
An dreancaidín dána.
Ní cheapfá go ndéanfadh sé
Dochar go brách duit.
Ach aréir is mé ag iarraidh
Codladh na hoíche a fháil
Thosaigh sé dom’ chiapadh
Dom’ chéasadh is dom’ chrá.


  * Taibhse Dreancaide an teideal atá ar an bpictiúr seo le William Blake. 


2024-04-21

Plumaí agus Torthaí Eile

Is maith liom bananaí
agus, ar ndóigh, puimcíní
Is blasta liom úlla
agus táinséiríní
Is breá liom cíobhaithe
agus is aoibhinn liom silíní
Taitníonn péitseoga liom
Agus neachtairíní


Agus plumaí?
Yumaí!

2024-04-20

Alastar Mór

An Músaem Indiach, Kolkata

Alastar Mór

Níor sáraíodh riamh i gcath mé
Mise Alastar Mór

Arastatal a bhí mar oide agam
Mise Alastar Mór

Tá siad fós ag insint scéalta fúm
Mise Alastar Mór

Ón nGréig go dtí an India
Mise Alastar Mór

Chuireas fiche cathair á dtógáil
Mise Alastar Mór

Le mil órga a líonadh mo chónra
Mise Alastar Mór.

2024-04-19

Plumaí agus Torthaí Eile



                 Joseph Decker 


Is maith liom bananaí
agus, ar ndóigh, puimcíní
Is blasta liom úlla
agus táinséiríní
Is breá liom cíobhaithe
agus is aoibhinn liom silíní
Taitníonn péitseoga liom
Agus neachtairíní

Agus plumaí?
Yumaí!




2024-04-18

Don Cíochótae


Honoré Daumier  -  Don Cíochótae sna sléibhte



Cé chugainn é, cé chugainn é
Ag teacht anuas ón sliabh?
Ní fhaca mé éinne
Mar é riamh.

Cad as dó, cad as dó
É féin is a chapall bán?
Cén fáth a bhfuil lansa
Aige ina lámh?

Cé atá laistiar de
Is é ar asal liath?
Cá bhfuil a dtriall -
Corcaigh nó Bleá Cliath?

Cé chugainn é, cé chugainn é
Ag teacht anuas ón sliabh?
Ní fhaca mé éinne
Mar é riamh!