2012-12-29

Haiga: Christmas/Nollaig

Íomhá Mark Granier

faoileáin, colúir
ag eitilt i measc réaltaí bréige -
an Nollaig
gulls, pigeons
flying among artificial stars -
Christmas

Deoraíocht ar fáil anois san Fharóis/ EXILE in Faroese

Deoraíocht (Exile) is a neglected masterpiece by Pádraic Ó Conaire, one of the most European-minded of early twentieth-century Irish-language authors. I assisted in its rebirth in Faroese by matching Ó Conaire with another gifted eccentric, Agnar Artúvertin. I have translated poems and stories by Artúvertin into Irish. The book is called Ifreann (Hell), with a hellish cover by Pakistani artist Mohsin Shafi. Before the publication of Ifreann, Artúvertin was relatively unknown in Ireland. Now he is completely unknown.
I am very happy to see Deoraíocht in Faroese. The author had lost his head in more ways than one: in 1999 four men from County Armagh, Mr Garret Leahy, Mr Gavin McNaney, Mr John McManus and Mr Garry O' Connor decapitated him - (i.e. his statue in Eyre Square, Galway). 
My own novel, incidentally, is called My Head is Misssing but has nothing to do with the Galway incident (as far as I know). It has a cover by the Indian artist Amit Kalla.
I tried to bring Agnar to Ireland for the launch of Ifreann but, as far as I remember, the Danes would only offer him €100.00 or so and this would not go very far in the Dublin pubs where our launch was going to happen (i.e. in a dozen or so pubs more or less simultaneously).
Our pool of consciousness widens. Actually it doesn't. It's as wide as Original Mind. It is simply becoming conscious of itself!
Very few people go to bed at night thinking of Faroese (not even the Faroese). We must change all that!

Bhí fhios agam nach raibh ann ach crann (do Ko Un)

Bhí fhios agam nach raibh ann ach crann
(do Ko Un)

Bhí fhios agam nach raibh ann ach crann
ach claochlaíodh le soilse é
le maisiúcháin
le sneachta bréige
agus i dtús an 21ú haois
thugamar ómós de shaghas éigin dó

Is gearr go mbeidh orainn é a chaitheamh amach
is é a thabhairt d'inneall athchúrsála
thuas ansin ar Chnoc Chill Iníon Léinín
is béicfidh sé
mar a bhéic anuraidh
is an bhliain roimhe sin -
an spíonlach -
cad is ea é?

Cad is ea sinne?
I knew it was only a tree
(for Ko Un)

I knew it was only a tree
but it had been transformed by lights
and decorations
artificial snow
and now, early in the 21st century
we pay it obeisance, of sorts

We'll have to throw it out soon
and give it to the recycling machine
up above on Killiney Hill
and it will scream
like it screamed last year
and the year before -
the needles -
what are they?

What are we?

2012-12-28

Fothraigh

Íomhá Ron Rosenstock.
fothraigh ...
    níl an ghrian in ann
        iad a théamh
ruins . . .
    the sun
        cannot warm them

EIRETLÁN

al llegar
besé
las cinco
heridas
de Irlanda
upon arriving
I kissed
the five
wounds
of Ireland
ar theacht
i dtír dom
phógas
cúig ghoin
Éireann
la hierba
comenzó
a reírse
verde
de gusto
the grass
began
to laugh
green
out of joy
chrom an
féar
ar gháire
soilbhir
glas
el viento
al mismo
tiempo
me tomó
de la mano
the wind
at the same
time
took me
by the hand
gan smaoineamh
rug
an ghaoth
ar
lámh liom
mis pies
como dos
serpientes
bendijeron
la tierra
my feet
like two
serpents
blessed
the Earth
mo dhá chos
mar dhá
nathair
bheannaíodar
an Domhan
Cumasc den fhocal Éire agus Aztlán, fód dúchais na nAisticeach, is ea Éiretlán, teideal an dáin seo le Francisco X. Alarcón. Scríobhadh an dán tar éis don fhile Baile Átha Cliath a bhaint amach ar an 14 Márta, 1992, an chéad uair san Eoraip dó. Ba é Gabriel a thug cuireadh dó teacht go hÉirinn chun ceiliúradh a dhéanamh ar an leabhar dátheangach Cuerpo en llamas/ Colainn ar Bharr Lasrach agus chun teagmháil chultúrtha a dhéanamh idir Gaeil agus Chicanos. 

Tá téip ar fáil le híoslódáil saor in aisce ó CIC. 

Is in Nahuatl, teanga na nAisteiceach, teanga a labhair mamó Alarcón, a chuirtear tús leis an taifeadadh suaithinseach sin. Saghas draoi is ea Alarcón, dar le Gabriel. Má léann tú A Separate Reality nó leabhar ar bith le Carlos Castaneda, tuigfidh tú cén saghas é Alarcón. Ní gnáthdhuine é. Ní gnáthfhile é. Ní raibh aon chur amach aige ar Éirinn sular tháinig sé anseo, ar cuireadh ó Ghabriel, ach féach go luann sé cúig ghoin Éireann – tagairt do na seanchúigí, ar ndóigh. Ní raibh aon eolas aige ar chultas na nathrach ach an oiread, cultas ar chuir Pádraig Naofa deireadh leis ach féach gur chreid Rudolf Steiner gur tháinig neach éigin i dtír i Meicsiceo fadó tar éis Sruth na Murascaille a leanúint agus gur tugadh Quetzalcoatl air, Nathair na gCleití. 
Leabhar dátheangach eile ón mbeirt is ea De Amor Oscuro/Um an nGrá Dorcha. An t-ealaíontóir Dúitseach, Piet Sluis, nach maireann, a mhaisigh. Sular fhág sé an tír seo thug Francisco ainm eile ar Ghabriel, Xolotl, leathchúpla Quetzalcoatl. Chum Gabriel dán fada ar an toirt, dán mistéireach a bhfuil an teideal sin air, Xolotl, agus shac isteach i dtarraiceán ar feadh na mblianta fada é. Níor theastaigh uaidh féachaint air ná é a léamh ná é a thuiscint. Bhain cumhacht éigin osnádúrtha leis. Sa deireadh, d’fhéach sé arís air, scriobláil aisteach ar bhlúirí páipéir, codanna de doléite. D’éirigh leis é a chur le chéile agus chuir i gcló é sa leabhar Rogha Dánta. Chuir Derek Ball ceol leis agus is féidir an leagan leictreonach de a chlos anseo ar MP3. 

Bearnas Dochula

Íomhá Ron Rosenstock
Bearnas Dochula -
    do gach neach mothaitheach
        an chamhaoir
Dochula Pass -
    morning breaks
        for all sentient beings

2012-12-27

Eas Ghleann an Chairthe

where
    light begins -
        Glencar Waterfall
tús
    an tsolais -
        Eas Ghleann an Chairthe

Ceo/Mist

Íomhá Ron Rosenstock
faic as an ngnáth -
    ceo ag éirí
        i nGleann Phobjikha
nothing unusual -
    mist rising
        in Phobjikha Valley

2012-12-26

Bambú: Yosa Buson (1716-83) Máistir Haiku

Haiku leis an máistir mór Buson é seo. Gabriel a d'aistrigh agus máistir haiga, Ion Codrescu ón Rómáin, a mhaisigh.
Cérbh é Buson? Léigh leat!

2012-12-23

Duilleoga Tite

Dán leis an Seapánach Mariko Sumikura ar chuireas Gaeilge leis agus ar chuir Derek Ball ceol leis.
Is cumadóir as an ngnáth é an Conallach Derek Ball, iar-shíciatraí atá ag cur faoi i nGlaschú. Uaireanta cloisim cuid dá chuid sean-chliant sa cheol aige, uaireanta eile cloisim faoileáin bhuile.
Íomhá Uryah
Duilleoga Tite

An bhféadfadh sé a bheith ceart
Go satlófaí
Ar dhuilleoga glioscarnacha
Mar iad
Is go ndéanfaí dusta díobh?


Mura n-oibríonn an seinnteoir duit, tá teacht ar an ceol anseo.

Matsuo Basho: Dúisithe

Íomhá Scott Robinson

awakened
    ice bursts
        the water jar
dúisithe ag oighear
    an próca uisce
        scoilte aige
As: Haiku Elightenment

2012-12-22

Guthanna Beannaithe: dhá ríomhleabhar saor in aisce

Tá Gabriel den tuairim le fada an lá gur cheart go mbeadh níos mó de litríocht an domhain ar fáil inár dteanga féin. Chomh maith leis sin, is dóigh leis gur cheart go mbeadh go leor den ábhar sin ar fáil saor in aisce!
Na focail seo thíos le Crowfoot (mar a thugtar air sa Bhéarla), cuir i gcás. Ba cheart go mbeadh teacht againn go léir ar a leithéid:

Fís Dheireanach
Splanc lampróige san oíche í an bheatha
Anáil an bhuabhaill sa gheimhreadh
Scáth beag a ritheann tríd an bhféar
Is é ag dul ar neamhní le fuineadh gréine

Tá dhá PDF leis seo, Guthanna Beannaithe an Domhain, le híoslódáil saor in aisce. Cuirfear ábhar eile ar fáil amach anseo.

 

Paro Taktsang

Íomhá Ron Rosenstock.
Paro Taktsang -
    titeann bláthanna as na flaithis
        imíonn as radharc
Paro Taktsang -
    flowers fall from the heavens
        and disappear

2012-12-20

As: The Last Sasquatch: Tostanna Gorma

(c) Gary Halvorson, Oregon State Archives

Tostanna Gorma

Néalta ag gluaiseacht na huiscí gorma glé anonn
á tharraingt i gcéin
amach as an saol
amach as féin
i gcéin
isteach sna tostanna gorma
tostanna a shíneann thar thostanna níos goirme fós
go dtí an pointe briste

lasair ghorm a anama ag rince san uisce
sa spéir
Blue Silences

Clouds moving across clear blue waters
drawing him away
out of this world
out of himself
away
into blue silences
silences stretching over silences bluer still
stretching to breaking point

his spirit's blue flame dancing in the waters
in the sky

2012-12-19

A dhia an róid

Journeying god,
pitch your tent with mine
so that I may not become deterred
by hardship, strangeness, doubt.
Show me the movement I must make
toward a wealth not dependent on possessions,
toward a wisdom not based on books,
toward a strength not bolstered by might,
toward a god not confined to heaven.
Help me to find myself as I walk in other's shoes.
A dhia an róid,
suigh do phuball taobh lem cheannsa,
chun nach gcoiscfidh
cruatan, coimhthíos ná amhras mé.
Léirigh dom an tslí chun an tsaibhris sin
nach bhfuil ag brath ar mhaoin,
i dtreo na gaoise sin nach bhfuil bunaithe ar leabhair,
i dtreo an nirt sin nach cumhacht is bun leis,
i dtreo dé, dia nach bhfuil coinnithe ar neamh.
Cabhraigh liom teacht orm féin i mbróga daoine eile.
(Paidir-dhán as Gána)

2012-12-18

A Hafiz, cad is gáire ann?


Éalaíonn gáire uainn anois is arís. Cad is gáire ann? Duine ab ea Hafiz a chuir an cheist sin air féin agus is maith liom an freagra a tháinig uaidh. Misteach Peirseach ón 14ú haois ab ea Hafiz, mórfhile.

Cad is gáire ann? Cad is gáire ann?
Dia ina dhúiseacht is ea é! Ó, sé Dia ina dhúiseacht é!
Sé an ghrian é is a chloigeann ceansa á bhogadh amach aige
as scamall
a bhí á iompar rófhada agat,
is a cheil do shúile is do chroí.

Is Solas é a bhriseann an talamh le haghaidh an Ollstruchtúir sin
is d'Fhíor-Cholainnse ann - agus an Fhírinne a thugtar air.

Sé an Sonas é a thugann bualadh bos dó féin agus a imíonn ansin ar eite
chun barróg a bhreith ar gach neach is ar gach aon ní ar domhan.

An réalta thuaidh is ea an gáire
is é ina ghlac ag ár Leannán
agus is é a deir Sé de shíor:

"Sea, a stóiríní, tagaigí liom sa tslí,
tagaigí chugamsa agus gráigí!

Tagaigí chugam is bhur mbéal tláith ag bogadh
agus bhur dteangacha áille a chanann amhráin
is bhur gcuid gluaiseachtaí - gluaiseachtaí draíochta
na gcos is na lámh, na bhfaireog is na gceall - is iad ag damhsa!!

Tuigigí i súile Dé,
gur teanga éachtach is ea an uile Ghluaiseacht,
agus gach píosa ceoil - Ceol binn fiáin!!"

A Hafiz, cad is gáire ann?
Cén rud é seo an grá, an gáire sárluachmhar seo
atá ag borradh inár gcroí?

Fuaim ghlórmhar an anama é
is é ina dhúiseacht!
~ Hafiz ~

2012-12-17

Malartú smaointe

M. Augustin and G. Kunert exchanging ideas 
M.Augustin is G. Kunert ag malartú smaointe
Saothar leis an mbeirt aistrithe ag Gabriel:
Der Alte Mann The Old Man An Seanóir
Günter Kunert Hans Christian Oeser
Gabriel Rosenstock
Coiscéim 2007

Michael Augustin
Ad Infinitum
Aistritheoirí
Gabriel Rosenstock agus
Hans-Christian Oeser
Coiscéim 2001

2012-12-15

The Last Sasquatch: An Dorchadas Deiridh

An chéad leabhar filíochta eile ó Ghabriel, leabhar dátheangach a bheidh ann, i nGaeilge agus i mBéarla agus an teideal atá air ná The Last Sasquatch. Uair éigin sa bhliain 2013 a shiúlfaidh an sasquatch deireanach inár measc.
The Final Darkness

for a long time
the sasquatch stares
at the dying sun
then hurries back to the woods
all night he wonders
is this it
the final darkness
An Dorchadas Deiridh

ar feadh tamaill fhada
stánann an sasquatch
ar an ngrian ag éag
is brostaíonn ansin ar ais chun na coille
is é ag déanamh iontais ar feadh na hoíche
an é seo é
an dorchadas deiridh

Táimse go hIomlán Difriúil


Táimse go hiomlán difriúil
bíodh is go bhfuil an carbhat céanna orm is a bhí inné
agus mé chomh beo bocht is a bhíos inné,
agus mé chomh beagmhaitheasach is a bhíos inné,
inniu
táimse go hiomlán difriúil.
Bíodh is go bhfuil na balcaisí céanna orm is a bhí orm inné
is mé ar mo chaid i gcónaí,
mé chomh hamscaí is a bhíos inné, mar sin féin
inniu
táimse go hiomlán difriúil.

Á ...
dúnaimse mo shúile go foighneach
ar an uile straois is streill
ar an meangadh cam agus ar an ngáire gáifeach -
is feicim ansin istigh ionam féin
féileacán gleoite amháin
is é ag eitilt i dtreo an lá amárach


    
    ~ Kuroda Saburo ~
    

2012-12-14

‘Fhir an Bhodhráin, hé!

CURFÁ:

’Fhir an bhodhráin, hé, can amhrán deas dúinn,
Mar níl néal orm is níl fonn orm a bheith ag triall.
’Fhir an bhodhráin, hé, can amhrán deas dúinn
Agus leanfad tríd an maidin thú go deireadh slí
.

Is tá impireacht na nóna ina gaineamh cheana féin
I bhfad i bhfad i gcéin
I mo staic anseo ach fós ní thagann néal,
Táim traochta agus alltacht orm, mo chos go daingean fúm
Ní thagann éinne chugam
Is tá an tsráid rólom ró-ársa lena samhlú

CURFÁ

Is tóg ar imram mé ar do long atá ar strae
Táim bodhar is táim dall, níl mothú i mo lámh,
Mo mhéara táid leathmharbh, is tá ana fhonn imeachta
Ar mo bhróga.
Soir is siar is cuma liom, táim ullamh le dul as
Im pharáidse féin go pras, seol áthas chugam go fras
Is geallaim bheith i bpáirt leis

CURFÁ

Cé go gcloisfeá sceitimíní agus gaetha geala ón ngrian
Ná ceap go bhfuilim dian, ag éalú atáim ón bpian
Seachas spéir níl fál ar bith ar Éirinn.
Is má chloiseann tu burdúinín nó dáinín nó haiku
Fear grinn ’tá ann arú, is níl uaidh gan dabht ach scriú
Dá bhodhrán an dtuigeann tú, b’fhéidir nach bhfuil ann ach
Saoi nó ‘b’fhéidir éigsín

CURFÁ

Beir leat mé ag rámhaillí trí aigne an cheo
Go dtí na laethanta fadó, na duilleoga is iad ag reo,
Na crainn is iad ag feo, amach go Dún an Óir,
An brón ag dul thar fóir, ag dul le báiní.
Uch! Rincimis faoin spéir gheal ghorm, leathlámh ag sméideadh léi
Na tonnta móra glé, is an gaineamh lán de ghreann
Is gach cuimhne is gach dán ’mithe síos go tóin poill
Fág slán le gach aon lá go dtí amárach.

CURFÁ

Mr Tambourine Man le Bob Dylan
Ceann eile ó Fhéile IMRAM 2009

2012-12-13

Ag Cnagadh ar Dhoras Neimhe

'Mhama, bain an comhartha díom,
'Mhama níl sé ag teastáil,
Ag éirí dorcha atá an oích'
Is ag cnagadh ar dhoras Neimhe atáim.

Ag cnagadh ar dhoras Neimhe atáim
Ag cnagadh ar dhoras Neimhe atáim
Ag cnagadh ar dhoras Neimhe atáim
Ag cnagadh ar dhoras Neimhe atáim.

'Mhama cuir na gunnaí sa chré
'Mhama níl siad ag teastáil,
Seo chugainn na néaltaí dú’ ón spéir
Is ag cnagadh ar dhoras Neimhe atáim.

Ag cnagadh ar dhoras Neimhe atáim
Ag cnagadh ar dhoras Neimhe atáim
Ag cnagadh ar dhoras Neimhe atáim
Ag cnagadh ar dhoras Neimhe atáim

Knocking on Heaven's Door le Bob Dylan, aistrithe d'fhéile IMRAM i 2009.

Haiku le Allen Ginsberg, aistrithe

Allen Ginsberg le Michiel Hendrykx (via Wikipedia)
Aistríodh na haikú seo do iris a bhí ag comóradh saothar Allen Ginsberg Howl.
“Talk stand shit
    eat sleep –”
        flies walking on my nose
“Labhair seas cac
    ith codail – ”
        cuileoga ag siúl ar mo shrón
“You’re not going to get your money back”
    Everybody laughing –
        “Any questions?”
“Ní bhfaighidh sibh bhur gcuid airgid ar ais”
    Gach éinne ag gáirí –
        “Ceist ar bith?”
“What do we mean by Craziness?”
    Dogs bark to each other
        across the meadow at night
“Cad is brí le Gealtachas?”
    Gadhair ag tafann ar a chéile
        thar an móinéar istoíche
Not a word! Not a word!
    Flies do all my talking for me –
        and the wind says something else
Oiread is focal! Deineann cuileoga
    an chaint thar mo cheann –
        rud eile le rá ag an ngaoth
Buddha died and
   left behind a
        big emptiness
cailleadh an Búda
    is d’fhág ina dhiaidh
        folús fairsing
did you ever see yourself
   a breathing skull
        looking out the eyes?
An bhfacaís riamh thú féin
    id bhlaosc análaithe
        ag stánadh amach trí na súile?
Looking over my shoulder
    my behind was covered
        with cherry blossoms
ag féachaint thar mo ghualainn dom
    bhí mo thóin clúdaithe
        le bláthanna silíní
I didn’t know the names
   of the flowers – now
        my garden is gone
Ní raibh ainmneacha na mbláthanna
    ar eolas agam – ní hann níos mó
        dom ghairdínse
A hardon in New York,
   a boy
        in San Francisco
Adharc orm i Nua-Eabhrac,
    buachaill
        i San Francisco
Another year
   has past – the world
        is no different
Bliain eile imithe
    tá an domhan
        mar an gcéanna

2012-12-12

Lasair sa Doircheacht

Spreag coimisiún fiosrúcháin i dtaobh mí-úsáid leanaí (Tuarascáil Uí Riain) cuid de na dánta dorcha seo:
Stánann fuinneoga
Phálás an Easpaig
Ar phobal an bhaile

Súile gan fabhraí
Ag lorg lochta
Ag lorg laigeachta
                 (Fuinneoga an Pháláis)

Friotal lom atá sa dán sin agus oireann an loime dúinn nuair is mian linn lomchlár na fírinne a insint. Ba dheacair dán Gaeilge mar é a shamhlú nuair a bhí an Direánach agus an Ríordánach i mbarr a réime, abair, agus páláis na n-easpag as pabhar láidir.
Is i bhfoirm litreach atá an dán Litir:
        
 Assumpta, a Chara,
        Tá an scoil sroichte agam agus mo chuid oibre
        Tosaithe leis na páistí tréigthe seo, gan i ndán dóibh
        Ach fulaingt as peacaí náireacha a máithreacha….

De réir mar a léann tú leat is is ea is mó a dhónn dúlasracha na ndánta seo thú. Is mar seo a chríochnaíonn an dán Litir:

Go dtuga Dia lámha láidre dom.
                                       Beannachtaí Dé ort.

Tá íoróin uafásach ansin sa mhéid is gur shíl an dream a raibh ‘an lámh láidir’ acu gur obair Dé a bhí ar siúl acu, díreach faoi mar a shíl na huaisle Normannacha – sliocht na Lochlannach – gur obair Dé a bhí sna Crosáidí. Tarraing Dia isteach sa scéal agus tá cead agat do rogha rud a dhéanamh. Díoltas Dé, gan amhras, is ea crapadh na hEaglaise. Beidh seans níos fearr ag an Eaglais anois a bheith dílis don Seanmóir ar an Sliabh agus an chumhacht a bhí aici tráth laghdaithe go mór. Sa chumhacht a bhí síol an pheaca. 
    Meabhraíonn cuid de na dánta seo Deora Nár Caoineadh/Unshed Tears dom, leabhar le Áine Ní Ghlinn (1996), comhfhiontar dátheangach idir Dedalus Press agus Coiscéim. (Is trua nár leanadh den fhoilsiú dátheangach sin dar liomsa). Bíonn fonn ar chuid againn dánta den saghas sin a chaitheamh uainn mar gur gráin linn an salachar ar fad is bunábhar leo agus b’in an fonn a bhí orm féin nuair a léas leabhar Áine ag an am. An mbraithfinn an rud céanna le Dúlasair, arsa mise liom féin.
    Sea, bhraithfeá an déistin chéanna anseo ach tuigtear dom anois gur gá dánta dorcha mar seo a léamh ó am go ham chun an pictiúr iomlán a fháil, an pictiúr neamh-idéalaithe sin a nochtann an bhrúid atá ionainn go léir laistiar den mheangadh gáire ainglí.  Leabhair ar nós Deora Nár Caoineadh agus Dúlasair meabhraíonn siad dúinn go bhfuilimid go léir ciontach! Níl tusa ciontach, a deir tú? Níor thug tú drochíde riamh do pháiste? Ach an raibh a fhios agat a leithéid a bheith ar siúl? Agus má bhí, ar oscail tú do bhéal? Munar oscail, tá tú ciontach. Táimse ciontach. Táimid go léir ciontach.
    Bás, bascadh agus briseadh de shaghas eile atá sa dán Seanchló, dáinín gairid a thaitníonn go mór liom:
Luíonn brat deannaigh
Ar dhromchla an chlóscríobháin,
Méarchlár meirgeach
Sa seanchló gaelach
Le heochracha marbha
Don séimhiú, don síneadh fada –
Cnagadh ciúnaithe.

Is é seo an dara leabhar filíochta ó Dhoireann. Guím rath ar a saothar.

Dúlasair
Doireann Ní Ghríofa
(Coiscéim €8.00)

2012-12-08

Bláthanna Haikú

As cnuasach nár foilsíodh go dtí seo:
na lachain
  síneann siad a muineál
    ag súil go bhfeicfidís an domhan
Kōji
titeann caiméilia
  is doirtear
    báisteach an lae inné
Buson
ar a ghogaide
  staidéar á dhéanamh aige ar néalta –
    frog
Chiyo-jo
Oíche gheimhridh …
  níl le clos
    ach buataisí ag díoscán
Mate Ante Ivandić
Lá Fhéile Bríde
  sneachta ag titim
    ó ghéag go géag
Virginia Brady Young
piorra á ghearradh
  braonta milse
    ag sileadh ón scian
Shiki

2012-12-04

Fóta Haiga: Teaghlach Lilí

Íomhá Ron Rosenstock

maidin ghlas -
lilí ina chéile
go tláith
chilly morning -
lilies gently
in each other

2012-12-03

Fotá Haiga: Ceo Maidine, Punakha, Bhutan

Íomhá Ron Rosenstock
osna na hoíche
is í ag géilleadh
do cheo na maidine
with a sigh
night gives way
to morning mist

2012-12-02

Fóta Haiga: Neacha Eile

Íomhá Ron Rosenstock

fál claí
    tagaid anseo chun damhsa a dhéanamh -
        Neacha Eile
rock enclosure
    they come here to dance -
        the Other Ones

Fóta Haiga: Prág

Íomhá: Ron Rosenstock

Reilig i bPrág
monabhar na gcrann
i nGiúdais
a cemetry in Prague
trees mumbling
in Yiddish

2012-12-01

Bás teanga... death of a language

Íomhá Ron Rosenstock
an ghaoth
ina tost -
cailleadh teanga anseo
the wind
hushed -
a language died here

2012-11-30

Cá bhfuil an Searcach?

Tá sé amuigh! The Oxford Handbook of Modern Irish Poetry. £90. 25 (Sterling) a chosnóidh sé ort. Agus níl Cathal Ó Searcaigh ann. Is féidir scrolláil síos sa nasc atá leis seo agus feicfidh tú nach bhfuil aon rian de ann! Pé rud a tharla dhó. Fuadach ab ea? Bhuel, nár fuadaíodh a mháthair fadó? Is leagan giorraithe an méid seo a leanas den aiste a scríobh Gabriel faoin bhfuadach sin:

Níl a fhios agam cén Ghaeilge atá ar ‘alien abduction’. Fuadach eachtardhomhandach, ab ea? N’fheadar an dtarlaíonn a leithéid in aon chor nó an samhlaíocht ar fad é? Go maithe Dia dhom é ach nár bhreá leat dá bhfuadódh na heachtardhomhandaigh cuid de dhomhandaigh Dháil Éireann agus an tSeanaid. B’fhéidir go bhfoghlaimeodh an dream seo againne cleas nó dhó ó na spásairí chun sinn a tharraingt as an abar ina bhfuilimid. Déarfadh síciatraithe gur dócha gur scitsifréine nó hipearmáine nó galar intinne éigin a bhí ar mháthair Chathail Uí Shearcaigh, bean a chaith a lán ama i measc na sióg, más fíor di féin. Rith sé liomsa gur fuadach eachtardhomhandach a tharla di. An cuntas a fhaighimid ar mháthair an fhile an chuid is corraithí dá chuimhní cinn, Light on Distant Hills, a d’fhoilsigh Simon & Schuster sa bhliain 2009. Is trua nach i nGaeilge a scríobhadh é. Níl an Béarla rómhaith ag déileáil leis an saol eile.
      
Deir an t-údar, ‘My mother was an inveterate traveller in the otherworld; a regular visitor to unearthly parts.’ Tá go leor sa mhéid sin. Nílimid lánchinnte an taistealaí in aghaidh a tola ab ea í nó nach ea. An léir dúinn ón abairt thuas cad é an saol eile seo go díreach agus conas dul isteach is amach ann? Cuairteoir rialta ab ea í. Cuairteoir. Faoi mar ba rud nádúrtha é. Bothántaíocht. Airneán.
   
    Agus cad is brí le ‘unearthly’? Neamhshaolta? Eachtardhomhandach? Dhein an Searcach an-iarracht go deo chun tuiscint a fháil ar ghalar a mháthar. Ach cá bhfios nach galar ach bua é a bheith in ann cuairt a thabhairt ar chríochaibh neamhshaolta. Agus ar aon chuma, nach bhfuil litríocht agus béaloideas na tíre seo ag cur thar maoil le tagairtí don saol eile? Tá ar ndóigh.

    Bhí ainmneacha ag máthair an tSearcaigh ar an slua sí. Ní haon dream amháin iad na daoine maithe ( más 'maith' atá siad). Tá scata acu ann, mar a bheadh treibheanna ann. Slua díobh b’as Caor an Airgid iad. Rud nach bhfuil soiléir in aon chor ón leabhar ná an méid seo: an raibh an t-ainm sin, agus ainmneacha eile nach iad, i mbéal na ndaoine nó an i mbéal mháthair Chathail amháin a bhí siad? Más i mbéal a mháthar amháin a bhíodar, cá bhfuair sise iad mar ainmneacha? Ar chum sí an t-ainm Caor an Airgid? Gar do Shliabh Sneachta atá Caor an Airgid ach níl sé ar aon mhapa. Ar mhapa aigne mháthair an fhile a bhí sé agus is soiléir a bhí sé ann.

     Tá leabhar filíochta ag an Athair Micheál de Liostún dar teideal Screadfaidh na Clocha Amach. Thuig máthair Chathail caint na gcloch. Dúirt sí leis uair amháin go raibh cloch tar éis a rá léi go raibh gála chucu ó Ghleann Tornáin. Agus b’fhíor don chloch. Ba ghearr go raibh sé ina ghála. Cuimhnigh ar éifeacht na tairngreachta sin ar gharsún óg.

      Bhí sáreolas ag máthair Chathail ar an Eall, abhainn, ar Agall, áit chnocánach, Donn an Domhain, áit sceirdiúil neamhthorthúil, Pulc, cathair an óir, Ball na mBuacán, cathair thoirmiscthe. Istoíche a raghfá go dtí na háiteanna sin. Ní fhéadfá dul ann faoi sholas an lae. Na háiteanna sin go léir, tíreolas agus logainmneacha na n-áiteanna dofheicthe sin, tá draíocht mhillteanach ag baint leo: Tulc, Ruacan, Fán, Daol, Ston, Idir Eatarthu (an ceann is deise liom), Dearg na gCorr agus Scan.

            Bhíodh an slua sí ag glaoch uirthi. Dúirt sí lena maicín óg uair amháin go raibh baibín as Co. na Gaillimhe fuadaithe ag lucht Chaor an Airgid agus go rabhadar ag glaoch uirthi mar go raibh banaltra chíche uathu. Nuair a cheistíodh Cathal í faoi na háiteanna sin is é a deireadh sí ná gur ar imeall neamhní a bhíodar.

            Bhí cónaí ar neacha fadghéagacha i nDearg na gCorr, tuairim is seacht n-oíche siar uathu. Ní i slata ná i mílte a deineadh an t-aistear a thomhas ach ina oícheanta. Bhíodh saghas ióga ar siúl ag na neacha sin chun an domhan glioscarnach ina mhaireadar a chaomhnú agus a íonghlanadh. Ba nós leo seasamh ar chos amháin ar feadh trí lá in abhainn gheal, leathshúil leo druidte agus iad ag cantaireacht. Bhí púdar draíochta acu a dheineadar as beacáin agus caora dearga, púdar a d’iompraítí i bpúitse ar a dtugtar bolg an tsolais agus bhí gá acu le duine daonna chun an bunábhar a bhailiú. Agnes, máthair Chathail, an duine sin. Bhí uirthi na muisiriúin agus na caora a mheilt ansin le tuairgnín airgid. Mheascadh saoi ansin ina phúdar é thuas in Inis Ór na gCorr, oileán spéire. Is bhí na neacha sin ar a sáimhín suilt agus caor na mbeacán, mar a thug Agnes ar an gcógas, á ghlacadh acu gach lá. 

    Dhein na neacha osnádúrtha sin Agnes a ghlanadh sula ligfí isteach i ríocht an tsolais í. Bhíodh sí cuachta faoi scragall geal de shaghas éigin agus chuirtí isteach i ngléas gaile ansin í lena sciomradh agus nuair a thagadh sí amach bhíodh sí chomh geal le scilling nua. Ní go dtí sin a a ligtí di dul ag piocadh na gcaor is na mbeacán.
    Agus conas a bhain sí na háiteanna sin amach? Fuair sí síob, a dúirt sí, ó dhath. An dath gorm. Is fearr ná ficsean a bheadh bunaithe ar fhuadach eachtardhomhandach an cuntas éachtach a thugann Cathal dúinn ar aistir dhiamhra a mháthar. Ach an ficsean é? Nó an bhfuil fírinne ann, fírinne atá ceilte ar dhaoine normálta? Léigh an leabhar. Nílimse chun a thuilleadh a rá.


Agus sin deireadh le m'aistese ach ní hé críoch an scéil seo é. An cheist arís - ar eagla gur chuamar amú beagán: conas nach bhfuil Cathal san Oxford Handbook of Modern Irish Poetry? Ar fuadaíodh é? An bhfuil sé scuabtha chun siúil ag neacha mínádúrtha a bhfuil a gceanncheathrú acu in Áth na nDamh? Níl aon mhíniú eile ar an scéal.

Fotá Haiga: Scamaill ós cionn cráitéir Ubehebe, Gleann an Bháis, California

Íomhá Ron Rosenstock
cráitéar
néal
meallta ag a chéile
crater
cloud
drawn to one another

2012-11-29

Amanathar

Lá samhailteach in oifig nuachtáin Ghaeilge téama an dráma Amanathar, príomhshaothar an chnuasaigh seo. Sa chnuasach seo chomh maith tá drámaí ón nGearmáinis le Richard Eichelback agus le Heinrich Böll agus drámaí suimiúla eile.

Rinne Gabriel leagan raidió den dráma Amanathar, faoin teideal Sruth Ama. Craoladh ar Raidió na Life agus tá sé ar fáil mar phodchraoladh anseo.

Amanathar
Gabriel Rosenstock
ISBN 1 900693 65 8

2012-11-28

Rilke: Panhala: I bhfáinní atá ag leathnú amach a mhairim


I bhfáinní atá ag leathnú amach a mhairim
ag leathnú ar fud na cruinne.
D'fhéadfadh nach gcríochnóinnse an ciorcal áirithe seo
ach tugaimse mé féin dó.

Timpeall ar Dhia i bhfáinne mé, an túr príomhordúil,
is mar sin a bhíos riamh anall
agus n'fheadarsa fós: an fabhcún mé,
anfa nó móramhrán
Ich lebe mein Leben in wachsenden Ringen,
die sich über die Dinge ziehn.
Ich werde den letzten vielleicht nicht vollbringen,
aber versuchen will ich ihn.

Ich kreise um Gott, um den uralten Turm,
und ich kreise jahrtausendelang;
und ich weiß noch nicht: bin ich ein Falke, ein Sturm
oder ein großer Gesang.
I live my life in widening circles
that reach out across the world.
I may not complete this last one
but I give myself to it.

I circle around God, around the primordial tower.
I've been circling for thousands of years
and I still don't know: am I a falcon,
a storm, or a great song?
Leagan Gaeilge: Gabriel Rosenstock
Bunleagan: Rainer Maria Rilke, 20.9.1899, Berlin-Schmargendorf
Rilke’s Book of Hours:Love Poems to God, translated by Anita Barrows and Joanna Macy

Panhala: Seoladh le Cór Gaoithe

SEOLADH LE CÓIR GHAOITHE

Lá agus an ghaoth
mar ba mhian leat í bheith
ní gá don seol ach borradh is líontar an domhan le háilleacht.
Lá mar sin is ea an lá
inniu.
Tá mo shúile ar nós na gréine agus an gheallúint seo uaithi:
geallúint na beatha
a chomhlíontar
i gcónaí

gach aon mhaidin.

Bronnann an croí beo is an sféar lonrach úd an méid seo orainn:
muirníonn siad araon an domhan
go tláith.

Leoithne í seo a ionsaíonn an t-anam.
An grá seo is eol dom féin im chroí istigh: buaileann sé druma. Géaga ag luascadh im thimpeall:
cé a d'fhanfadh ann féin os comhair m'áilleachta?

Nach éachtach í an tsíocháin!
ach is mó an spraoi a bhaineann le damhsa na heacstaise is gan aon scáthán ann:
fonn comhluadair ar ár mbeola.

Lá agus an ghaoth
mar ba mhian leat í bheith
ní gá don seol ach borradh
is cuirtear tús leis an ngrá.

Lá mar sin is ea an lá
inniu
ON A DAY WHEN THE WIND IS PERFECT

On a day
when the wind is perfect,
the sail just needs to open and the world is full of beauty.
Today is such a
day.

My eyes are like the sun that makes promises;
the promise of life
that it always
keeps

each morning.

The living heart gives to us as does that luminous sphere,
both caress the earth with great
tenderness.

This is a breeze that can enter the soul.
This love I know plays a drum. Arms move around me;
who can contain their self before my beauty?

Peace is wonderful,
but ecstatic dance is more fun, and less narcissistic;
gregarious He makes our lips.

On a day when the wind is perfect,
the sail just needs to open
and the love starts.

Today is such
a day.
~ Rumi ~


(Leagan Béarla: Love Poems From God: Twelve Sacred Voices from the East and West by Daniel Ladinsky)

2012-11-27

Krishnamurphy

Tá trí leabhar filíochta scríofa ag Gabriel ina bhfuil Krishnamurphy mar chuid den teideal, Eachtraí Krishnamurphy, Krishnamurphy Ambaist! agus Tuairiscíonn Krishnamurphy ó Bhagdad. Coiscéim a d'fhoilsigh. Tá leabhar Béarla, leis, aige dar teideal The Pleasantries of Krishnamurphy a foilsíodh thall i sean-Sasana. Persona dá chuid is ea Krishnamurphy a ligeann dó rudaí a rá nach ndéarfadh sé féin, a deir sé, sa ghnáthshlí. Imeartas focail ar Krishnamurti is ea an t-ainm Krishnamurphy, ar ndóigh. Bhí beirt mhaistrí den ainm sin ann, Jiddu Krishnamurti agus UG Krishnamurti. D'fhógair UG Krishnamurti nach raibh aon chóipcheart ar aon rud a scríobh sé. "B'ait an mac é, " arsa Gabriel. "D'fhoghlaimíos a lán uaidh. Deir daoine go raibh sé glan as a mheabhair ach mhaígh sé féin nach raibh aon mheabhair aige."

2012-11-26

Deep Shadows, Zabriskie Point, Death Valley, CA, USA

Íomhá Ron Rosenstock

Gleann an Bháis -
ag cur thar maoil
le seachmaill!
Death Valley -
teeming
with illusions!

2012-11-25

Hemant Divate: Foláireamh Víris

 File avant-garde a rugadh sa bhliain 1967 é Hemant Divate. Cáil air mar eagarthóir, mar fhoilsitheoir agus mar aistritheoir. Aistríodh a chuid dánta go Fraincis, Spáinnis, Urdúis, Gúisearáitis, Beangáilis, Hiondúis, Tamailis, Teileagúis, Cannadais, Mailéalaimis agus Gearmáinis. Tá sé ag cur faoi in Mumbai. In agallamh leis sa Mumbai Mirror, thug Hemant le fios go raibh an domhandú  trí mheán an Bhéarla ag cur isteach ar fhilíocht na Maraitise agus go bhfuil an téama sin go tréan ag tríocha éigin dá chomhfhilí Maraitise. 
Deir sé go bhfuil ‘clónáil’ ar siúl, fiú i measc na bhfilí, agus an indibhidiúlacht i mbaol dá dheasca sin. An bhfuil ‘clónáil’ i ndán don fhilíocht Ghaeilge chomh maith? An bhfuil rian na clónála uirthi cheana féin? A léitheoir dhil, tá ceisteanna á n-ardú anseo agam. Níl a fhios agam an bhfuil na freagraí ag éinne. Is tábhachtaí ceisteanna ná freagraí, ar shlí.
Ceist eile mar sin. An bhfuil éifeacht ar bith ar an bhfilíocht a aistrítear – ó Mharaitis go Béarla agus ó Bhéarla go Gaeilge sa chás seo – ar na teangacha sin faoi seach? An cuid d’fhilíocht an Bhéarla nó fiú den fhilíocht Angla-Indiach anois é Divate de thairbhe na leaganacha Béarla de na bundánta Maraitise a dhein an file nótáilte Dilip Chitre? An cuid d’fhilíocht na Gaeilge anois é chomh maith? Tá daoine ann a ligfeadh isteach é, mé féin ina measc, agus daoine eile a déarfadh, ‘Fan amach uainn, níl tú uainn, ní bhaineann tú linn, níl na dintiúir agat agus ní bheidh go brách!’
Cad a bhí ar aigne ag Goethe nuair a thagair sé do Weltliteratur? Litríocht dhomhanda, litríocht an domhain, an litríocht sin a tharchéimníonn ach nach séanann a fréamhacha dúchais, d’fhéadfá a rá. Thagair Hemant don ‘chlónáil’, focal níos scanrúla ná ‘caighdeánú’, an focal a d’úsáid Auerbach in aiste leis ar Weltliteratur (The Centennial Review, Vol. XIII, No. 1, Winter 1969). Ach is é an rud céanna é sa deireadh, clónáil, caighdeánú. Cén chosaint atá ina n-aghaidh? Faobhar a chur ar do theanga? Sea, ach sa troid in aghaidh na clónála is í dínit an duine féin atá á cosaint againn agus is í an dínit chéanna atá fite fuaite lenár ndúchas an tsaighead is géire sa bholgán saighead againn chomh maith.
Réamhrá as an leabhar a fhoilseofar i 2013.

Agus Scaoilfear Saor Ar Bhlúire Páipéir Mé

Cé atá ag scríobh dáin
Agus poill ann
Nach féidir a líonadh
Fiú má phacáiltear le focail iad
(Poill –
An ciúnas san inchinn, fiú, tá siad ann)


Tá an teilifís ar siúl
Is an páiste ag damhsa os a comhair
Tóin thar ceann, ceann thar tóin
Na cainéil á n-athrú aige
Táim an-mhíshásta leis
An ceart dom léasadh a thabhairt dó, nó –?
D’fhágfadh léasadh fiú
Poll sa chiúnas
Is bheadh poll sa chiúnas leis
Mura dtabharfainn léasadh dó.


Tá mé ar buile
Bhain seangán plaic asam
Tá sé basctha agam
Brúite basctha
Táim ar buile.
An scríobhfaidh mé an dán seo?
Nó an ndéanfaidh mé roinnt sceitsí don ghasúr
A ainm, slacán cruicéid, liathróid, scuab fiacla, Colgate, teilifíseán
Táim ar buile
Tá an teilifis ar siúl
Caithfidh mé smidiríní a dhéanamh den scáileán
Tá an páiste ag béicíl
Táimse ag tafann air
Tá a mhéar á sá i bpoll aige
Níl orm ach veist
Táim ag iarraidh na poill a dhúnadh
Leis an dán, leis na focail seo
Ag púscadh aníos ionam

Tá an teilifís á lasadh is á múchadh ag Dhullu leis an gcianrialtán
Tá sé á rá liomsa na cainéil a athrú ceann i ndiaidh a chéile
Go dtí go dtiocfaidh sé ar an gcainéal is rogha leis
Is gearr go mbeidh fuath aige
Don chainéal sin
Tá dán á scríobh agam
Breacaim síos focal, is focal eile
Tá ceanndánacht an bhuachalla do mo lasadh is do mo mhúchadhsa
Táim ciaptha cráite
Cathain a thiocfaidh an dán amach?
Táim ag baint díoscáin as mo chuid fiacla go corrabhuaiseach
Neomat ar bith anois
Tiocfar ar an bpoll a bhfuilim sa tóir air
Tiocfad asam féin im ghuairneán gaoithe
Agus scaoilfear saor ar bhlúire páipéir mé.

2012-11-24

ClubLeabhar.com - Agallamh le Gabriel Rosenstock - Ólann mo Mhiúil as an nGainséis


B'é  Ólann mo Mhiúil as an nGainséis leabhar Mí Meithimh 2012 ag ClubLeabhar.com



Gabriel Rosenstock
Ólann mo Mhiúil as an nGainséis
ISBN 1 902420 78 0
Foilsitheoir: Cló Iar-Chonnachta

Sráideanna na cathrach seo againne

Bhíos i gCaisleán Smolenice, Smolenický zámok, sa tSlóvaic i mbliana (5-12 Iúil) agus scata filí im theannta. Ag aistriú a chéile a bhíomar agus is é LAF (Literature Across Frontiers) a d’eagraigh an Cheardlann. Seo ceann de na dánta a d'aistrigh mé: beidh breis ar fáil anseo diaidh ar ndiaidh.


Sráideanna na cathrach seo againne

Dronnach ar nós na gcamall,
guagach ar nós na mban,
                 in aimhréidh mar ghruaig sa ghaoth,
                    ársa mar chreidimh an domhain,
                seansiúlta mar pháláis
                    agus a gcuid clós á ní
                    i lár mhí Iúil
                ag scata Sathrasáid is iad crón glórach
                    gona sála heine-dhearga;
                sráideanna a n-éiríonn leo
                    ceithre ráithe na bliana a léiriú
                ar nós féilire leathanach scaoilte.
                Anseo, ar feadh an chosáin,
                tá Feabhra ag scuabadh léi ó thuaidh –
                cosúil le gluaisteán buile allúrach,
ach díreach timpeall an chúinne
tá crann cainchí faoi bhláth;
athraíonn sráideanna go tobann ag crosbhóithre
ón Eoraip go dtí an Áise, ón Áise go dtí an Eoraip.
    (Seo anois asal a d’éalaigh
    ó charbhánlann ársa, uisce aige á ól
    as lochán ón tríú mílaois).

I ndiaidh polaiteoirí a ainmníodh
an chéad leath de na sráideanna seo,
i ndiaidh filí an dara leath –
ní thig le sráideanna ná le páistí
    a n-ainmneacha féin a roghnú.

                Agus táimid ag siúl ar a bhfuaid
                    faoi mar ba mhúsaem amuigh faoin aer é
                agus comharthaí leathcheilte
le feiceáil anseo is ansiúd:
Bhí Cónaí Orm Anseo, Mo Chéad Phóg

                Is de dhuirleoga ar leith iad na sráideanna seo againne
                    is dár gcroíthe iad.

Alta Talib-Zada (ainm cleite Alina Talybova) – An Asarbaiseáin

2012-11-22

Éist leis an bhFile!

Tá taifid de Ghabriel ag léamh a shaothar féin, Rogha Rosenstock, ar fáil saor in aisce ó Chló Iar Chonnacht. Féach anseo:

". . scothshaothar cruthaitheach a chuimsíonn breis agus scór bliain.
                                                                                                    - Anois

Rogha Rosenstock is a sprawling collection of intimate and tortuous vignettes carefully selected by the poet himself . . . he strives to put eyes and tongue into every dumb and inanimate object . . .

                                                                                         - The Irish Times

Tá soiléireacht súiloscailte an ‘See-r’ le feiceáil ar an saothar seo ar fad; é ina dhúiseacht, i dtiúin leis na diamhrachtaí; ina airdeallaí.

These poems display the vision of the ‘see-r’, in tune with the mysteries of the world."

2012-11-19

Léirmheas le Alan Graham ar "Teacht agus Imeacht"

Léirmheas le Alan Graham ar léiriú de chuid Mouth on Fire de dhráma Beckett Come and Go. Is é Gabriel a rinne an t-aistriúchán.
The choice of Come and Go for a Gaelic treatment is an astute and highly successful one (despite its claim, Mouth on Fire’s is not in fact the first production of an Irish version of the play – Beckett gave permission for an Irish Come and Go, translated by Declan Kiberd, which was staged for an inter-varsity drama competition in 1970). The translation here is provided by the distinguished Irish language poet Gabriel Rosenstock who was motivated by the very strong connections he discerns between Beckett’s writing and the Gaelic literary tradition: ‘there’s a sparseness in his writing that reminds me of the beginnings of Irish literature … a texture, terseness and tonality’. Indeed, Rosenstock emphasises the linguistic paucity of Come and Go in his version by eschewing the variety in the women’s responses to the whispered revelations (‘God grant not’, ‘God forbid’, ‘Please God not’); here each woman reacts with ‘Nár lige Dia’ (close to ‘God forbid’).
Foilsíodh an léirmheas in The Beckett Circle, Autumn 2012. Is féidir é a léamh ar líne anseo.

Dánta Cúig Líne le Mariko Sumikura

As Kyoto na Seapáine do Mariko Sumikura. Ball den Japan Poets Club, an Kansai Poets' Association agus Stiúrthóir Japan Universal Poets Association. Príomh-Eagarthóir Poetic Bridge: AMA-HASHI (天橋).  
Foilseacháin: 
Kokoro Kaoru Hito (Bean an Chroí Chumhra), 
Yume Tsumugu Hito (Bean ag Sníomh Taibhreamh),
Hikari Oru Hito (Bean ag Fí Solais,) 
Ai Matou Hito ( Bean a Chaitheann an Grá) 
agus an leabhar as a dtagann na dánta cúig líne seo,
Tsuchi Daku Masurao (Fear a Mhuirníonn an Domhan).

Focal neamhchoitianta is ea masurao. Focal atá caite amach, nach mór. Duine fearúil is brí leis. Mascalach. Is focal é a chuala óna béal féin go minic nuair a bhuaileas léi in Kyoto, cathair a raibh an-tionchar ag a muintir uirthi ón meánaois ar aghaidh. Ní haon mhascalach mná ise, áfach, ach duine fíneáilte idir chorp chleite is sciathán. Saothar léi aistrithe go Béarla, Rómáinis, Eabhrais, Spáinnis, Fraincis agus Gaeilge. Ghlac sí páirt i bhféilte filíochta ar nós Struga na Macadóine. Aistí foilsithe aici ar an bhfealsamh Maria Zambrano. Leabhar filíochta Béarla liom Uttering Her Name (Salmon Poetry, 2009) aistrithe go Seapáinis aici

Duilleoga Tite

An bhféadfadh sé a bheith ceart
Go satlófaí
Ar dhuilleoga glioscarnacha
Mar iad
Is go ndéanfaí dusta díobh?
Drúcht na hOíche

Nach séimh é,
An drúcht a thugann an ceobhrán leis
Feictear sa ghealach chruinn é
Agus neadaíonn sé i measc na nduilleog,
Go dtí go sileann ar pheitil an róis.
Tinte Fá Shuan

Bíonn an luaithreach
Cneasta leis an tine.
An tAm
Tá súil agam
Cneasta leis an ngrá.
Cárta Poist

Imíonn cárta poist
Chuig ceann scríbe ar bith
Bíodh is go n-iompraíonn sé
Grá a bhfuil meáchan mór
Ann.
Dorn

Is geall le dorn í
An fhéachaint sin
Id shúil
Buaileann tú go tréan
Ar an doras
Atá in íochtar mo chroí.
Guth

Bíodh is nach gcuirtear
Adaimh an aeir
Ag imeacht soir siar,
An gcloiseann tú mé
Ag labhairt leat?
Amárach

An bhfuil ré nua
I ndán dúinn go luath
Nó an laethanta leamha a bheidh ag teacht
I ndiaidh a chéile?
Cad a thabharfaidh an lá amárach leis?
Litir Ghrá

“Aithne na teileapaite ar a chéile”
Frásaí á scríobh
Go híogair
Fiú na focail atá mílitrithe agat
Is aoibhinn lem chroí iad.
Saol

Saol lonrach na héigse!
Is mian leo teacht ar an saol
A deir na dánta.
Is mian leo a bheith beo
A deir na dánta.
Loiteog Bhán

Bláth sa láib!
Is tú bláth
Na loiteoige báine
Ag éirí aníos
Im chroí go tréan!
Cuisle

Cóngarach i gcéin!
I bhfad ón áit seo
Ar an taobh eile den domhan.
I bhfad uait,
Do chuisle i mo chlos.
Buairt

Is mé ag éisteacht le monabhar na nduilleog
Táim buartha fút
Is tú san imigéin.
Nuair a thiteann an fhearthainn
Nuair a shéideann an ghaoth.

2012-11-18

Fóta Haiga: Bóthar an tSolais

Íomhá Ron Rosenstock.
Conamara -
seo linn!
tógaimis Bóthar an tSolais
Connemara -
let's go!
let's take the Road of Light

Fóta Haiga: Scéalta Ársa, Aill Atlatl, Gleann na Tine, Nevada

Íomhá Ron Rosenstock

taibhreamh
na gcaorach móradharcach -
tada
the dream
of bighorn sheep -
nothing

2012-11-17

An Góstfhear

Ba sa bhliain 2004 a tháinig An Góstfhear ar an saol, leabhar trítheangach, Sínis, Gaeilge agus Béarla. Paddy Bushe a bhí i mbun an Bhéarla agus dheineas-sa an leagan Gaeilge den fhilíocht chomhaimseartha seo, dánta scanrúla ar go leor slite, dánta le léamh i gcaitheamh mhí na Samhna, gan amhras!
 Níl ach dornán aistritheoirí liteartha sa tír seo agus duine acu is ea Paddy Bushe. Eisean a d'aistrigh leabhar liom féin Rogha Dánta (CIC) go Béarla. Tá an-mheas agam ar an aistriúchán a dhein sé ar an dán clasaiceach Caoineadh Airt Uí Laoghaire. Táimid  go léir ag tnúth lena leagan Gaeilge de dhánta a chum Somhairle Mac Gill-Eathain i nGaeilge na hAlban.


Sliocht as An Góstfhear:
我缺乏母性是因为具有太多的母姓
她在哭?
发狂的女人
我真想奔去对她说
别耸起敏感的触须
体味 夜
黑甜的悲凉
你的痛苦来自你
过分认真 看待
过分潦草 看待
世界
自己
哦,风猛撼着窗
明天在对今天诉说我们听不懂的结局
整整一个世纪
要被今夜围困
头脑清醒,脚步迷惘
这不是我一个人的苦闷
这,不是我一个人的苦闷
唉,这样活着
远不如我们
猫类快活
我忍不住
喵呜一声
她旋即转身
目光缓缓刺痛我的背脊
留下女人缝纫的痕迹
夜的黑须 飘啊飘
我在蓬松的白云上面无忧奔跑
晚上好!世界
晚上好
Ní raibh dúchas na máthar ionam le stáir.
Tá sí ag caoineadh?
Gealt mná.
Ba chóir dom rith chuici is a rá
Nach cóir di bréantas colainne an oíche
Dhubh is an t-éadóchas milis
A bholú trína féasóga íogaire.
Uait féin a thagann an phian:
Ródhícheallach ag féachaint
Ar an domhan
Ort féin
Ró-scaoilte ag féachaint air.
Baineann an ghaoth cleatar as na fuinneoga.
Míníonn an lá amárach rud nach dtuigtear fós don lá inniu.
Chuir an oíche anocht
Na nithe go léir nach dtuigtear go dtí seo i loc.
Tá an aigne ar leathadh. Cé na coiscéimeanna sin?
Ní hé mo ghalar dubhachsa amháin é.
Ní hé mo ghalar dubhachsa amháin é.
Ó bhó go deo! Ní fearr é seo
Ná saol na gcat beathaithe
Sa deireadh.
Meabhlach uaim
Do m’ainneoin féin.
Casann sí timpeall de phreib
Agus tollann a súile mo chnámh droma
Agus a rian sin síos suas orm.
Siogairlíní dubha na hoíche ag dul i líonmhaire.
Rithim le rith mire trí chlúmh na scamall, gan aird.
Tráthnóna maith
Mo ghuí chun an domhain mhóir!
An Góstfhear 
The Ghost man
Zhang Ye a scríobh
Yu Jiánzhóng agus Paddy Bushe a rinne an leagan Béarla
Gabriel Rosenstock a rinne an leagan Gaeilge
Coiscéim 2004

2012-11-16

Leonard Cohen: Aintiún

Do sholáthar Gabriel aistriúcháin ar shaothar Leonard Cohen don Tionscadal Cohen de chuid IMRAM. Seo thíos ceann acu sin.

Do chan na héin
ag breacadh an lae
"Ba chóir daoibh
tabhairt faoi nua-ré!
Ná smaoinígí
ar an lá inné
ná ar a bhfuil i ndán."
Á, troidfear cogaí
arís 's arís
an colmán
beidh sí i gcás arís
díolfar í
arís 's arís
is daor é an colm bán.

Buail na cloig ag a bhfuil an chling
Déan dearmad ar an íobairt íon
Tá scoilt, tá scoilt san uile ní
A ligeann solas tríd.


Bhí comharthaí uainn
is bhí siad ann
an feall sa bhreith
an pósadh fann
Sea, ba bhaintreach é
gach uile rialtas cam -
ba léir é do chách


Ní thig liom níos mó
a bheith leis an slua
is boic mhóra, marfóirí,
is iad ag guí, monuar!
Ach do ghair siad, ghair siad chucu
an scamall fuar
agus cloisfidh siad m'amhrán:


Buail na cloig ina bhfuil an chling
Déan dearmad ar an íobairt íon
Tá scoilt, tá scoilt san uile ní
A ligeann solas tríd.
 
Níl in aon chuid den pháirt
ach cuid den iomlán
d'fhéadfá dul ag máirseáil
gan druma ann
aimseoidh gach uile chroí
mór-rún an ghrá –
mar theifeach 's é ar fán.


Buail na cloig ina bhfuil an chling
Déan dearmad ar an íobairt íon
Tá scoilt, tá scoilt san uile ní
A ligeann solas tríd.

Buail na cloig ina bhfuil an chling
Déan dearmad ar an íobairt íon
Tá scoilt, tá scoilt san uile ní
A ligeann solas tríd.
A ligeann solas tríd.
A ligeann solas tríd.


Anthem, le Leonard Cohen, aistrithe ag Gabriel Rosenstock.

Petar Tchouhov: Bioráin Dhúnta

Daoine a bhfuil spéis acu i ndomhan mór an haiku idirnáisiúnta beidh trácht cloiste acu ar an mBulgárach, Petar Tchouhov. Is rac-cheoltóir é chomh maith. Níor bhuaileas riamh le héinne a dúirt liom nach dtaitníonn haiku Tchouhov leo mar sin bheartaíos go mba chóir dom cnuasach dátheangach dá shaothar a chur amach, i nGaeilge agus i mBulgáiris. Bhí sé féin an-sásta leis an bplean agus ligeas dó an clúdach a roghnú. Má thaitníonn na samplaí leat, ceannaigh an leabhar mar bhronntanas Nollag do Bhulgárach éigin!
нощна буря
мисля за куклите
на тавана

stoirm oíche
is mé ag smaoineamh
ar na bábóga san áiléar
свирка на влак
луната в локвата
се накъдря

fead na traenach
an ghealach sa lochán
ag cuilitheáil
детска играчка
до надгробния камък
есенен здрач

bréagán tréigthe
taobh leis an leac thuama
clapsholas fómhair
студена сутрин
две улични котки
в кучешката колибка

maidin fhuar
dhá chat strae
sa chonchró
задушница
отварям черния чадър
на баща ми

Lá Fhéile na Marbh
osclaím scáth fearthainne dubh
m’athar





Biorán Dhúnta
Petar Tchouhov
Aistrithe ag Gabriel Rosenstock
ISBN-13: 9781908817396
Original Writing

2012-11-15

Fóta Haiga: Cliara

Íomhá Ron Rosenstock

Cliara
á iompar go neamh
ag néal
Clare Island
lifted to heaven
on a cloud

2012-11-09

An tOchtapas

Ba sa bhliain 1977 a d'fhoilsigh Gabriel Rosenstock an leabhar véarsaí An tOchtapas. Le déanaí chonaic sé netsuke anghrách: fíor bheag ornáideach nó miondealbh bhán atá greanta as eabhar is ea netsuke, focal Seapáinise.
Cad a bhí sa netsuke áirithe sin ach  bean nocht agus í i ngleic le hochtapas. Thosaigh Gabriel ag scríobh arís faoin ochtapas - véarsaí do dhaoine fásta an uair seo.
 Chuir a aistritheoir Seapáinise Mariko Sumikura Seapáinis orthu. Tá siad leath ag smaoineamh ar leabhar a chur amach. Réamhbhlaiseadh eisiach anseo!
Tugtar senryu ar véarsaíocht éadrom den sórt seo, é an-chosúil leis an haiku. Tá breis is céad senryu sa stíl seo cumtha ag Gabriel (ina shamhlaíonn sé é féin mar ochtapas!)
I m'ochtapas kamikaze
tumaimse ionat-
cailltear ionat mé!

神風飛行士蛸
君に溺れ
死んでいく
nach mílítheach atá tú
cad a dheineas leat in aon chor?
ochtapas-vaimpír!

青ざめて
何したというの
蛸 吸血鬼
bainim plaic as do leis
agus as an leis eile -
ochtapas-zombaí!

君の腿を噛み
もうひとつをー
蛸ゾンビ
cloisim do ghuthanna
de shíor -
ochtapas scitsifréineach

まだ耳につく
君の声
蛸 統合失調症患者
dúisigh, a ghrá,
is mé an t-ochtapas -
an píobaire!

起きよ 愛しいひと
僕だよ
蛸 バグパイプ吹き

Mira: Faoin Aistear Sin a Scríobhaimse

I write of that Journey


I remember how my mother would hold me.
I would look up at her sometimes and see her weep.

I understand now what was happening.
Love so strong a force
it broke the cage
and she disappeared from everything
for a blessed
moment

All actions have evolved
from the taste of flight
the hope of freedom
moves our cells
and limbs

Unable to live on the earth, Mira ventured out alone in the sky,
I write of that journey
of becoming as
free as
God.

Don't forget love;
it will bring all the madness you need
to unfurl yourself across
the universe

Faoin Aistear Sin a Scríobhaimse


Is cuimhin liom mar a mhuirníodh mo mháthair mé.
D'fhéachainn uirthi uaireanta is d'fheicinn ag caoineadh í.

Tuigim anois cad a bhí ag tarlú
Bhí an grá chomh láidir sin
gur briseadh an cás
agus chuaigh gach aon ní ar ceal di
ar feadh meandair
bheannaithe.

As blas na heitilte
a eascraíonn an uile ghníomh;
dóchas as saoirse
a chorraíonn ár gcealla
ár ngéaga

Ní don saol seo a rugadh Mira, ghabh sí léi féin chun na spéire.
Faoin aistear sin a scríobhaimse
faoi a bheith
chomh saor
le Dia.

Ná dearmad an grá
is é a thabharfaidh duit an ghealtacht is gá
chun tú féin a leathnú
ar fud na cruinne.
Leagan Béarla: Love Poems from God: Twelve Sacred Voices from the East and West by Daniel Ladinsky

2012-11-08

Dán an lae

I measc na ríomhphost a fhaigheann Gabriel gach lá, tá seirbhísí a chuireann dán ar fáil in aghaidh an lae, Panhala ceann acu agus an ceann eile Poetry Chaikhana.
"Is mar sin a chuirimse tús leis an lá - gach lá. Is gnách go gcuirim Gaeilge ar na dánta sin. Is cleachtadh teanga, cleachtadh Gaeilge agus cleachtadh spioradálta é! Duine de mhórfhilí bhakti an domhain í Mira, an banphrionsa Indiach a thug a croí do Krishna. Is é is brí le bhakti ná deabhóid. 

Ceann de na leabhair is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ná Speaking of Shiva (Penguin Classics). Bhíos óg go maith ag an am ach cuireadh an síol agus sa bhliain 2000 phléasc bhakti ionam agus mé in Koeln na Gearmáine: chailleas mo chiall, buíochas mór le Dia, scríobhas 200 dán i mBéarla agus thugas neo-bhakti ar an stíl sin. Blianta fada ina dhiaidh sin, d'fhoilsigh Salmon Poetry leagan ciorraithe den saothar sin faoin teideal Uttering Her Name. Tá scata filí bhakti sna díolamaí Guthanna Beannaithe an Domhain (Coiscéim). Ó na seirbhísí Panhala agus Poetry Chaikhana a lán den ábhar sna leabhair sin nó leanaim na naisc a thugann siad.
Ó am go chéile cuirim YouTube le Krishna Das ar siúl, amhránaí bhakti. Is Meiriceánach é. Glanann sé amach an croí! 

Dileep Jhaveri: Do Picasso

Múin dom conas filíocht a scríobh

Le líne dhíreach
amháin conas focal
a oscailt
agus saoirse a thabhairt d’ilbhríonna draíochta
atá trinsithe i gcóid righne
is scaoil lastall den am iad

Léirigh dom an difríocht atá idir báine
agus báine chun go n-athróinn
ó anáil go hanáil
nocht an aontacht dom atá i mbándearg agus i ngorm
i dtreo is go mbogfainn ón mbeatha go dtí an solas
oil mé chun breathnú ar neamhní
mar a dhéanfadh éan nó iasc istoíche nó isló
léim ón nóiméad seo chun na síoraíochta
chun go gcuirfinn síos ar shúile an leannáin is a ndath

Mínigh dom conas a dhéantar den chré is den duilleog
seomra dorcha agus lampa is conas
a shleamhnaíonn an tost síos an staighre le bheith ina fhís
conas a dhéantar nocht de bhean
trí ligean do dhathanna i ndiaidh dathanna titim ina meallta
is ina bpaistí agus seo chugainn anois í agus ceol á timpeallú

Beir leat mé go dtí an áit sin ina ndéantar broinn
den tonn agus úll den bhriathar
agus iad curtha ina aice a chéile ar an mbord
treoraigh chun na foraoise mé ina bhfuil fuinneoga briste trína
bhféachann mná mealltacha ar nós 
buillí ar an druma nó naoimh ag guí

Lem dhá chluas bíodh teagmháil agam
le fuaimeanna agus go mblaise mo dhá shúil
fuil íobartha
lig dom scréacha a bholú

Trí do chailéideascóp lonrach
lig do mo chuid litreacha súnás, bás agus
an tsíoraíocht a fheiscint agus iad leata cheana féin
ar an bpár bán

Dileep Jhaveri, File as Mumbai
Leabhar dá chuid filíochta, aistrithe ag Gabriel Rosenstock, le foilsiú i 2013

2012-11-07

Fóta Haiga: Moore Hall

Íomhá le Ron Rosenstock
Moore Hall
the caw of a rook
could flatten it
Moore Hall
ba dhóigh leat go leagfadh
grág préacháin é