2012-10-30

Fóta Haiga: Ros Bairneach

Íomhá Ron Rosenstock

íota chun solais
iarsmaí di fós anseo
Ros Bairneach
              thirst for light
still lingers here
Rossbarnagh

2012-10-25

Rogha Haiku

an bhfeicfidh siad a chéile anocht?
púróg shliobach
an ghealach

clog an tseipéil...
cá bhfuil a dtriall?
slua seangán
 
cacaíní caorach
8 ... 10 ... dosaen ...
ar fad mar a chéile
 
nuair a ainmnítear é
siúd an crotal coille
i ngach aon bhall
 
na haghaidheanna úd
sa bhéilteach thine -
is dual dóibh athrú leis



Géaga Tré Thine
HAIKU
Gabriel Rosenstock
Eagarthóir: Mícheál Ó hAodha
Original Writing Ltd., BÁC, 2012.

Michael Augustin: ad infinitum

Michael Augustin agus Gabriel cois Iordáin
Interview

Welche Frage
beschäftigt Sie
zur Zeit?
fragt einer.

Ihre,
sagt der Dichter.


Agallamh

Cén cheist atá
ag déanamh scime dhuit
i láthair na huaire?
a fhiafraíonn duine éigin.
Do cheistse,
arsa an file.

Ad infinitum
Und woran
schreiben Sie jetzt gerade?
fragt einer.

Ich schreibe daran,
woran ich schon schreibe,
so lange ich schreibe,
sagt der Dichter.

Ich schreibe an meinen letzten Worten.

Ad infinitum

Agus cad
atá á scríobh agat i láthair na huaire?
a fhiafraíonn duine éigin.

Táim ag scríobh
a bhfuil á scríobh
agam ó thosnaíos ag scríobh,
arsa an file.

Na focail dheireanacha.


Michael Augustin
Ad Infinitum
Aistritheoirí: Gabriel Rosenstock agus Hans-Christian Oeser
Coiscéim 2001

Ko Un: Scairt Feithide

As an Réamhscairteadh:

Rugadh Ko Un sa bhliain 1933 in Gunsan sa Chóiré. Is cuid de chathair Kunsan anois an sráidbhaile sin. D’fhulaing sé céasadh sa Chogadh Cóiréach (1950-53). Seasann an bhliain 1953 don sos comhraic: níl an cogadh sin thart go hoifigiúil. I lár an chogaidh (1952) deineadh manach Zen-Bhúdaíoch de agus chaith sé blianta fada ina fhánaí, ag brath ar an déirc. Foilsíodh dánta leis sa bhliain 1958 agus d’fhill sé ar an saol sa bhliain 1962. Throid sé ar son na saoirse, in aghaidh dheachtóirí an Deiscirt. Cuireadh faoi ghlas go minic é. Cuireadh tréas ina leith agus gearradh 20 bliain air sa bhliain 1980. Léigh an dán Ga Gréine anseo chun léargas a fháil ar a shaol mar chime.Ag deireadh an chogaidh chaith sé seal ina reiligire, corpáin á n-iompar ar a dhroim aige. Dearbhú na beatha an toradh a bhí ar a theagmháil leis an mbás. Breis is 150 leabhar uaidh, filíocht, aistí, aistriúcháin, drámaí, ficsean. Ainmníodh go minic don Duais Nobel é. Tá lucht leanúna mór aige agus níl de naimhde liteartha aige ach naimhde na spontáineachta; gheofá criticeoirí den saghas sin i ngach tír arb é an ‘srianadh’ seachas an ‘scaoileadh’ an bonn do-athraithe atá lena n-aeistéitic, ainneoin fianaise go leor a bheith ann a chuirfeadh ar mhalairt aigne iad. Mórshaothar leanúnach Ko Un is ea Deich Míle Beatha, dánta a chuireann síos ar gach duine (beo nó marbh) a thug cuairt air agus é i gcillín dorcha.

An Ghealach um Nóin

Míle ocht gcéad bliain d’aois é Búda Aghaidh na Gréine.
Aon oíche amháin Búda Aghaidh na Gealaí.
Deirtear nach dís iad an dá Aghaidh ach aonad.
Más fíor sin,
a ghealach, éirigh
tar éis luí na gréine.

Féach ar an ngealach thuas ansin i lár an lae.
Aineolas amach is amach!
Cuil Lae

Trí chéad milliúnú cuid de shoicind.
Más é sin saol an phairteagail
féach cé chomh síoraí is atá lá amháin.
Deir tú go bhfuil an lá róghearr?
Nach santach atá tú.


SCAIRT FEITHIDE
ROGHA DÁNTA
KO UN
Gabriel Rosenstock a chuir i nGaeilge
An Sagart



© An Sagart 2012 Na leaganacha Gaeilge
© Ko Un, 2012
© Na leaganacha Gaeilge, Gabriel Rosenstock, 2012

Frog is Fiche

Dán as an ríomhleabhar Frog is Fiche, atá ar fáil anseo le híoslódáil.


Fáilte Isteach

Togra nua atá anseo ag Gabriel Rosenstock i gcomhar le hAonghus Ó hAlmhain.
Foilseofar sleachta as saothair foilsithe agus neamhfhoilsithe Gabriel anseo, maille eolas faoi na saothair foilsithe.

Tá liosta dá shaothair ag Barnes and Noble, ag Litríocht nó ag Cló Iar-Chonnacht.