2012-11-08

Dán an lae

I measc na ríomhphost a fhaigheann Gabriel gach lá, tá seirbhísí a chuireann dán ar fáil in aghaidh an lae, Panhala ceann acu agus an ceann eile Poetry Chaikhana.
"Is mar sin a chuirimse tús leis an lá - gach lá. Is gnách go gcuirim Gaeilge ar na dánta sin. Is cleachtadh teanga, cleachtadh Gaeilge agus cleachtadh spioradálta é! Duine de mhórfhilí bhakti an domhain í Mira, an banphrionsa Indiach a thug a croí do Krishna. Is é is brí le bhakti ná deabhóid. 

Ceann de na leabhair is mó a chuaigh i bhfeidhm orm ná Speaking of Shiva (Penguin Classics). Bhíos óg go maith ag an am ach cuireadh an síol agus sa bhliain 2000 phléasc bhakti ionam agus mé in Koeln na Gearmáine: chailleas mo chiall, buíochas mór le Dia, scríobhas 200 dán i mBéarla agus thugas neo-bhakti ar an stíl sin. Blianta fada ina dhiaidh sin, d'fhoilsigh Salmon Poetry leagan ciorraithe den saothar sin faoin teideal Uttering Her Name. Tá scata filí bhakti sna díolamaí Guthanna Beannaithe an Domhain (Coiscéim). Ó na seirbhísí Panhala agus Poetry Chaikhana a lán den ábhar sna leabhair sin nó leanaim na naisc a thugann siad.
Ó am go chéile cuirim YouTube le Krishna Das ar siúl, amhránaí bhakti. Is Meiriceánach é. Glanann sé amach an croí!