2012-11-08

Dileep Jhaveri: Do Picasso

Múin dom conas filíocht a scríobh

Le líne dhíreach
amháin conas focal
a oscailt
agus saoirse a thabhairt d’ilbhríonna draíochta
atá trinsithe i gcóid righne
is scaoil lastall den am iad

Léirigh dom an difríocht atá idir báine
agus báine chun go n-athróinn
ó anáil go hanáil
nocht an aontacht dom atá i mbándearg agus i ngorm
i dtreo is go mbogfainn ón mbeatha go dtí an solas
oil mé chun breathnú ar neamhní
mar a dhéanfadh éan nó iasc istoíche nó isló
léim ón nóiméad seo chun na síoraíochta
chun go gcuirfinn síos ar shúile an leannáin is a ndath

Mínigh dom conas a dhéantar den chré is den duilleog
seomra dorcha agus lampa is conas
a shleamhnaíonn an tost síos an staighre le bheith ina fhís
conas a dhéantar nocht de bhean
trí ligean do dhathanna i ndiaidh dathanna titim ina meallta
is ina bpaistí agus seo chugainn anois í agus ceol á timpeallú

Beir leat mé go dtí an áit sin ina ndéantar broinn
den tonn agus úll den bhriathar
agus iad curtha ina aice a chéile ar an mbord
treoraigh chun na foraoise mé ina bhfuil fuinneoga briste trína
bhféachann mná mealltacha ar nós 
buillí ar an druma nó naoimh ag guí

Lem dhá chluas bíodh teagmháil agam
le fuaimeanna agus go mblaise mo dhá shúil
fuil íobartha
lig dom scréacha a bholú

Trí do chailéideascóp lonrach
lig do mo chuid litreacha súnás, bás agus
an tsíoraíocht a fheiscint agus iad leata cheana féin
ar an bpár bán

Dileep Jhaveri, File as Mumbai
Leabhar dá chuid filíochta, aistrithe ag Gabriel Rosenstock, le foilsiú i 2013