2012-11-24

Sráideanna na cathrach seo againne

Bhíos i gCaisleán Smolenice, Smolenický zámok, sa tSlóvaic i mbliana (5-12 Iúil) agus scata filí im theannta. Ag aistriú a chéile a bhíomar agus is é LAF (Literature Across Frontiers) a d’eagraigh an Cheardlann. Seo ceann de na dánta a d'aistrigh mé: beidh breis ar fáil anseo diaidh ar ndiaidh.


Sráideanna na cathrach seo againne

Dronnach ar nós na gcamall,
guagach ar nós na mban,
                 in aimhréidh mar ghruaig sa ghaoth,
                    ársa mar chreidimh an domhain,
                seansiúlta mar pháláis
                    agus a gcuid clós á ní
                    i lár mhí Iúil
                ag scata Sathrasáid is iad crón glórach
                    gona sála heine-dhearga;
                sráideanna a n-éiríonn leo
                    ceithre ráithe na bliana a léiriú
                ar nós féilire leathanach scaoilte.
                Anseo, ar feadh an chosáin,
                tá Feabhra ag scuabadh léi ó thuaidh –
                cosúil le gluaisteán buile allúrach,
ach díreach timpeall an chúinne
tá crann cainchí faoi bhláth;
athraíonn sráideanna go tobann ag crosbhóithre
ón Eoraip go dtí an Áise, ón Áise go dtí an Eoraip.
    (Seo anois asal a d’éalaigh
    ó charbhánlann ársa, uisce aige á ól
    as lochán ón tríú mílaois).

I ndiaidh polaiteoirí a ainmníodh
an chéad leath de na sráideanna seo,
i ndiaidh filí an dara leath –
ní thig le sráideanna ná le páistí
    a n-ainmneacha féin a roghnú.

                Agus táimid ag siúl ar a bhfuaid
                    faoi mar ba mhúsaem amuigh faoin aer é
                agus comharthaí leathcheilte
le feiceáil anseo is ansiúd:
Bhí Cónaí Orm Anseo, Mo Chéad Phóg

                Is de dhuirleoga ar leith iad na sráideanna seo againne
                    is dár gcroíthe iad.

Alta Talib-Zada (ainm cleite Alina Talybova) – An Asarbaiseáin