2012-12-12

Lasair sa Doircheacht

Spreag coimisiún fiosrúcháin i dtaobh mí-úsáid leanaí (Tuarascáil Uí Riain) cuid de na dánta dorcha seo:
Stánann fuinneoga
Phálás an Easpaig
Ar phobal an bhaile

Súile gan fabhraí
Ag lorg lochta
Ag lorg laigeachta
                 (Fuinneoga an Pháláis)

Friotal lom atá sa dán sin agus oireann an loime dúinn nuair is mian linn lomchlár na fírinne a insint. Ba dheacair dán Gaeilge mar é a shamhlú nuair a bhí an Direánach agus an Ríordánach i mbarr a réime, abair, agus páláis na n-easpag as pabhar láidir.
Is i bhfoirm litreach atá an dán Litir:
        
 Assumpta, a Chara,
        Tá an scoil sroichte agam agus mo chuid oibre
        Tosaithe leis na páistí tréigthe seo, gan i ndán dóibh
        Ach fulaingt as peacaí náireacha a máithreacha….

De réir mar a léann tú leat is is ea is mó a dhónn dúlasracha na ndánta seo thú. Is mar seo a chríochnaíonn an dán Litir:

Go dtuga Dia lámha láidre dom.
                                       Beannachtaí Dé ort.

Tá íoróin uafásach ansin sa mhéid is gur shíl an dream a raibh ‘an lámh láidir’ acu gur obair Dé a bhí ar siúl acu, díreach faoi mar a shíl na huaisle Normannacha – sliocht na Lochlannach – gur obair Dé a bhí sna Crosáidí. Tarraing Dia isteach sa scéal agus tá cead agat do rogha rud a dhéanamh. Díoltas Dé, gan amhras, is ea crapadh na hEaglaise. Beidh seans níos fearr ag an Eaglais anois a bheith dílis don Seanmóir ar an Sliabh agus an chumhacht a bhí aici tráth laghdaithe go mór. Sa chumhacht a bhí síol an pheaca. 
    Meabhraíonn cuid de na dánta seo Deora Nár Caoineadh/Unshed Tears dom, leabhar le Áine Ní Ghlinn (1996), comhfhiontar dátheangach idir Dedalus Press agus Coiscéim. (Is trua nár leanadh den fhoilsiú dátheangach sin dar liomsa). Bíonn fonn ar chuid againn dánta den saghas sin a chaitheamh uainn mar gur gráin linn an salachar ar fad is bunábhar leo agus b’in an fonn a bhí orm féin nuair a léas leabhar Áine ag an am. An mbraithfinn an rud céanna le Dúlasair, arsa mise liom féin.
    Sea, bhraithfeá an déistin chéanna anseo ach tuigtear dom anois gur gá dánta dorcha mar seo a léamh ó am go ham chun an pictiúr iomlán a fháil, an pictiúr neamh-idéalaithe sin a nochtann an bhrúid atá ionainn go léir laistiar den mheangadh gáire ainglí.  Leabhair ar nós Deora Nár Caoineadh agus Dúlasair meabhraíonn siad dúinn go bhfuilimid go léir ciontach! Níl tusa ciontach, a deir tú? Níor thug tú drochíde riamh do pháiste? Ach an raibh a fhios agat a leithéid a bheith ar siúl? Agus má bhí, ar oscail tú do bhéal? Munar oscail, tá tú ciontach. Táimse ciontach. Táimid go léir ciontach.
    Bás, bascadh agus briseadh de shaghas eile atá sa dán Seanchló, dáinín gairid a thaitníonn go mór liom:
Luíonn brat deannaigh
Ar dhromchla an chlóscríobháin,
Méarchlár meirgeach
Sa seanchló gaelach
Le heochracha marbha
Don séimhiú, don síneadh fada –
Cnagadh ciúnaithe.

Is é seo an dara leabhar filíochta ó Dhoireann. Guím rath ar a saothar.

Dúlasair
Doireann Ní Ghríofa
(Coiscéim €8.00)