2013-01-08

Mar a bheadh cloch ar fán

Tráth den saol, a chroí, gléasta mar ríon
Is chaith tú pinginí chuig bacaigh, nach fíor dhom?
Bhíodh daoine á rá, ‘Hé, a ghrá, hé titfidh tú!’
Níor ghlac tú leo dáiríre
Bhí tú riamh ag gáire
Faoin dream dar leat a bhí gan náire
Cá bhfuil an chaint anois
Conas a tharla an bhris
Cad as a dtiocfaidh an bia le cur i do bhéal?

Mínigh an scéal
Mínigh an scéal
Is tú ar seachrán
I do bhard gan dán
Mar a bheadh cloch ar fán

Ar scoth na scoileanna a d’fhreastail tú is cinnte
Ach tá’s agat, a mhaoineach, bhí tú uaigneach
Is níl eolas dá laghad agatsa ar na sráideanna
Ach beidh ort fháil amach a chroí faoi mar is dual duit
Ní raibh tú sásta géilleadh riamh
D’Oisín Mac Cool, nach dtuigeann tú, a Niamh,
Nach ndreapfaidh tusa eisean mar shliabh,
Mar nach bhfuil seisean in ann a shúile a iamh
Ní shásódh scilling eisean – ná luaigh réal.

Mínigh an scéal
Mínigh an scéal
Is tú ar seachrán
I do bhard gan dán
Mar a bheadh cloch ar fán.

Níor bhreathnaigh tusa timpeall riamh chun féachaint ar an bhfeairín bocht grinn
A bhí sásta dul i mbun na gcleas duit
Níor thuig tú do leas ní raibh sin go deas
Is ligint do dhaoine eile bheith i mbun dreas duit
Ar muin an chapaill chróim duit is do thaidhleoir leat
In airde ar a ghuaillí bhí cineál cat
Id bhéal sea bhí do theanga ag at
An pleidhce amadáin fut fat
Bhearrfadh sé féasóg de luchóg trína néal.

Mínigh an scéal
Mínigh an scéal
Is tú ar seachrán
I do bhard gan dán
Mar a bheadh cloch ar fán.

Banphrionsa Thír na nÓg is do chairde ag díol na bpóg
Lucht óil is ceoil sea nach bhfuil siad thar barr
Is gach saghas féirín deas á malartú acu
Fág slán anois ag an bhfáinne óir, sea fág é ag an bpawn
Is cuimhin liom fós an straois
A chuirteá ort faoi Oisín bocht, is é a bhí lán de bhaois
Níl faic agat anois is tú ag dul in aois
Madra dofheicthe thú, bitseach thú is tú fós ar éill.

Mínigh an scéal
Mínigh an scéal
Is tú ar seachrán
I do bhard gan dán
Mar a bheadh cloch ar fán.
Like A Rolling Stone le Bob Dylan aistrithe d'IMRAM ag Gabriel Rosenstock