2013-02-05

Stanley Kunitz: Na Sraitheanna

Táim tar éis siúl trí scata saol,
cuid acu ar liom féin iad
agus ní mise an té a bhí ionam,
cé go maireann fós prionsabal éigin
dem bheo, is mé ar mo dhícheall
gan imeacht uaidh.
Nuair a fhéachaim siar,
mar a chaithim féachaint
sula gcruinním mo neart
i gcomhair an aistir atá romham,
is léir dom na clocha míle is iad ag éag
i dtreo fhíor na spéire
agus rianta na meath-thinte
ó na láithreacha campála tréigthe
is os a gcionn aingil ina scroblachóirí
ag faoileáil thart faoina sciatháin throma.
Ó, tá treibh cruthaithe agam díom féin
as mo bhraistintí dílse,
is tá scaipeadh na mionéan ar an treibh!
Conas a réiteoidh an croí
le féasta a chuid caillteanas go léir?
Tá an ghaoth ag éirí
is dusta mire na gcarad
iad siúd a thit feadh na slí
dónn sé m’aghaidh go garg.
Ach casaim, casaim mar sin féin
ag déanamh mórtais ábhairín,
agus mo thoil slán chun imeacht
pé áit is gá dom dul ann,
agus is luachmhar liom
gach cloch ar an mbóthar.
Le linn na hoíche ba dhorcha fós,
agus an ghealach clúdaithe
is mé ar fán tríd an smionagar,
threoraigh guth
néal nimbis mé:
“Mair sna sraitheanna
ní ar an easair.”
Cé nach bhfuil ionam
í a imscaoileadh
bí cinnte go bhfuil an chéad chaibidil eile
dem leabhar claochlónna
scríofa cheana féin.
Níl deireadh déanta agam le mo chuid athruithe.

Aistriúchán ar The Layers le Stanley Kunitz