2013-04-08

An máistir mór Haiku, Basho,

gé fhiáin
scartha tamall óna compánach
ag scamaill


Faighimid léargas ar mhíorúiltí an domhain sa haiku, míorúiltí beaga is móra an dúlra i gcaitheamh na bliana, agus léargas orainn féin chomh maith. Uaireanta, imíonn nithe ó léargas – an ghé sa haiku seo agus scamaill á ceilt, tamall. Is iad na tamaillíní sin is cás leis an haijin, an máistir haiku, tamaillíní léargais, tamaillíní lánléargais, tamaillíní neamhléargais is na tamaillíní eatarthu.

ar ghéag lom
thuirling préachán
tráthnóna fómhair


Loime! Rud lán de Zen is ea an loime chéanna. Lomlán! Faightear sa Chríostaíocht leis é: ‘Lom sé é féin…’ (Litir Naomh Pól chuig na Filipigh, 2.7) Féach cé chomh lom is atá an haiku thuas. Bhí Basho 36 ag an am agus tuiscint cheart anois aige dá ghairm – cé nár stop sé riamh dá éabhlóid mar fhile haiku.

Chun dul isteach i loime an radhairc sin, bhí ar Bhasho féin a bheith lom, istigh ann féin. Bhí air é féin a lomadh, rud a dhein, an bóthar fada bán a thabhairt air féin, cúl a thabhairt lena bhothán, arís is arís eile, a bheith ina chreatlach bheo ag imeacht ó áit go háit.

Tá loime sa radharc agus tá loime san fhoirm, sa struchtúr, an loime sin a mheabhródh luathliricí dúlra na Gaeilge duit. Tugtar faoi deara an friotal lom simplí neamhornáideach ann.

Haiku ón mbliain 1680 is ea é. Tá sé neamhchoitianta sa mhéid is go bhfuil an briathar ann san aimsir chaite. Is gnách gur san aimsir láithreach a bhíonn an briathar; breactar síos an feiniméan san aimsir láithreach, díreach agus é ag tarlú, gan smaoineamh, faoi mar a tharraingeodh laoch samurai an claíomh as an truaill. I bhfaiteadh na súl! B’in an chomhairle a thug Basho féin dá dheisceabail haiku. (Thuig sé an chlaimhteoireacht ach roghnaigh sé bealach an haiku ina háit).

Uaireanta tagraítear don fhiach dubh seachas don phréachán sa haiku thuas. Deir an Zen-Mháistir Suzuki Daisetz faoin haiku seo a d’athraigh stair an haiku sa mhéid is gur thug sé uaisleacht is doimhneacht don fhoirm, tréithe a bhí in easnamh uirthi cuid mhaith go dtí sin:

“There is a great Beyond in the lonely raven perching on the dead branch of a tree. All things come out of an unknown abyss of mystery and through every one of them we can have a peep into the abyss....”



Tá sé ráite go diail aige. Tá’s agamsa daoine a bhíonn ag caitheamh anuas ar an haiku. ‘Níl faic ann!’ Caint den saghas sin. Ag caitheamh anuas orthu féin a bhíonn siad.

Tagann gach aon ní as aibhéis mhistéireach nach eol dúinn agus osclaíonn an dea-haiku an aibhéis sin don léitheoir íogair, an léitheoir oscailte.

 (Sliocht as ábhar leabhair ar an máistir haiku, Matsuo Basho)