2013-05-17

Drúcht

    cuireann sé creatha fuachta orm -
         drúcht ag sileadh
                anuas

    Haiku de chuid Issa ón mbliain 1813.

    .後からぞっとするぞよ露時雨
    ushiro kara zotto suru zo yo tsuyu shigure

      Deir David Lanoue gur sean-nath is ea' tsuyu shigure' a sheasann do dhrúcht an fhómhair agus an oiread sin ann de gur geall le báisteach an gheimhridh é. Ar ndóigh tá na mílte is na mílte haiku ann i dtaobh an drúchta. Cén fáth nach mbeadh? Siombail de ghiorra an tsaoil é an drúcht agus is minic nach mbíonn sa haiku ach spléachadh an-tapa ar radharc éigin.
            Is le Kawabata Bosha an dá cheann eile thíos:
          
               ar nós diamaint -
                 braon drúchta leis féin
                   ar chloch
Burenbileg Batsuuri
Is dóigh liom go bhfuil meon an tSeapánaigh ansin againn go glé glinn, an intinn sin atá in ann díriú ar ghné amháin d'fheiniméin líonmhara na beatha agus sásamh millteach a bhaint as an ngné bheag sin:
             braonta drúchta ag rith thart
                braoinín amháin
                   fágtha
  
Agus cuirimis deireadh leis an machnamh beag seo ar dhrúcht le haiku ón Mongóil de chuid Burenbileg Batsuuri:
                 dallrú na gréine
                    ar an steip
                      i ndrúcht na maidine