2013-07-19

Bo Yin Ra

 Tagraíonn an misteach Gearmánach Bo Yin Ra don bhreitheamh ciúin sin istigh ionainn féin a dhearbhaíonn ráiteas éigin, focal éigin, a bheith fíor. Ach chun go n-aithneoimis rud éigin a bheith fíor, caithfimid é a thuiscint i dtosach. (Nó an gcaithfimid)? 

‘Tá áitreabh Dé fara daoine . . . (Apacailipsis 21:3) 

Cad is brí leis sin? B’fhéidir go bhfuil Bo Yin Ra in ann a rá linn:

Cén fáth a bhfuil ainm aisteach mar sin air, Bo Yin Ra? Is mar Joseph Anton Schneiderfranken (1876 -1943) a tháinig sé ar an saol. Meabhraíonn sé dúinn go bhfuil ainmneacha daoine á n-athrú ó aimsir an tSean-Tiomna:

Ní thabharfar Abrám mar ainm ort feasta, ach tabharfar Abrahám ort  . . . ’(Geineasas, 17:5). 
‘Iacób is ainm duit; ní thabharfar Iacób mar ainm ort feasta, ach beidh Iosrael mar ainm ort.’ (Geineasas, 35:10).

Bhí Eckhart Tolle cúig bliana déag d’aois agus cónaí air sa Spáinn nuair a tháinig bean Ghearmánach chun cónaithe leo. Nuair a d’imigh sise ar ais chun na Gearmáine, d’fhág sí roinnt leabhar ina diaidh, ina measc leabhair le Bo Yin Ra. Cuireadh an síol d’fhéadfá a rá. Áirítear Tolle ar dhuine de na teagascóirí spioradálta is fearr ar domhan, droichead idir Iarthar agus Oirthear ar go leor bealaí:


B’fhéidir nach mbeadh a leithéid de theagascóir againn in aon chor murach Bo Yin Ra.