2013-07-21

Kala Ramesh: haiku, haibun agus Pune

Dhá leabhar ar na bacáin agam. Haiku agus tanka le K. Ramesh a luamar cheana anseo. Fear is ea é.  Agus haiku agus haibun le Kala Ramesh, bean. Casadh an bheirt acu orm san India. Tá cur síos ar chúrsaí haiku san India ar an suíomh gréasáin  seo a leanas agus ar cheardlann haiku a thugas ann:

www.ahundredgourds.com

Tá séimhe agus grástúlacht sna haiku ag Kala. Tá an India iontu agus spioradáltacht ársa na tíre sin!

fuineadh gréine
mo scáil á tionlacan agam
chun na mara

Is i mBéarla a scríobhann sí. Aisteach go leor, níl sí in ann haiku a scríobh ina teanga féin, an Tamailis. Is trua sin. Gabhann traidisiún saibhir na filíochta  Tamailise i bhfad siar. Cumadh an dán seo, mar shampla, sular rugadh Críost:

குறிஞ்சி - தலைவன் கூற்று

யாயும் ஞாயும் யாரா கியரோ
எந்தையும் நுந்தையும் எம்முறைக் கேளிர்
யானும் நீயும் எவ்வழி யறிதும்
செம்புலப் பெயனீர் போல
அன்புடை நெஞ்சம் தாங்கலந் தனவே.

-செம்புலப் பெயனீரார்.

Cré dhearg agus báisteach throm

Cén gaol a bheadh ag mo mháthairse
led mháthairse? Cén gaol a bheadh ag
m’athairse le d’athairse ar aon nós? Agus
conas a casadh an bheirt againne ar a chéile?
Sea, tháinig ár gcroí le chéile
mar chré dhearg is mar bháisteach throm.

Dán dhá mhíle bliain d’aois agus cheapfá gur inné a scríobhadh é. Ar ais chuig haiku Kala agus bí cinnte go mbeidh mé ag tathant ar fhilí haiku na hIndia scríobh ina dteanga féin as seo amach.

cuach ag caí –
tachrán sráide
ag damhsa dúinn


urnaí maidine
an ghrian
idir mo lámha

fuadar maidine
an ghrian
á luascadh i mbraon drúchta

an ghaoth i measc na gcnoc
is amhrán aoire
á iompar aici

Ní i mBéarla a bhí amhrán an aoire, cuirfidh mé geall! Haiku agus haibun a bheidh sa leabhar nua seo de chuid Kala. Cad is haibun ann? Luaitear haibun den chéad uair i litir a scríobh Bashō chuig a dheisceabal Kyorai sa bhliain 1690. (Bhí de phribhléid agam seasamh tráth i mbothán Kyorai lasmuigh de Kyoto agus cuairt a thabhairt ar a uaigh).

Meascán de phrós is de haiku is ea haibun. Fágfaidh mé fút féin a thuilleadh taighde a dhéanamh ina thaobh más maith leat. D’fhéadfadh haiku a bheith i dtús, lár nó i  ndeireadh an phróis. Duaisiarracht haibun is ea an sampla a leanas de chuid Kala Ramesh agus is ina thús atá an haiku ann :

An Jacaranda Gorm

ag feitheamh le glaoch
nár tháinig riamh …
oíche chinn bliana

“Mise an cailín  aimsire a bhí agat. An cuimhin leat mé?

An té a cheanglaíodh na barriallacha duit is a réitíodh na chapathi duit is an curaí prátaí úd. Do lón a phacáil is tú a thionlacan go dtí stad an bhus.
Thagadh an bus scoile go dtí an cúinne sráide seo againne thart ar 8 am gach lá. Miongháire ar d’aghaidh is tú ag croitheadh láimhe chugam, ag tathant orm a bheith romhat, ag feitheamh leat, ar do theacht abhaile duit.
Bhí guth ard agat.
Sa chás go mbeadh fonn ort teacht agus mé a fheiceáil, táim ag cur fúm in Ashram Jacaranda na Seanóirí. Uimh 18, Lána na Banríona, Pune -411009.
Cuir tuairisc Shalini bai.
Tá aithne ag gach éinne orm anseo agus tá aithne acu ortsa chomh maith. Bím ag caint mar gheall ort an t-am ar fad leis na háitritheoirí eile anseo. Chuireas cárta mar seo chugat bliain ó shin ach is dócha nach bhfuair tú é …”

~

Más é sin an chéad uair duit haibun a léamh is dóigh liom gur sampla maith is ea é. Corraíonn sé mise ach go háirithe. Corraíonn sé mé is priocann mo choinsias. 

Ní rabhas riamh in Pune (Poona) thuasluaite. Is ann a bhí a ashram ag Rajneesh ar a dtugtar Osho inniu. Bhíos chun cuairt a thabhairt air. Bhí léirmheas scríofa agam ar leabhar leis ar Comhar agus d’iarr an gúrú ar Éireannach ann é a aistriú dó. Paddy ab ainm dó. N’fheadar cad ina thaobh nár chuas ann nó cad a bhí do mo tharrac siar. Ní rabhas ullamh.

An Paddy seo ach go háirithe, saineolaí ar Jung ab ea é agus é lonnaithe in Zürich más buan mo chuimhne. Sheolas leabhar filíochta chuige ‘Déan anailís air sin!’ arsa mise leis. Scríobh sé litir fiche leathanach ar ais chugam. Nílim i gceart ó shin!

Bhí Osho in Éirinn sa bhliain 1986 ach níor fhan sé i bhfad inár measc, 11 lá ar fad agus é istigh ina sheomra in Óstán Jurys i Luimneach. Níor tugadh cead amach dó agus níor tugadh cead dó cainteanna poiblí a thabhairt do mhuintir Luimnigh. Sin í an fhírinne ghlan!