2013-08-13

Is fada í oíche na hIaráice

Is fada í oíche na hIaráice


Mahmoud Darwish

[do Saadi Youssef]

An Iaráic, fuil nach dtriomaíonn an ghrian is ea an Iaráic.
Baintreach Dé í an ghrian os cionn na hIaráice.
Is é a deir an tIarácach a dúnmharaíodh leo siúd ina seasamh ar an droichead:
Mora dhaoibh, is beo dom i gcónaí.
Ar siadsan: Marbhán thú i gcónaí is a uaigh á lorg aige
i gcúinní durdála
An Iaráic, an Iaráic ... is fada í oíche na hIaráice.
Dóibh siúd a dúnmharaíodh amháin a ghealann an lá
leathphaidir á rá, gan beannú i gceart d'éinne
mar tá na Mongail chugainn
ó gheata phálás an Chailif
ag colbha na habhann.
Ritheann an abhainn ó dheas agus iompraíonn na mairbh a fhanann ina suí
iompraíonn iad go dtí gaolta na gcrann pailme.
An Iaráic, an Iaráic, reiligí atá ar oscailt ar nós scoileanna do chách
is ea í:
an tAirméineach, an Tuircméanastánach, an tArabach. Is ionann sinn
san eisceateolaíocht.
Caithfidh go bhfuil file ann a dhéanfaidh iontas de:
Baghdad: cé chomh minic is a ligfidh tú na miotais síos?
Cé chomh minic is a chruthóidh tú dealbha don lá amárach?
Cé chomh minic is a dhéanfaidh tú cleamhnas dodhéanta?
An Iaráic, an Iaráic, tá fáithe ina seasamh anseo
is gan ar a gcumas ainm na spéire a rá.
Cé atá á marú ag cén duine inniu san Iaráic?
Is smidiríní ar an mbóthar iad na híobartaigh agus a n-ainmneacha
i bhfocail, ar nós a gcolainneacha, píosaí de litreacha ainimheacha iad.
An Iaráic, an Iaráic. Cé thusa mar sin i láthair an fhéinmharaithe?
Ní mise mise san Iaráic. Ní tusa tusa ach oiread
neach eile atá ann.
Thréig Dia an dream atá i bponc, cé sinne mar sin?
Cé sinne? Níl ionainn ach frása i ndán:
Is fad í oíche na hIaráice
Fada!