2013-10-31

Focal an lae: Móg

Le Dennis King
Móg:
A turnip hollowed to take a candle and simulate a head, supported by a churn-dash...

2013-10-29

Kālidāsa: Dúiseacht

Dúiseacht


  Fiú an té atá sona
    faigheann sé leid éigin
    nó teagmhaíonn ribe fuaime leis

    agus pléascann a chroí le tnúthán
        nach n-aithníonn sé
  ní foláir nó gur ag cuimhneamh atá sé
  ar chruthanna ar thug sé grá dóibh
         in áit nach bhfuil teacht air

         i saol roimhe seo
  is a gcló ina chroí i gcónaí is iad ag feitheamh
         Kālidāsa  कालिदास
leagan Gaeilge Gabriel Rosenstock

Waking


English version by W. S. Merwin & J. Moussaieff Masson

  Even the man who is happy
       glimpses something
       or a hair of sound touches him

       and his heart overflows with a longing
            he does not recognize

  then it must be that he is remembering
       in a place out of reach
       shapes he has loved

       in a life before this

       the print of them still there in him waiting

2013-10-28

Graifítí an Lae: Ciro Bustos

Tá filí ar nós an tírdhreacha, is ann dóibh fiú mura bhfuil éinne ag breathnú. Ní beo don duine ina n-éagmais.

Ciro Bustos (1932 - )

An Mhórcheist



AN MHÓRCHEISTTHE GREAT QUESTION
Muineál an lasairéin
comhartha ceiste ag dul sa treo eile

an raibh ceist ann an chéad lá riamh

(ní gá é seo a fhreagairt)

loinnir an uisce ina leánn
mórcheisteanna is mórfhreagraí an domhain
the neck of the flamingo
a question mark going the other way

was there ever a question in the first place

(no need to answer this)

the water shimmers and the great questions
and answers of the world disappear

2013-10-27

Graifítí an Lae: Alexander Berkman

Robálann an caipitleachas thú agus déanann sclábhaí tuarastail díot. Tacaíonn an dlí leis an robáil sin agus cosnaíonn sé í.
                              
      Alexander Berkman (1870 -1936)

Haiga

Íomhá Ron Rosenstock

fothraigh ó aimsir an Ghorta
á seachaint fiú
ag giorraithe
ruins from Famine times
even the hares
avoid them

2013-10-26

Góstaí Jack Kerouac/The Ghosts of Jack Kerouac

Ba ghóstaí iad go léir
d’athair bocht
do mháthair bhocht
Gerard, do dheartháir bocht
do mhná céile bochta
d’iníon bhocht
an bóthar
ag cur thar maoil le góstaí
scríbhneoirí, góstaí uile,
Ginsberg, Burroughs,
Snyder, Corso,
Ferlinghetti
gósta Thomas Wolfe
Whitman
Han-Shan
scamaill
sléibhte
giall cnámhach Neal Cassady
gósta an Chroí Ró-Naofa
zen
snagcheol
haiku
benzedrine
uisce beatha
an gósta sa bhuidéal folamh
striapacha
foilsitheoirí
Ku Klux Klan
góstaí Mheicsiceo
Cheanada
Mheiriceá
is na Briotáine
d’fhéadfaí dul ar aghaidh
ach níl aon deireadh
leis an mbóthar
téann sé ar aghaidh
is ar aghaidh
an gósta ionatsa
ar crith
roimh an duine

Oíche mhaith, Jack
They were all ghosts
your poor father
your poor mother
Gerard, your poor brother
your poor wives
your poor daughter
the road
teeming with ghosts
writers, all ghosts,
Ginsberg, Burroughs,
Snyder, Corso
Ferlinghetti
the ghost of Thomas Wolfe,
Whitman
Han-Shan
clouds
mountains
the bony jaw of Neal Cassady
the ghost of the Sacred Heart
zen
jazz
haiku
benzedrine
whiskey
the ghost in the empty bottle
prostitutes
publishers
Ku Klux Klan
the ghosts of Mexico
Canada
America
Brittany
one could go on
but there’s no end
to the road
it just goes on
and on
the ghost within you
trembling
before the man

Good night, Jack

Graifítí an Lae: Alexandra David-Néel

Más "leis an Tiarna é Neamh", is leis an duine an domhan le hoidhreacht & dá réir sin tá de cheart ag an taistealaí macánta cead a chos a bheith aige & an domhan ar fad - ar leis é - a shiúl.
Alexandra David-Néel (1868 -1969)

2013-10-25

Cead dul i dtír/Landen dürfen

Landen dürfen


Ich nannte mich
ich selber rief mich
mit dem Namen einer Insel.
Es ist der Name eines Sonntags
einer geträumten Insel.
Kolumbus erfand die Insel
an einem Weihnachtssonntag.
Sie war eine Küste
etwas zum Landen
man kann sie betreten
die Nachtigallen singen an Weihnachten dort.
Nennen Sie sich, sagte einer
als ich in Europa an Land ging,
mit dem Namen Ihrer Insel.

Permission to land

I named myself
I it was who called herself
after an island.
It’s the name of a Sunday
on a dreamed-up isle.
Columbus invented the isle
on a Christmas Sunday.
It was a coastline
somewhere to land
one can step ashore
the nightingales sing there at Christmas.
Name yourself, someone said
when I went ashore in Europe,
after your island.

Cead dul i dtír

Thugas
thugas-sa féin
ainm oileáin orm féinig.
Is ainm é ar Dhomhnach
ar oileán a aislingíodh.
Ba é Colambas a d’fhionn an inis
ar Dhomhnach Nollag.
Líne an chósta ab ea í
áit éigin le teacht i dtír
is féidir seasamh ann
canann filiméala ann um Nollaig.
Tabhair ainm d’oileáin ort féin
arsa duine éigin liom
nuair a thána i dtír san Eoraip.


Aus/From/As

Hilde Domin
Bitter-sweet Almond Tree
Crann Almóinní milis agus searbh

Ausgewählte Gedichte
Selected Poems
Rogha Dánta

Translated into English by Hans-Christian Oeser
Gabriel Rosenstock a d’aistrigh go Gaeilge

Seoladh leabhair ag Kritya/ Book launch at Kritya



Launch of first Hindi-Irish bilingual volume of poetry, poems by Rati Saxena.
An chéad leabhar dátheangach filíochta, Hiondúis-Ghaeilge, dánta le Rati Saxena.

2013-10-24

Lannaigh faoi Dhroichead Uí Chonaill

Bhailigh dornán daoine ar Ché Éidin
Chun breathnú ar na héisc faoin droichead.
Ghabh duine beag tharstu faoina chaipín liath:
‘Lannaigh!’ ar sé,
‘Dea-shíon ar feadh sé seachtaine.’

Agus is mar sin a bhí.
Tháinig an ghrian amach.
Shoilsigh an solas céanna
Ar Ard-Eaglais Chríost
Ar na Ceithre Cúirteanna
Ar Choláiste na Tríonóide
Ar Bhanc na hÉireann
Ar shiopa beag a bhí dúnta le cláir
Ina ngearrtaí eochracha tráth
Is ina gcuirtí faobhar ar sceana.

Chuardaigh iarsmaí Lochlannach
Is Gael
Shoilsigh ar scoileanna
Ar ospidéil, ar thábhairní is ar phríosúin,
Ar pháirceanna, ar thithe is ar an Zú:
Bhí moncaithe ann is leathadar a ngéaga roimis.

Shoilsigh an ghrian ar shráideanna
Is ar chaolsráideanna duirleogacha
Ar ghúnaí samhraidh na mban óg
Ar an Life
Is ar na héisc
Nár chorraigh ach ar éigean:
Lannaigh ar léir dóibh an todhchaí.

Gabriel Rosenstock

MULLET UNDER O’CONNELL BRIDGE


A group had gathered on Eden Quay
To watch the fish under the bridge.
A little fellow with a grey cap went by.
‘Mullet!’ says he,
‘Fine weather for six weeks.’

And so it was.
The sun came out.
The same light shone
On Christ Church Cathedral
On Trinity College
On the Bank of Ireland
On a little shop boarded up
Where once keys were cut
And knives sharpened.

It searched for the remains
Of Viking and Gael
Shone on schools
On hospitals, on taverns and prisons,
On parks and houses and on the Zoo:
Monkeys there to welcome it with open arms.

The sun beamed down on cobbled streets
And alleyways
On the summer dresses of young women
On the Liffey
And on the fish –
That scarcely moved –
Mullet: they could peer into the future.

(Translated by the poet)

2013-10-23

Coill Leitir Caoin

Íomhá Ron Rosenstock

Letterkeen Wood
Coill Leitir Caoin
cé d’ainmnigh ar dtús thú?
Coill Leitir Caoin
Letterkeen Wood
who first named you?

2013-10-22

Graifítí an Lae: Ernst Toller

Bolscaireacht na mbuaiteoirí atá sa stair.

Ernst Toller (1893 -1939)

The Bunowen River, Co. Mayo

Íomhá Ron Rosenstock

cromtha os cionn na habhann
géaga ag éisteacht
le heachtraí ón imigéin
bent over the waters
branches listen
to tales from afar

Túr na nAmhrán: Tionscadal Cohen ar camchuairt/The Tower Of Song: The Cohen Project on tour

TÚR NA nAMHRÁN: TIONSCADAL COHEN

THE TOWER OF SONG: THE COHEN PROJECT

Iniúchann Leonard Cohen gach aon ghné de nádúr an duine. Tagann tréithe agus tionchair éagsúla le chéile sna hamhráin aige - an misteachas Giúdach, an tráchtaireacht shearbh ar chúrsaí polaitíochta, an t-earótachas séimh - faightear sin agus tuilleadh in amhráin ar nós 'Suzanne', 'Hallelujah' agus 'First we take Manhattan', cuir i gcás. Tá Gaeilge mhaisiúil mhíorúilteach curtha ar liricí Cohen ag na filí Liam Ó Muirthile agus Gabriel Rosenstock. Is iad na hoirfidigh a chuirfidh an saothar breá seo inár láthair  Liam Ó Maonlaí, David Blake agus Hilary Bow agus ina dteannta beidh an Bradd Pitt Light Orchestra. Tá íomhánna scáileáin meallacacha cruthaithe ag Margaret Lonergan don seó.


Leonard Cohen explores the human condition in all its facets. Jewish mysticism, wry political commentary, tender eroticism - all meet in the potent lyricism of his songs, from ‘Suzanne’ to ‘Hallelujah’ to ‘First we take Manhattan’. Túr na nAmhrán features exquisite Irish language versions of Cohen’s songs, translated by poets Liam Ó Muirthile and Gabriel Rosenstock. They will be performed by Liam Ó Maonlaí, David Blake, and Hilary Bow, with support from the Brad Pitt Light Orchestra. Margaret Lonergan has created stunning screen projections of the lyrics.

Túr Na nAmhrán: Tionscadal Cohen ar camchuairt

The Tower Of Song: The Cohen Project on tour


A NASC tour in association with IMRAM Irish Language Literature Festival. Funded by the Arts Council.

10 October – 29 November
BOOKING INFORMATION
Thursday 24 October Dunamaise Arts Centre, Portlaoise €20/16 Box office 057 866 3355 www.dunamaise.ie
Friday 1 November An Grianán, Letterkenny €20/16 Box office 074 91 20777 www.angrianan.com
Friday 15 November Backstage Theatre, Longford €18/16 Box office 043 33 47888 www.backstage.ie
Saturday 16 November Town Hall Theatre, Galway City €20/16 Box office 091 569777
www.tht.ie
Friday 22 November Lime Tree Theatre, Limerick City €20/16 Box office 061 774774 www.limetreetheatre.ie
Saturday 23 November Glór Theatre, Ennis, Co Clare €20/16 Box Office 065 684 3103
www.glor.ie
Friday 29 November Siamsa Tíre, Tralee, Co Kerry €20/16 Box office 066 7123055 www.siamsatire.com

2013-10-21

Graifítí an Lae: Charles Bukowski

An difríocht idir daonlathas agus deachtóireacht ná go gcaitheann tú vóta i dtosach faoin daonlathas agus glacann tú le horduithe ansin ar ball; faoin deachtóireacht, ní gá duit do chuid ama a chur amú ag vótáil.

Charles Bukowski (1920 -1994)

Lómagnúpur, An Íoslainn

Íomhá Ron Rosenstock

Lómagnúpur
coimirceoir chósta an deiscirt –
fad saoil chugat!
Lómagnúpur
guardian of the south coast –
long life to you!

2013-10-20

Graifítí an Lae: Hunter S. Thompson

Tá teoiric agamsa nach n-insítear an fhírinne riamh idir a naoi agus a cúig.

Hunter S. Thompson (1937 - 2005)

Hvítserkur

Íomhá Ron Rosenstock

Hvítserkur –
spalladh an dragain
spalladh síoraí
Hvítserkur –
the dragon’s thirst
everlasting

2013-10-19

Graifítí an Lae John Lennon

Samhlaigh
 
John Lennon (1940-1980)

Tá sé tamall go Tiobraid Árann

Tá fógra in airde i dTiobraid Árann a deir:

 You’ve Come a Long Way.

Níl a fhios agam an mbeadh Trodairí na Treas Briogáide róshásta leis an bhfógra céanna.

Ar aon nós, tá stair aisteach ag baint le hamhrán máirseála na Sasanach It’s a Long Way to Tipperary. Foilsíodh leagan Cornaise de sa bhliain 1916! Aistríodh go Cannadais í chomh maith agus chloisfeá fós á chanadh é in Karnataka na hIndia faoin teideal Namma Tipparahalli balu Doora. (Ciallaíonn halli ‘sráidbhaile’ sa Channadais).

It's a long way to Tipperary,
It's a long way to go.
It's a long way to Tipperary
To the sweetest girl I know!

Goodbye, Piccadilly,
Farewell, Leicester Square!
It's a long long way to Tipperary,
But my heart's right there.

Tá sé tamall go Tiobraid Árann
Tá sé tamall is léir.
Tá sé tamall go Tiobraid Árann
Chuig an spéirbhean ins an spéir

Slán leat, Piccadilly,
Slán leat, Leicester Square!
Tá sé tamall go Tiobraid Árann
Ar m'anam, mo léir!

2013-10-10

Graifítí an Lae: Hugo Ball (1886 -1927)


Dhá haiku le Issa on mbliain 1804

'Brón ar an mbás, ní féidir a shéanadh' an téama a bhaineann leis an gcéad haiku ach is haiku breá éadromchroíoch é an dara ceann agus Issa ag iarraidh radharc a fháil ar mhná pioctha an bhia mhara!

sioc trom
ar an seantigh, fear an tí
sa chré

lag trá . . .
ceo idir mé
agus mná na sliogán

2013-10-09

Graifítí an Lae: Dorothy Day

An chloch bheag a chaitear sa lochán, cuireann sí cuilithíní á leathadh i ngach treo baill. Is amhlaidh dár gcuid smaointe, dár mbriathra is dár ngníomhartha uile.

Dorothy Day (1897 - 1980)

Mantra Gael-Indiach

Féach: http://ckuik.com/Magical_Healing_Mantras


Éist leis an mantra sárcheolmhar cúpla uair.
Ansin can na focail Ghaeilge seo in áit na bhfocal Sanscraite:

Is leat mo chroí go hiomlán!

D'fhéadfá é a chanadh dod leannán, dod chéile, dod Dhia, nó duit féin.


2013-10-08

Graifítí an lae: Ivan Illich

Slánaitheoir ainrialaitheach ab ea Íosa.

An tAthair Ivan Illich (1926 -2002)

Ashram Vinoba

(Grianghraf: Mark Granier)
In Ashram Vinoba, Ashram na mBan in Sevagram, lasmuigh den bhaile beag Wardah, bíonn na mná ann ag guí trí huaire sa lá. An rud a thaitníonn liom faoin India ná go bhféadfá rud ar bith a adhradh ann. D'fhéadfá guí chun Íosa ag an scrín seo cuir i gcás, nó d'fhéadfá guí chun na gcos cloiche chomh maith céanna, nó iad araon. Tá Dia i ngach áit is i ngach duine. Baineann na cosa cloiche le carachtair as ceann éigin de mhór-eipicí náisiúnta na hIndia.
Oidhre spioradálta Gandhi ab ea Vinoba a bhunaigh sé ashram ar fad. Tá tuilleadh faoin ashram áirithe seo anseo (thíos) agus an fhealsúnacht atá laistiar de. Más bean thú agus más mian leat an chuid eile de do shaol a chaitheamh ag obair sa ghort agus ag guí, neamhspleách ar airgead, duitse an ashram seo:
http://hellowardha.com/leftsidemenu/pavanar-ashram/

2013-10-07

Graifítí an Lae: Gandhi

Nuair a bhíonn éadóchas orm, cuimhním i gcaitheamh na staire gur bhuaigh bealach na fírinne agus bealach an ghrá i gcónaí. Bhí dúnmharfóirí agus aintiarnaí riamh ann. Ach titeann siad sa deireadh. Smaoinigh air sin, i gcónaí.

Gandhi (1869 -1948)

Tnáite mé ag feitheamh

Nuair a bhíos san Ind fuaireas leabhar agus in áit 'Translated by' bhí 'Transcreated by' agus thaitin sé liom mar nath. Táim chun 'Traschruthaithe ag' a úsáid feasta, measaim!


TNÁITE MÉ AG FEITHEAMH


Tnáite mé ag feitheamh
Sea, feitheamh fada fuar
An deoir ghorm á sileadh -
Tar, a dhaidí dhil, go luath.

Tá sneachta ar an bhfuinneog
Ní reofaidh sé mo chroí
Mar fuair sé bás nuair d'fhág tú mé,
Is scriosadh aislingí.

Tnáite mé ag feitheamh
Sea, feitheamh fada fuar
An deoir ghorm á sileadh
Tar, a dhaidí dhil, go luath
Ó, a dhaidí dhil, monuar.

Trí dheora feicim leannáin
 Is iad ag siúl thar bráid
 Is gach aon scéal nár tharla riamh -
 Maith dhom, a Dhia, mo chrá.

Tnáite mé ag feitheamh
Sea, feitheamh fada fuar
An deoir ghorm á sileadh
Tar, a dhaidí dhil, go luath
Ó, a dhaidí dhil, monuar.

                         (Traschruthaithe ag Gabriel Rosenstock)

WEARY BLUES:


Weary blues from waitin’
Lord, I’ve been waitin’ so long
These blues have got me cryin’
Oh, sweet daddy please come home

The snow falls ’round my window
But it can’t chill my heart
God knows it died the day you left
My dream world fell apart.

Weary blues from waitin’
Lord, I’ve been waitin’ so long
These blues have got me cryin’
Oh, sweet daddy please come home

Oh, sweet daddy please come home

Through tears I watch young lovers
As they go strollin’ by
And all the things that might have been
God forgive me if I cry

Weary blues from waitin’
Lord, I’ve been waitin’ so long
These blues have got me cryin’
Oh, sweet daddy please come home

Oh, sweet daddy please come home

2013-10-05

Duan don Chailín Crón

Ó dheas ó dheas in Dixie
    (Briseann sé mo chroí)
Crochadh mo leannán dorcha
    Ag Crosaire an Chrainn.

Ó dheas ó dheas in Dixie
    (Corp basctha sa ghaoth)
D’fhiafraíos-sa de gheal-Íosa
    ‘An fiú an phaidir bhaoth?’

Ó dheas ó dheas in Dixie
    (Briseann sé mo chroí)
An grá ina scáil tarnocht
    Ar lomaghéag an chama-chrainn.
Langston Hughes

Song for a Dark Girl


Way Down South in Dixie
    (Break the heart of me)
They hung my black young lover
    To a cross roads tree.

Way Down South in Dixie
    (Bruised body high in air)
I asked the white Lord Jesus
    What was the use of prayer.

Way Down South in Dixie
    (Break the heart of me)
Love is a naked shadow
    On a gnarled and naked tree.

2013-10-04

Sonia Sanchez: Haiku Gorma


lig dom bheith im dhí-
seart duit im ghaoth duit
dod shéideadh an lá ar fad

mise tusa i ngrá
lem scáil féin ag breathnú
ar fhéileacán iarnóna

cosa fásctha timpeall ort
ceamara. aicsean. seat teann.
ní athchraoladh é  seo

bhfuil fógra ar cíos
ar mo thóin? Níl cearta críche
ar bith agat anseo

nuair a déarfaimid slán
bíodh do theangasa im bhéal
ag damhsa heileo

ró-shleamhain
dom. ní thig liom tú a choinneáil
fada teann. níl dóthain oícheanta ann

Ar an suíomh idirlín Terebess Asia Online a fuarthas na haiku a leanas de chuid Sonia Sanchez:

trí thine ag do bhéal
anois ba mhaith leat go slogfainn
an t-aigéan

measctha leis an lá leis an ngrian
cromtha sa chré iompraím
i m’abhainn dhorcha thú

mise mé féin
faic ceilte síoda dubh amháin
os cionn dhá ghlúin

m’aghaidh cholmnach
do theacht is d’imeacht
breá réidh

racht gáire uait is mian liom
a chlos is mé ag marcaíocht ort
go maidin

ghreanas d’aghaidh
ar mo theanga is labhraim
leat i nguth maol

an mise ionat an tusa
ionam ag imbhualadh faoina chéile
i mbraon síl

as Morning Haiku (Beacon Press, Bostún)
(do Max Roach)


níl deireadh le haon ní
cuimhne ar do ghlór
ag gach seamaide féir

pléascann do ghlórtha
sa chruinne is filleann
ar an domhan mar phaidir

is tú ag drumáil
do dhá lámh sínte chun Dé
an t-am ar fad

aithris aoibhinn
ar do gháire
spéir na maidine

do bhuille mear
ag marcaíocht ar aer
ag socrú síos inár gcnámha

do lámha
ag lonrú
ar chosa na báistí.

as Haiku in English: The First Hundred Years

ná habair focal
tá an t-am ag sceitheadh
sna coillte

2013-10-03

Gormacha an Bhuachalla Uaignigh

Ó neamhdhuine is fada an t-achar é
Póca mór í áit ar bith
Chun rudaí beaga deasa
A chur ann

Nár tharla riamh déanta na fírinne

D’éinne ach amháin
An dream sin a raibh an t-ádh leo
Nár saolaíodh iad
Ó droch-áit is ea uaigneach

Le bheith sáite ann i measc na bplód

Is gan éinne ann
Ach tú féin amháin ag marcaíocht anonn is anall
Ar
Each caoch bán
Ar bhóthar folamh
Is buaileann tú led chairde go léir
Is sibh i láthair a chéile

Is fada an t-achar é neamhdhuine

Kenneth Patchen

Graifítí an Lae: Louise Michel

Tá an chumhacht mallaithe. Sin an fáth gur ainrialaí atá ionam.

Louise Michel (1830-1905)

Anocht i nGaillimh/ Tonight in Galway


2013-10-02

Gormacha Pósta

Níor theastaigh sé uaimse, is uaitse a bhí.
Tá sé agat anois is ní thaitníonn sé leat.
Níl aon éalú anois.
Muiceoil is pónairí, faicíní le ní,
Róbhocht le haghaidh scannáin, róthraochta le haghaidh babhta leathair.
Níl faic is féidir a dhéanamh.

Luathscríbhneoirí gnéasacha ar an traein faoi thalamh.
Tá ceann breá mór ag an mbuachaill grósaera.
Níl faic is féidir a dhéanamh ina thaobh.

Ní thagann an óige ach uair amháin,
Caithfear imeacht nuair a bheidh an t-am istigh.
Is mar sin a bhíonn. Níl éinne in ann é a athrú.

Leaideanna i ngluaisteáin mhóra ag feadaíl.
Ong na dtraenacha lastais istoíche.
Níl aon éalú uaidh.

Is mar sin atá an saol.
Gach éinne sa riocht céanna.
Ní athróidh sé go deo deo deo.

Kenneth Rexroth

Graifítí an Lae: Joseph Dietzgen

An rógaire féin, is breá an diúlach é.
Joseph Dietzgen (1828-1888)

2013-10-01

Gormacha an tSluachampa Ghéibhinn

Nílimse ag magadh, a chairde, nílimse ag ligean orm
Ní chuirfinn an dubh ina gheal oraibh, nílimse ag ligean orm,
An tIndiach sa chomarclann, sa gheiteo an fear gorm. 

Ar nós a bheith sa bhaile is tú ag iarraidh éalú
An mhiúil is í sa stalla,  is í ag iarraidh éalú,
Tá tú istigh i ngeiteo agus fanfaidh tú ann arú.

Ní chuirfinn an dubh ina gheal oraibh, ná déan gáire fúm
Táthar ag faire orainn, ná déan gáire fúm
Ag faire ar ár ndroim, sea, ar a leagfaidh siad an úim.

Bíodh ciall agaibh, a chairde, amach linn as an gcampa
Nílimse ag magadh, amach linn as an gcampa
Mar tá fear ansin is é réidh lenár mbrandáil lena stampa.
 Henry Dumas

Graifítí an Lae: Pau Casals i Defilló

Is breá an rud é grá tíre. Ach cén fáth a stopfadh an grá ar an teorainn?
Pablo Casals Pau Casals i Defilló (1876 -1973)