2013-11-30

Graifítí an Lae: John Henry Mackay


Is ainrialaí mé! Dá réir sin, ní rialóidh mé ná ní rialófar mé ach an oiread.


John Henry Mackay (1864 -1933)

Susanne Sa Seomra Folctha

Eagrán nua dem chéad leabhar filíochta Susanne Sa Seomra Folctha le híoslódáil saor in aisce anseo.

SEACHAIN - Ag Teacht go Luath!

Tá torann aisteach aerach le cloisteáil i dteach duine de na bleachtairí. Cad atá ann in aon chor? An den saol seo nó den saol eile é? 
An bhfuil a leithéid de rud ann agus zombaí? Tá, dar le Tomáisín, duine de na bleachtairí. Cás eile le réiteach!

2013-11-29

Books Ireland: Deireadh Ré

Is drochscéal amach is amach é go bhfuil deireadh tagtha leis an iris Books Ireland. Fógraíodh a bhás ar chlúdach an eagráin reatha, eagrán na Nollag. Iris is ea í - nó iris ab ea í - a thug a ceart riamh don Ghaeilge, rud nach féidir a rá i dtaobh mórán foilseachán Béarla eile in Éirinn. An Chomhairle Ealaíon a chniog é sa deireadh nuair a tarraingíodh siar an deontas. Droch-chinneadh amach is amach go háirithe nuair a smaoiníonn tú ar na milliúin a chaitheann siad ar an amharclann náisiúnta, Amharclann na Mainistreach, amharclann náisiúnta nach gcreideann sa teanga náisiúnta, is léir.
Táim cinnte go bhfuil foilsitheoirí agus scríbhneoirí na Gaeilge agus an Bhéarla in ísle brí. Beidh leabharlannaithe, leis, fágtha ar easpa treorach.
 
 Ní gach éinne a bhí sásta leis an iris, ar ndóigh, go háirithe filí an Bhéarla ar chuir léirmheasanna Fred Johnston agus Kevin Kiely cuthach orthu. An raibh daoine ina measc a chuir brú ar an gComhairle Ealaíon?
 
 Braithfidh mé uaim léirmheasanna ó na colúnaithe rialta, Rory Brennan, abair, a bhí meáite riamh, mheasas, cé nach fear Gaeilge é, agus braithfidh mé uaim na fógraí fiú amháin. Ní raibh uirlis níos fearr ná níos suimiúla againn chun coimeád suas leis na leabhair is déanaí a bhí ar an margadh. Táim á léamh ó bunaíodh é, 38 bliain ó shin, mise agus síntiúsóirí in Éirinn, thuaidh is theas, agus léitheoirí eile in 21 tír ar fud an domhain. Is geall le bás anabaí é nuair a imíonn iris mar sin, iris a bhí a léamh agat ar feadh do shaoil.

2013-11-28

Dennis Brutus a rugadh ar an 28 Samhain

Is mise an crann...
le Dennis Brutus

Is mise an crann díoscánach
sa ghaoth
san oíche lasmuigh
cam ceannláidir

Is mise an leathán
stáin
an bothán cam
díoscánach sa ghaoth
i m'agóid bhrónach chaolghlórach

Is mise an guth
ag éamh san oíche
ag caoineadh de shíor
sólás níl i ndán dom

2013-11-25

Muintir Oileáin Pelew

Pelew Islanders


When Europeans first landed
on the Pelew Islands, the naked natives
greeted them with horrified astonishment.
Touching the sailors' clothes with trembling fingers,
they begged to know what method of tattoo
produced such strange and colourful skin.
Bill Wolak


Muintir Oileáin Pelew



Nuair a tháinig Eorpaigh i dtír an chéad uair
sna hOileáin Pelew, bhí alltacht
is ionadh ar na bundúchasaigh nochta ann.
Leagadar méara creathánacha ar éadach na mairnéalach
agus iad cíocrach chun a fháil amach cén modh tatuála
a chruthaigh craiceann chomh hait is chomh hiontach leis

2013-11-24

An chonair Chugatsa

An chonair Chugatsa
im chroíse tá go glé
ní fheictear í, ní heol don aigne í.


Déantar tost dem bhriathra
timpeallaíonn Do mhilseacht mé.

--  The Book of Everything: Journey of the Heart's Desire, le Hakim Sanai Al-Ghaznavi / Aistrithe go Béarla ag Priya Hemenway

2013-11-23

Crann

Íomhá Ron Rosenstock

féach! dúchas na gaoithe
á ghabháil chuige féin
ag crann
look! a tree
is becoming the spirit
of the wind

2013-11-22

Graifítí an Lae: Lucy Parsons

Ó, a Ainnise, tá cupán do bhróinse ólta go dtí an dríodar agam, ach is ceannairceach i gcónaí mé!
Lucy Parsons (1853 -1942)

Martin Walser Poetry Reading, 26 November 2013

POEMS by Martin Walser
Reading
26 November 2013, 6:30 pm
Trinity College Dublin, Trinity Long Room Hub, Arts and Humanities Research Institute
In German/English/Irish

Admission free


A reading of poems by Martin Walser in German, English and Irish is presented by the Goethe-Institut Irland and the Centre for Literary Translation at Trinity College Dublin on 26 November. The poem collection is „Brennende Blumen – Burning Flowers – Bláthanna á nDó“, published by Irish publisher Coiscéim.

In addition to the German poems – read by Peter Arnds, director of the TCD School of Languages, Literature and Cultural Studies – the long-standing translators Hans-Christian Oeser and Gabriel Rosenstock are going to read from the English and Irish translations.

Walser, who is widely famous for numerous novels such as „Ehen in Philippsburg“ (Marriage in Philippsburg, 1957), „Ein springender Brunnen“ (A Gushing Fountain, 1998) and „Das dreizehnte Kapitel“ (The 13th chapter, 2012), has also published many very personal poems in his diaries „Leben und Schreiben“ (Live and write, 2005, 2008, 2010), published in three volumes. Coiscéim has collected and commissioned translations of a selection of them, spanning the years 1951-1978. The mood and themes from Walser’s novels is also reflected in his poetry, as Oeser notes in the book’s foreword: “Hurts, upsets and grievances – these are the common thread characterizing the discomforting miniatures … They are splinters from a self-reflective consciousness that revolve around a distinct but precarious and threatened ego constantly in flight from himself.”

Gabriel Rosenstock is the author-translator of over 170 books, mostly in Irish. His latest books are Sasquatch, a bilingual volume of poems from Arlen House and The Naked Octopus, erotic haiku from Evertype.

Hans-Christian Oeser is an author, translator and editor. In 1997 he was awarded the European Translator’s Award Aristeion for “Der Schlächterbursche” (The Butcher Boy) by Patrick McCabe.


Contact
Goethe-Institut Irland
37 Merrion Square
Dublin 2
Tel:            +353 1 6611155     
Fax: +353 1 6611358
info@dublin.goethe.org

an duine a shantaigh an saol eile

rois
an
traonach
an
chaille
sin
idir
an
saol
seo
is
an
saol
eile
ach
ó
d’imigh
an
traonach

mo
dhuine
sáinnithe
abhus

mór

dul
ar
e-bay
anois
agus
traonach
a
lorg

Niillas Holmberg: File Sáimise


Rugadh Niillas Holmberg sa bhliain 1990. File agus ceoltóir Sáimise é as an bhFionlainn. Cumann sé agus canann sé i Sáimis an Tuaiscirt agus tá roinnt scríofa aige san Fhionlainnis agus sa Bhéarla chomh maith.
Tá dhá chnuasach filíochta amuigh aige, Dego livččen oaidnán iežan (2009) agus Amas amas amasmuvvat (2013). Seinneann sé féin agus Roope Mäenpää ag féilte ar fud an domhain agus ba bhreá leis an mbeirt acu teacht go hÉirinn uair éigin. (Má tá éinne amuigh ansin a thabharfadh cuireadh dóibh, bí i dteagmháil linn).

San India a casadh ormsa é, ag féile filíochta. Scríobh sé chugam le déanaí chun a rá liom nach cuimhin leis mórán faoin oíche dheireanach againn ag an bhféile ach nuair a dhúisigh sé an mhaidin dár gcionn bhí dhá chóip den leabhar céanna aige, ceann acu sínithe domsa. Theastaigh mo sheoladh poist uaidh chun go mbeadh sé in ann an leabhar a chur chugam. Tá súil agam gur fiú an stampa poist é, pé leabhar é féin.

Seo dáinín leis a thaitníonn liom agus tá YouTube leis anseo chomh maith:


ó am go chéile
tagann neach faoi mo dhéin
ach ritheann as anáil
ag an nóiméad deireanach
casann ar ais
is ritheann chun breith arís ar a anáil

b'fhéidir go samhlaímse achair rómhór liom féin

2013-11-21

Graifítí an Lae: Nisargadatta Maharaj

Is é is Gaois ann a fhios a bheith agam nach aon ní mé,
is é is Grá ann a fhios a bheith agam gur gach aon ní mé,
agus eatarthu is ea a ghluaiseann mo shaol.

Sri Nisargadatta Maharaj (1897-1981)

The Invisible Light - Haiga set to music


2013-11-20

Graifití an Lae: George MacDonald

Ní hé nádúr na polaitíochta é go dtoghfaí na daoine is fearr. Ní theastaíonn ó na daoine is fearr a gcomh-dhaonnaithe a rialú.

George MacDonald (1824 -1905)

Haiku le Issa ón mbliain 1792

Bláthanna silíní agus móta Chaisleán Edo le feiceáil anseo.


Caithfidh go raibh an-fhuacht ann i ngeimhreadh na bliana 1792 má chuala Issa an sotobori, an móta, á scoilteadh.Treisíonn an ghealach mothú an fhuachta sa haiku suaithinseach seo.


fuaim an mhóta
á scoilteadh -
gealach an gheimhridh

.外堀の割るる音あり冬の月

    sotobori no waruru oto ari fuyu no tsuki

2013-11-18

Graifítí an Lae: Cafiero

A chairde, brostaímis an Réabhlóid chomh tapa agus is féidir.
Carlo Cafiero (1846 -1892)

2013-11-17

Cara scoile a d’éag



Leáite ataoi sa cheol
a sheinnteá is tú id gharsún
an corn Francach
ag fógairt go mbeifeá ann go deo


Cad d’imigh ar an gcorn?
Bhfuil beola eile inniu leis

Graifítí an Lae: Johann Most

An té a chuireann in aghaidh na sochaí faoi mar atá sí faoi láthair agus a lorgaíonn tosca sóisialta a bheadh bunaithe ar mhaoin a roinnt, is réabhlóidí é is cuma an dtugann sé ainrialaí nó cumannaí air féin.
 
Johann Most (1846 - 1906)

2013-11-15

Graifítí an Lae: Howard Zinn

Conas is féidir cogadh in aghaidh na sceimhlitheoireachta a bheith ann nuair is sceimhlitheoireacht atá sa chogadh féin?
Howard Zinn (1922-2010)

2013-11-13

Graifítí an Lae: William Shakespeare

An chéad rud atá le déanamh, maraímis na dlíodóirí go léir.
 
William Shakespeare
(Anraí VI, Cuid 2
)

2013-11-12

Graifítí an Lae: Rudolf Rocker

D'fhéadfadh stát nua a chruthófaí trí réabhlóid shóisialta deireadh a chur le pribhléidí na sean-aicmí ceannasacha ach ní fhéadfadh sé é sin a dhéanamh gan aicme nua phribhléideach a chur ar bun ar an toirt, aicme a mbeadh gá aige léi chun fanacht i gcumhacht.
 

Rudolf Rocker (1873 -1958)

2013-11-11

An chéad leabhar dátheangach Hiondúis/Gaeilge

Blaiseadh:

An t-am in aice liom

Dhúisíos déanach inniu,
Níor bhacas leis an gcupán tae,
Thosnaíos ar fhile Liotuánach anaithnid a léamh.
Bhí a chuid dánta oscailte, mar a bheadh eallach ann
Agus thosnaigh mo chuid briathra ag líonadh
na spásanna eatarthu.
Níor bhacas inniu leis na gréithe neamhnite sa doirteal,
Níor fhilleas na héadaí a bhí nite.
Chuireas an teilifís ar siúl, d’athraíos na cainéil
Agus ligeas don seomra a bheith líonta le guthanna éagsúla.
Chuaigh focail ar eite ó bharr mo mhéar,
Méara ar na heochracha,
Agus saolaíodh dán im ríomhaire.
Bhí an t-am ag póirseáil mórthimpeall orm
Ar nós mo mhaidrín mhúinte.

Tá an leabhar ar fáil anseo:

Graifítí an Lae: Hippolyte Havel

Bhí dóthain ceannairí againn. Imeoidh an laoch, an ceannaire, an t-oide agus an fáidh i gceann na haimsire, mar a d'imigh an rí, an barún agus an caipitlí.
Hippolyte Havel (1871 -1950)

Leabhar haiku agus haibun le híoslódáil saor in aisce/ FREE DOWNLOAD

Ar fáil anseo:

2013-11-10

Graifítí an Lae: Bob Black

Den chuid is mó, caitear am saor ag ullmhú le haghaidh oibre, ag dul ag obair, ag filleadh abhaile ón láthair oibre agus ag teacht chugainn féin ó bheith ag obair.

Bob Black (1951 - )

Mukteshwari le Swami Muktananda

Kundalini Shakti, fuinneamh na cruinne.
Cumhacht an Bhandé mhóir seo
A chruthaíonn an chruinne.
A Mhuktananda, cuir aithne Uirthi.

Nuair a dhúisíonn Kundalini
Bíonn gach aon doras ar leathadh.
Nochtann Rama é féin sa chroí.
A Mhuktananda, gráigh Kundalini.

Nuair a dhúisíonn Kundalini
Líontar na súile le solas,
Éiríonn cumhrachtaí,
Folcann neachtar an teanga,
An ríméad ag súgradh sa chroí,
A Mhuktananda, adhair Kundalini.

Mukteshwari

By Swami Muktananda

(1908 - 1982)



Kundalini Shakti is the prana of the universe.
By the power of this great Goddess
the universe exists.
Muktananda, know Her.

When Kundalini awakes
all doors are thrown open.
Rama reveals himself in the heart.
Muktananda, love Kundalini.

When Kundalini awakes,
the eyes are filled with light,
fragrances arise,
nectar bathes the tongue,
ecstasy plays in the heart....
Muktananda, worship Kundalini.

Graifítí an Lae: Eugene V. Debs

Níl aon tír agamsa le troid ar a son; mo thírse an domhan; saoránach domhanda mé.

Eugene V. Debs (1855 -1926)

2013-11-09

Graifítí an Lae: James Kelman

Nócha naoi faoin gcéad de litríocht thraidisiúnta an Bhéarla baineann sí le daoine nach gá dóibh a bheith buartha faoi chúrsaí airgid in aon chor.

James Kelman (1946 - )

2013-11-08

Graifítí an Lae: Utah Phillips


Níl an stát in ann saoirse a thabhairt duit, agus níl sé in ann í a bhaint díot. Is leat ó dhúchas í ...

Utah Phillips (1935 -2008)

2013-11-07

Graifítí an Lae: Luisa Capetillo

Ná ceannaigh breá breá ná seodra, mar is luachmhaire leabhair ná iad.

Luisa Capetillo (1879 -1922)

2013-11-05

Uaigh

Íomhá Ron Rosenstock
uaigh an ghaiscígh
is gan éinne á cosaint
ach néalta fáin
warrior grave
none to guard it
but passing clouds

Graifítí an Lae: Frederick Douglass

Iad siúd a deir go bhfuilid ar son na saoirse ach a cháineann an chorraíl, is daoine iad a bhfuil báisteach uathu gan toirneach gan tintreach.


Frederick Douglass (1818-1895)

2013-11-04

Gabhair/ Goats

Íomhá Ron Rosenstock

tá roinnt ceisteanna
le freagairt –
gabhair sna crainn
there are some questions
to be answered –
goats in the trees



Invisible Light
Twenty four black and white infrared photographs by Ron Rosenstock with accompanying Haiku by the Irish Poet, Gabriel Rosenstock, in English and Irish with translations into Spanish by Francisco X. Alarcon and Japanese by Mariko Sumikura

Graifítí an Lae: Axel Munthe

Ní laistiar de bharraí an cháis atá an t-ainmhí fiáin cruálach. Os a chomhair atá sé.

                              
   Axel Munthe (1857 -1949)

2013-11-03

Maidin, Maidin le Tuli Kupferberg (1923-2010)

Féach http://youtu.be/UJSoDuaBJ8k

Maidin maidin
Bím an-uaigneach ar maidin
Maidin maidin
Maidin is dobrón

Grian grian
Grian ag gáire ar mo ghnúis
Is an ghlóir atá sa bhorradh:
Táim á lobhadh i mo phluais

Iarnóin iarnóin
Bím an-uaigneach san iarnóin
Iarnóin iarnóin
Iarnóin is dobrón

Gealach gealach
Sámhaíonn tú na cnoic le cúr
Tá mo ghnúis ’na smidiríní
Ag do thaitneamh, ag do rún.

Oíche oíche
Ar mo ghruasa, ochón,
Oíche oíche
Faoiseamh níl i ndán go deo

Réaltaí réaltaí
Grámhar mé faoi spéir na seod
Réaltaí réaltaí
Blaisim deora – is do phóg
 

Morning, Morning

  Tuli Kupferberg (1923 -2010)


Morning morning
Feel so lonesome in the morning
Morning morning
Morning brings me grief

Sunshine sunshine
Sunshine laughs upon my face
& the glory of the growing
Puts me in my rotting place

Evening evening
Feel so lonesome in the evening
Evening evening
Evening brings me grief

Moonshine moonshine
Moonshine drugs the hills with grace
& the secret of the shining
Seeks to break my simple face

Nighttime nighttime
Kills the blood upon my cheek
Nighttime nighttime
Does not bring me to relief

Starshine starshine
Feel so loving in the starshine
Starshine starshine
Darling kiss me as I weep

Graifítí an Lae: Íosa

De bhrí go bhfuil tú alabhog, gan a bheith fuar ná te, táim chun tú a sceitheadh as mo bhéal amach.
 Íosa (0 - 33)
(3.16 Apacailipsis Eoin)

2013-11-02

Dán dar teideal Zazen le Dogen

Eihei Dogen
(1200 - 1253)

Leagan Béarla: Steven Heine
The moon reflected
In a mind clear
As still water:
Even the waves, breaking,
Are reflecting its light.

Frithchaitheamh na gealaí
In aigne atá chomh glé
Le huisce féithchiúin:
An solas frithchaite fiú
Ó bhriseadh na dtonn

Graifítí an Lae: Timothy Leary

Meafar ar fad atá san eolaíocht.
Timothy Leary (1920 - 1996)