2013-11-11

An chéad leabhar dátheangach Hiondúis/Gaeilge

Blaiseadh:

An t-am in aice liom

Dhúisíos déanach inniu,
Níor bhacas leis an gcupán tae,
Thosnaíos ar fhile Liotuánach anaithnid a léamh.
Bhí a chuid dánta oscailte, mar a bheadh eallach ann
Agus thosnaigh mo chuid briathra ag líonadh
na spásanna eatarthu.
Níor bhacas inniu leis na gréithe neamhnite sa doirteal,
Níor fhilleas na héadaí a bhí nite.
Chuireas an teilifís ar siúl, d’athraíos na cainéil
Agus ligeas don seomra a bheith líonta le guthanna éagsúla.
Chuaigh focail ar eite ó bharr mo mhéar,
Méara ar na heochracha,
Agus saolaíodh dán im ríomhaire.
Bhí an t-am ag póirseáil mórthimpeall orm
Ar nós mo mhaidrín mhúinte.

Tá an leabhar ar fáil anseo: