2013-12-01

Ar an lá seo, 1 Nollaig: Rugadh Julia Moore

Éireannaigh ab ea tuismitheoirí William McGonagall, an file ba mheasa a bhí riamh ann, más fíor. Ach maíonn na Meiriceánaigh go bhfuil éigsín acu féin a bhí chomh dona leis, agus an spéis chéanna aici i dtimpistí agus i mbásanna. Julia Moore ab ainm di a rugadh ar an gcéad lá de mhí na Nollag, 1847. Is ar an 5 Meitheamh 1920 a bhuail sí leis an Léirmheastóir mór sa spéir. N’fheadar ar de phór Éireannach í? Pé scéal é, McGonagall is Moore,  is dócha gur timpistí véarsaíochta an cur síos is fearr a dhéanfá ar a gcuid dánta. Sliocht as dán léi, Ashtabula Disaster, anseo thíos.

 

 

Ashtabula Disaster


Fonn: "Gently Down the Stream of Time"

Have you heard of the dreadful fate
Of Mr. P. P. Bliss and wife?
Of their death I will relate,
And also others lost their life;
Ashtabula Bridge disaster,
Where so many people died
Without a thought that destruction
Would plunge them 'neath the wheel of tide…


Agus mar sin de. Is breá liom é 'Mr P. P. Bliss and wife', go ndéana Dia grásta orthu. Ní fhéadfá é a chumadh, mar a deir siad!

Anois, cé hé an file Gaeilge is measa a bhí riamh ann? Tá a fhios agamsa ach nílim chun mo bhéal a oscailt!