2013-12-09

Im bhraon báistí

Justin McCarthy, fear an hata san fhíseán, a d'iarr orm liricí Gaeilge a chur le Sukiyaki, amhrán a bhí go mór i mbéal an phobail sa tSeapáin.

Im bhraon báistí

 (Fonn: Sukiyaki)

Mar gheall ortsa, a rún
Is mé atá faoi bhrón
Ó d’imigh tú
Lá báistí ’sea mo shaol is tá an grá fós im chroí
Grá 'fhanfaidh go síoraí
Ó d’imigh tú is mé ‘tá uaigneach

Cuimhní nach gcaillfear choíche
Cuimhní chomh sean le ceo
An grá mar bhogha sa spéir
An grá a scaip an brón go léir
Ach cá ndeachaigh tú
Féach na deora i mo shúil’
Deora iad nach féidir a thriomú

A rún is ó a stór go deo
Ó d’imigh tú tá gach cuid díomsa ag feo

Dá mbeifeá le mo thaobh
Do labhróinn leat go caoin
Is bheadh an ghrian
Ag soilsiú uait mar leigheas ar phian
Sé fírinne an scéil, go bhfuil an fuacht istigh id chroí
Is beadsa brónach go síoraí.

Cad d’imigh ort gur bhailigh tú i gcéin uaim
Ní thuigimse an scéal
Níl ionamsa anois ach sceach i mbéal na gaoithe
Tar is cuir do bheola ar mo bhéal
Dá mbeifeá le mo thaobh
Do labhróinn leat go caoin
Is bheadh an ghrian
Ag soilsiú uait mar leigheas ar phian
Sé fírinne an scéil, go bhfuil an fuacht istigh id chroí
Is beadsa brónach go síoraí.

(Is táim mar bhraon báistí ar leac fuinneoige)