2014-04-12

Ar an lá seo 12 Aibreán

Ar an lá seo 12 Aibreán, 1989, chuir Abbie Hoffman lámh ina bhás féin.
“Is olc an ní é goid ó do dheartháir nó ó do dheirfiúr. Tá sé chomh mímhorálta céanna gan goid ó na hinstitiúidí sin ar colúin Impireacht na Muc iad.”
“Creidimse sa chanablacht éigeantach. Dá gcuirfí iallach ar dhaoine an méid a mharaíonn siad a ithe, bheadh deireadh le cogaí.”
“Chun sochaí mhalartach a eagrú níl le déanamh ach daoine a eagrú thart ar na nithe sin atá siad in ann a dhéanamh, agus níos tábhachtaí fós, na nithe sin a theastaíonn uathu a dhéanamh.”
“Bí i d’idirnáisiúnaí agus foghlaim conas meas a bheith agat ar an mbeatha go léir. Déan cogadh a fhearadh ar mheaisíní, go háirithe meaisíní aimride sin an bháis chorparáidigh agus na róbait atá á ngardáil.”
“Is de bha beannaithe iad na borgairí is blasta.”