2014-04-26

Ar an lá seo 26 Aibreán

Ar an lá seo 26 Aibreán, 1886, rugadh Ma Rainey

Na Gormacha Éagaointeacha 


Mmmn, mmmn
Mmmn, mmmn


Do bhuail an clog ar maidin, n’fheadarsa cá raibh mo thriall
Do bhuail an clog ar maidin, n’fheadarsa cá raibh mo thriall
Bhí mé chomh gorm sin
Shuíos ar an urlár síos.

Shocraíos go rachainn ar an sliabh, léim sa mhuir mé féin a bhá
Shocraíos go rachainn ar an sliabh, léim sa mhuir mé féin a bhá
Nuair a bhíonn mo Dhaidí amuigh, níl aon spéis aige sa ghrá

Mmmnn, mmmn
Mmmmn, mmmn

Daidí, daidí, tar abhaile, fan
Daidí, daidí, tar abhaile, fan
Táim ar mo shlí, is as mo mheabhair glan.