2014-04-30

Ar an lá seo 30 Aibreán

Ar an lá seo, 30 Aibreán, 1865, rugadh Max Nettlau, Ainrialaí Gearmánach agus Breatnaiseoir:
“Ní fhéadfadh fíordhaonnacht a bheith ann, ní fhéadfadh fíor-fhéinmheas a bheith ann, gan muinín a bheith againn asainn féin. Níl éinne in ann cabhrú leat mura gcabhróidh tú leat féin. Ní gheallaimidne go ndéanfaimid rud ar bith duit, nílimid ag lorg aon rud ort, ach achainímid ort comhoibriú linne chun go mbeadh an tsochaí in ann saoirse agus dea-bhail a chur ar fáil do chách.
Chun é sin a dhéanamh go héifeachtach, caithfimid go léir a bheith lán de spiorad na saoirse agus is í an tsaoirse sin – saoirse, an tsaoirse amháin – bunphrionsabal an Ainrialachais.
Tá an tsaoirse fíor-riachtanach má tá an cine daonna chun forbairt cheart a dhéanamh agus is í an tsaoirse an t-aon ní a gheallann a leithéid.”
“Is tríd an údarás a throid agus a dhúshlán a thabhairt a dhéantar dul chun cinn i gcónaí. Daoine móra sa stair – daoine a dhein obair cheart, is é sin obair a d’fhóin do dhul chun cinn an chine daonna trí dhlíthe a bhriseadh agus cur ina n-aghaidh, dlíthe a bhí in ainm is a bheith ann go brách – thaispeánadar bóithre nua dúinn go léir, d’osclaíodar talamh úr. Ceannaircigh ab ea iad …. Ní hamháin gur theastaigh uathu féin a bheith saor ach thuigeadar rud nár léir don dream a chuaigh rompu, is é sin chun go mbeimisne saor caithfidh daoine thart orainn a bheith saor chomh maith… Na ceannaircigh sin ar son na saoirse is an dul chun cinn is iad na hAinrialaithe iad i ngach tír agus is i gcomhpháirtíocht leosan a achainímid oraibh staidéar a dhéanamh ar ár gcuid prionsabal, ar ár ngluaiseacht agus má aontaíonn tú leo, bí linn sa streachailt in aghaidh an údaráis agus in aghaidh an dúshaothraithe - ar son saoirse agus séan do chách.”