2014-05-20

Ar an lá seo, 20ú Bealtaine

Ar an lá seo 20 Bealtaine, 1959, rugadh Bruddah Iz mar a thugtaí ar an amhránaí agóide Israel Kamakawiwo’ole.
“Is ait le rá é is dócha ach ní chuireann an bás aon eagla ormsa. Mar is dóigh liomsa gur sealadach iad na háiteanna seo go léir. Níl anseo ach sliogán amháin, blaosc amháin. Mairimidne, muintir Haváí, sa dá shaol.”