2014-05-26

Óige na bhFilí

Níl an oiread sin grianghraf againn d'fhilí na Gaeilge a tógadh agus iad ina gcailíní nó ina mbuachaillí óga. Dá mbeadh grianghraif againn díobh, Seán Ó Ríordáin, Máirtin Ó Direáin, Máire Mhac an tSaoi, Michael Davitt, Biddy Jenkinson, Nuala Ni Dhomhnaill, Cathal Ó Searcaigh, Liam Ó Muirthile, Derry O' Sullivan, Gearóid Mac Lochlainn, Louis de Paor, Colm Breathnach,  etc. etc., an n-aithneoimis splanc na filíochta iontu nó an mbeidís ar nós páistí ar bith?
Agus mé in Thessaloniki le déanaí, tháinig mé ar ghrianghraf den fhile Macdara Ó Luanaigh a tógadh agus é ina gharsún óg. D'aithneofá, is dóigh liom, go raibh rud éigin as an ngnách i ndán dó.