2014-07-18

Ar an lá seo 18 Iúil

Ar an lá seo 18 Iúil, 1937, rugadh Hunter S. Thompson
“Bíonn amanna ann, áfach, agus is am acu sin anois é nuair a mhothaíonn sé mícheart a bheith i gceart. Cad is féidir a rá, mar shampla, faoin nglúin sin ar múineadh dóibh go bhfuil nimh sa bháisteach is bás sa ghnéas? . . . Is ait an mac an saol. Éiríonn daoine áirithe saibhir, daoine eile itheann siad cac agus faigheann bás . . .”

“Maith más ea, má chreideann páistí agus fríceanna aigéid i nDaidí na mBolg – ach is lá thar a bheith mífholláin dóibh siúd a bhfuil post acu é. Rud corraitheach is ea é a fhios a bheith agat go mbeidh duine as scór a chasfar ort um Nollaig ar shlua na marbh an t-am seo an bhliain seo chugainn . . . Tá daoine áirithe in ann glacadh leis sin agus daoine eile nach bhfuil. Sin an fáth ar chruthaigh Dia fuisce …”

“Tá fianaise an-láidir ann a thacódh leis an nóisean gur cuireadh mise agus na póilíní ar an saol seo chun rudaí an-difriúla a dhéanamh agus gan cuimilt lena chéile go proifisiúnta, ach amháin ag ócáidí oifigiúla, nuair a chaithimid go léir carbhat agus nuair a bhíonn craic ar dóigh againn ar nós na mbuachaillí fiáine nádúrtha gealgháireacha is eol dúinn inár gcroí istigh atá ionainn… Is annamh iad na hócáidí sin ach tarlaíonn siad…”

“Is iomaí slí chun ealaín na hiriseoireachta a chleachtadh agus ceann acu sin is ea d’ealaín a úsáid mar chasúr chun na daoine cearta a mhilleadh – is iad do naimhde iad i gcónaí nach mór, ar chúis amháin nó ar chúis eile, agus is ceart iad a chraplú mar tá dul amú orthu. Is nóisean dainséarach é seo agus is beag iriseoir proifisiúnta a thacódh leis – déarfaidís go bhfuil sé “díoltasach” is “tútach” is “contráilte” is cuma cé chomh minic is a dhéanann siad féin an rud céanna. “Níl sa chineál sin stuif ach tuairimíocht,” a deir siad, “agus buailtear bob ar an léitheoir mura bhfuil lipéad na tuairimíochta air.” Bhuel, b’fhéidir é . . .”

“Tá na túir leagtha anois, ina spallaí fola, agus ina dteannta an dóchas go mbeadh Síocháin ann Lenár Linn, sna Stáit Aontaithe nó i dtír ar bith eile. Ná bíodh aon bhreall oraibh: Táimid i gCogadh anois – in aghaidh dream éigin – agus fanfaimid i gCogadh leis an Namhaid mistéireach sin ar feadh an chuid eile dár saol.”

“Sa chéad áit, ní hionann a bheith gafa agus a bheith ciontach. Sa dara háit, athraíonn an dlí ach ní athraímse. Cá seasaimse i dtaca leis an dlí de ag aon am ar leith, braitheann sé sin ar an dlí. Athraíonn an dlí ó stát go stát, ó náisiún go náisiún, ó chathair go cathair. Is dócha go mbeidh orm géilleadh do dhlí níos airde.”

“An rud is urghránna a dhein Hitler riamh, níor chuir sé oiread alltachta orm is a chuir na grianghraif sin ó Abu Ghraib.”

“Níl spéis ag an dream óg sa pholaitíocht, deirtear. An chuid is mó acu ní theastaíonn uathu cloisteáil ina thaobh. Na laethanta seo, ní theastaíonn uathu faic a dhéanamh ach luí thart ar thocht uisce agus an gad-deam marrywanna sin a chaitheamh . . . yé, agus eadrainn féin, Fred, is dócha gurb amhlaidh is fearr é.”

“Tá faighte amach agam má chuirim nithe i scríbhinn go dtuigim iad agus go bhfeicim beagáinín níos oibiachtúla iad … Mar níl i bhfocail ach uirlisí agus má bhaineann tú leas as na cinn chearta d’fhéadfá do shaol a chur in ord fiú, is é sin mura n-inseofá bréaga duit féin agus na focail mhíchearta a úsáid.”

“Ag an nóiméad seo, tá ciaróg atá chomh mór le tóin Dé ar an mbord, thart ar sé orlach ón gclóscríobhán. Is measa é ná aon rud a taibhríodh riamh do Kafka, tá sé chomh mór sin go bhfeicim a shúile agus an clúmh ar a chosa – Íosa Críost, tá sé tar éis léim a thabhairt san aer agus tá sé do mo thimpeallú anois agus seordán bagrach uaidh.”

“Ba é an saghas baile é inar mhothaigh tú ar nós Humphrey Bogart ann: ar eitleán beag corrach a bhainis amach an áit agus, ar chúis aisteach éigin, fuairis seomra príobháideach agus balcóin óna raibh radharc ar an mbaile agus ar an gcuan; ansin, shuigh tú ann agus d’ól go dtí gur tharla rud éigin.”

“Bhí aithne agam ar Bhúdaí uair amháin, agus tá an ghráin agam orm féin ó shin.”