2014-07-06

Ar an lá seo 6 Iúil

Ar an lá seo 6 Iúil, 1971, cailleadh Louis Armstrong

Ó nach breá é an saol

Feicim glas na gcrann
Deirge na rós
Is iad faoi bhláth
Duitse is domhs’
Agus deirim liom féin
Ó nach breá é an saol.

Feicim gorm na spéir’
Is néalta bán’
Is gile an lae
An oíche faoi scáth
Agus deirim liom féin
Ó nach breá é an saol.

Dathanna ’n bhogha cheatha
Is gleoite iad sa spéir.
Is aghaidheanna na ndaoine
Na sluaite sin go léir
Is iad ag croitheadh láimh’
Á rá, Conas tá tú?’
Sé tá ’cu á rá:
’S tú mo rún!

An báibín ag gol,
Ag fás go teann
’Foghlaim níos mó
Ná mar ’tá im’ cheann
Agus deirim liom féin
Ó nach breá é an saol.
Sea, deirim liom féin
Ó nach breá é an saol.
Ó yé.