2014-07-06

Bob Marley - Ár



Go dtí go mbeidh an dearcadh go bhfuil cine amháin in uachtar
is cin' eile
thíos in íochtar
i ndeireadh thiar
is go deo na ndeor
gan aon chreidiúint
agus tréigthe -
gach aon áit beidh ár -
deirim ár.


Go dtí nach mbeidh a thuilleadh
céad ghrád is dara grád i measc na náisiún trí chéile
agus an dath atá ar chraiceann
a bheith ar aon tábhacht leis an dath atá ar do shúile -
deirim ár.

Go dtí go mbeidh ár gcearta daonna
 ar fáil go cothrom is do chách
is cuma cé thú féin -
beidh 'na ár.

Go dtí an lá sin
aisling na síochána
saoránacht an domhain
an mhoráltacht idirnáisiúnt' i réim
ní bheidh ann ach aisling bhaoth i mbéal na gaoithe sin an méid
aisling gan a lá
gach aon áit anois ár - ár.

Agus go dtí go mbeidh na réimis anuaisle sin
 agus an t-ansmacht in Angóla
 in Mósaimbíc
an Afraic Theas
an chos ar bolg
curtha ó mhaith
scriosta go hiomlán -

bhuel, gach ait beidh an t-ár-
deirim ár

Ár san oirthear
 ár san iarthar
ár ó thuaidh
ár ó dheas -
ár - ár -
ráflaí faoi ár
go dtí an lá sin
beidh Mór-Roinn na hAfraice
gan síocháin
troidfidh an tAfracach - dar linn is riachtanas é -
is beidh an bua againn
is muinín againn as
as an mbua sin.

An mhaith in aghaidh an oilc
maith in aghaidh an oilc, yé
maith in aghaidh an oilc,
maith in aghaidh an oilc, yé!
maith in aghaidh an oilc -
maith in aghaidh an oilc, yé!