2014-07-29

In Aimsir Dhuairc

In aimsir dhuairc sea a thagann radharc don tsúil
is castar orm mo scáil i measc il-scáthanna;
macalla uaim á fhógairt féin sna coillte –
tiarna an dúlra ag caoineadh os comhair an chrainn,
mé beo idir chorr-réisc is dreoilín
ainmhithe na gcnoc is nathracha istigh san uaimh.

Cad is gealtacht ann ach uaisleacht anama
as tiúin lena bhfuil ann? Tá an lá trí thine!
Is eol dom úire an éadóchais úir,
mo scáth tairneáilte le falla an allais.
An áit úd i measc na gcreag, an pluais
nó conair chasta í? Agamsa an faobhar.

Stoirm sheasta na gcomhfhreagairtí!
sníomh na n-ealtan oíche, an ré ina sraoill,
is meán oíche ann arís i lár an lae ghléigil!
Is fada an t-aistear é chun teacht ort féin –
bás an fhéin, oíche fhada gan deoir
gach cruth nádúrtha ina laom thar fóir.

Duairc duairc mo sholas-sa, is duairce fós mo dhúil.
M’anam ina cuil mhire ag teas an tsamhraidh,
fós ag crónán ar leac na fuinneoige. Cén mise é mise?
Neach a thit, seo ag dreapadh as m’eagla mé.
An aigne ag dul isteach inti féin, Dia san aigne,
an t-aon mar Aon, saor, an ghaoth réabtha.

Theodore Roethke In a Dark Time
Leagan Gaeilge: Gabriel Rosenstock