2014-08-25

Ar an lá seo 25 Lúnasa

Ar an lá seo 25 Lúnasa, 1900, cailleadh Friedrich Nietzsche.
“Bhí ar an duine aonair streachailt i gcónaí chun nach mbeadh sé cloíte ag an treibh. Má bhaineann tú triail as, beidh tú uaigneach go minic, agus uaireanta beidh eagla ort. Seilbh a bheith agat ort féin, áfach, ní féidir luach a chur ar an bpribhléid sin.”

An té a throideann in aghaidh arrachtaí, féachadh sé nach n-iompódh sé féin ina arracht. Agus nuair a fhéachann tú ar feadh i bhfad san aibhéis, féachann an aibhéis isteach ionatsa freisin!
Wer mit Ungeheuern kämpft, mag zusehn, dass er nicht dabei zum Ungeheuer wird. Und wenn du lange in einen Abgrund blickst, blickt der Abgrund auch in dich hinein.

“Cén cur amach atá ag an duine air féin? Go deimhin, an bhfuil sé in ann é féin a fheiceáil go hiomlán, faoi mar a bheadh sé leagtha amach i gcás taispeána soilsithe?”
"Má chuireann duine rud éigin i bhfolach laistiar de sceach agus má théann sé á lorg ansin san áit chéanna agus má thagann sé air ansin, níl mórán faoin gcuardach is aimsiú sin atá le moladh. Ach is mar sin a sheasann cúrsaí maidir leis an “bhfírinne” a lorg agus a aimsiú i réimse an réasúin. Má chumaimse an sainmhíniú ar mhamach agus ansin, tar éis dom camall a scrúdú, má fhógraímse ‘Féach, mamach’ tá fírinne nochta agam sa tslí sin ceart go leor ach is fírinne nach fiú mórán í.”
“Níl éinne in ann an droichead sin a thógáil duit ar a gcaithfidh tú abhainn na beatha a thrasnú, éinne in aon chor ach tú féin amháin.”
“Is féidir daoine a chur in dhá ghrúpa inniu, mar riamh: an daor agus an duine saor. An té nach leis dhá thrian den lá dó féin, daor is ea é is cuma cad atá ann: státaire, fear gnó, feidhmeannach nó scoláire.”

Wenn man viel hineinzustecken hat, so hat ein Tag hundert Taschen.
"Má tá go leor agat le cur isteach ann, beidh céad póca ag an lá."

Die erste Meinung, welche uns einfällt, wenn wir plötzlich über eine Sache befragt werden, ist gewöhnlich nicht unsere eigene, sondern nur die landläufige, unserer Kaste, Stellung, Abkunft zugehörige; die eigenen Meinungen schwimmen selten oben auf.
“An chéad tuairim a ritheann linn nuair a chuirtear ceist orainn go tobann faoi ábhar éigin, is gnách nach í ár dtuairim féin í ach an ghnáth-thuairim a bhaineann lenár n-aicme, ár n-ionad, ár gcúlra; is annamh a shnámhann ár dtuairimí féin chun an dromchla aníos.”

Was mich nicht umbringt, macht mich stärker.
“An rud nach maróidh mé, déanfaidh sé níos láidre mé.”

“Mhill an Chríostaíocht fómhar iomlán na sibhialtachta ársa orainn, agus níos déanaí mhill sí chomh maith fómhar iomlán na sibhialtachta Machmadaí orainn. Cuireadh faoi chois cultúr iontach na Múrach sa Spáinn, cultúr a bhí níos cóngaraí dúinn go bunúsach agus a mheall ár gcéadfaí níos mó ná cultúr na Róimhe is na Gréige.”

"B’ionann ar feadh i bhfad iad an ceannaí agus an foghlaí mara. Sa lá inniu féin, níl sa mhoráltacht mharsantach ach moráltacht phíoráideach tugtha chun míneadais."

Gott ist tot!
"Tá Dia marbh!"

Plato ist langweilig.
"Tá Platón leadránach."