2014-08-28

Ar an lá seo 28 Lúnasa

Ar an lá seo 28 Lúnasa, 1749, rugadh Johann Wolfgang von Goethe
“Gach aon lá ba chóir dúinn éisteacht le hamhrán beag amháin ar a laghad, dán maith a léamh, breathnú ar phictiúr gleoite amháin agus, más féidir, cúpla focal ciallmhar a rá.”

“Is breá liom na daoine sin a shantaíonn an rud nach féidir.”

“An t-anam a fheiceann an áilleacht, ní mór dó siúl leis féin ar uairibh.”

“Níl ach dhá thiomnacht bhuana is féidir a fhágáil ag ár bpáistí. Ceann acu sin is ea fréamhacha, an ceann eile, eití.”

“Bíonn ceisteanna ag an bhfear aineolach atá freagartha ag saoithe míle bliain ó shin.”

“Níl aon rud gan tábhacht sa saol seo. Braitheann sé ar fad ar an dearcadh atá agat.”

“Is liath í gach teoiric, a chara dhil, ach is síorghlas é crann órga na beatha.”

Ich singe, wie der Vogel singt
Der in den Zweigen wohnet.


“Canaimse mar a chanann éan
A chónaíonn thuas i measc na gcraobh.”

Ein echter deutscher Mann mag keinen Franzen leiden,
Doch ihre Weine trinkt er gern.

“An fíor-Ghearmánach níl sé in ann na Francaigh a sheasamh
Ach ólann sé a gcuid fíonta le sásamh.”