2014-08-31

Ar an lá seo 31 Lúnasa

Ar an lá seo 31 Lúnasa, 1945, rugadh Van Morrison

Sa Ghairdín


Bíonn na sráideanna fliuch de shíor:
Tar éis chith shamhraidh nuair a chonac id sheasamh thú
Sa ghairdín sea, sa ghairdín sea, fliuch de shíor

Chuimil tú deora ded shúil is tú gruama
Is d’fhéachamar ar pheitil ina luí
Agus i mo shuí in aice leat bhí
Buairt go trom an lá sin sa ghairdín

Agus ansin tháinig tú chugainn
Is ba dhuine thú lán de ríméad
Is bhí d’anam a’d mar rún
Agus d’oscail tú ansin is tú ar ais sa ghairdín

Bhí seanleoithne ar do chuntanós
Bhí solas Dé le feiceáil ar do ghrua gheal go glé
Is ba gheall le sailchuach a bhí ionat
I do shuí le d’athair is do mháthair, sea sa ghairdín.

Is bhí leoithne an tsamhraidh ar d’aghaidh
Istigh sa tsailchuach taisctear na briathra gréine
Is bhíos ar ballchrith ó mo mhuineál síos go droim
Do m’adhaint i lár an lae ghil is an dúlra sa ghairdín

Agus bhí tú sna flaithis
An aisling leanbaí ’bhí chomh mín
Is chualamar na cloig sa teampall
Ó, a ansacht
Is bhí an óige inár láthair
Samhradh síoraí a bhí sa ghairdín.

Agus chuimil sé led ghrua
Is luisnigh tú san athbhreith agus chuimil mé do ghrua
Is bhraitheamar ’inár láthair an Críost
Agus d’iompaíos chugat is ar mé:
“Gan ghúrú, gan mhodh is gan oide,
Tusa, mise, an dúlra
Agus an t-athair sa ghairdín.”

Gan ghúrú, gan mhodh is gan oide
Tusa, mise, an dúlra
Is an tAthair is an
Mac agus an Naomhspiorad
Sa ghairdín sea, fliuch de shíor

Gan ghúrú, gan mhodh is gan oide
Tusa, mise, an dúlra agus an Naomhspiorad
Sea sa ghairdín, sea sa ghairdín, fliuch de shíor
Gan ghúrú, gan mhodh is gan oide
Tusa, mise, an dúlra
Agus an tAthair sa ghairdín.