2014-08-04

Ar an lá seo 4 Lúnasa

Ar an lá seo 4 Lúnasa, 1941, cailleadh an file Ungárach Mihály Babits:
Ar shráideanna Phest, daoine ag rith, blaosc raidhfilí,
Póilíní, gloine bhriste, glór an phobail – réabhlóid,
Na nóiméid agam á gcomhaireamh i m’aonar.
Níl scéala ar bith, nuachtán ar bith, moill ar an tram.
Tá cónaí orm i sráidbhaile balbh, ní dhéanann na gadhair féin tafann.