2014-08-18

Sliocht as As AN bhFUIL STACEY AG IOMPAR? – Aorscéal le Tomás Mac Síomóin.

Le caoinchead an údair.

As AN bhFUIL STACEY AG IOMPAR? – Aorscéal le Tomás Mac Síomóin. Foilsithe ag Coiscéim, 2011. Ar fáil ó litríocht.com, ó na foilsitheoirí agus ó chorrsiopa leabhar. €15.     



Tá daoine ag déanamh go beothriallach ar an áit a bhfuil an héileacaptar ceaptha a bheith ag landáil, dar leo. Le pé ar bith ollmhaitheas a bheas ar sliobarna a bhailiú uaidh nuair a thiocfas sí go talamh. Ach i leaba tuirlingt go talamh fanann an héileacaptar ag bruachaireacht timpeall is fiche méadar os cionn dromchla an phortaigh.

          Le súile ocracha na bparáisteánach, iad bailithe le chéile thíos fúithi, dírithe go himpíoch uirthi.

          Ansin cluintear teachtaireacht á fhógairt go doiléir  as callaire thuas ansin. Níl sé furasta na focla a dhéanamh amach thar gheonaíl inneall an héileacaptair.

          Cuireann na paráisteánaigh bior ar a gcluasa le meabhair a bhaint as caint scornúil na gcallairí:



Im Auftrag Ihrer Herren möchten wir Ihnen, dem irischen Volk, für Ihre Geduld und Opferbereitschaft danken. Wir müssen Ihnen leider mitteilen, dass es auf Grund unvorhergesehener Umstände nicht möglich sein wird, zumindest nicht in absehbarer Zeit, den Verkehr wieder in Gang zu bringen. Wir danken Ihnen nochmals für Ihre außerordentliche Geduld und für Ihre unterwürfige disziplinierte Erfüllung unserer Wünsche. Leben Sie wohl, irische Freunde!



NÍ TÚISCE NA FOCLA DRAÍOCHTA  seo ráite ná go dtosaíonn an héileacaptar ag deasghabháil. Is gearr nach mbíonn inti ach spota airgeadta sa spéir aríst. Agus í ag bailiú léi siar faoi dheifir i ndiaidh a chomrádaithe.

          D'fhéadfaí tost seo an diomá, a thiteann ar an mathshlua, a ghearradh le scian. Bearnaítear ansin é ag an gcneadaíl, an olagón is an sáraíocht, ag an sceanadh is ag an bhfeannadh amuigh ansin ar loime leibhéalta an phortaigh.

          Ar thuig duine ar bith céard sa foc a bhí á rá ag an cunt úd, fiafraionn gruagach ón DAF. 

          Bhuel, that  bates Banagher, a deir Dub an Fiat 1100. Níl aon cheo agamsa in aghaidh na Gaeilge per se. Tá mo pháistí ag freastal ar Ghaelscoil, i ndiaidh an tsaoil. Ach tá muide anseo inniu sa focain portach lofa seo, is muid caillte leis an focain tart agus stiúgtha ag an focain ocras. Agus céard a thugann focars bhradacha an heileacaptair dúinn? Ceacht focain Gaeilge!

          Ach ar thuig duine ar bith anseo céard a bhí á rá acu, fiafraíonn firinneach an Cortina.

          Coinníonn An Citroen a dhá chab ar a chéile. Is fearr gan a bheith corr i gcomhluadar. Tugtar an casúr don tairne a bhíonns ag gobadh amach. Is iomdha béal briste a ghnóthaigh focal cliste. Pé ar bith rud a déarfas tú, ná habair tada!  Bíodh is go bhfuil a fhios aige go maith nár tháinig oiread is siolla Gaeilge amháin anuas ó challaire an héileacaptair úd. Focal ar bith. Níorbh aon bhuntáiste duit eolas maith ar an nGaeilge san Éirinn nua iarGhaelach seo atá ar fhód an bhaile cheana fhéin. Tuigeann sé sin go dóite...

          Tá Gaeilge Uladh agamsa, a deir seanóir an Anglia bhuí.  Cúpla focal ar scor ar bith. Agus bhí múinteoir as Dún na nGall agam. Tá mé ag déanamh, mar sin, gur Gaeilge na Mumhan uilig a bhí á spalpadh ag conús an héileacaptair mhallaithe úd.  Chinn orm a dhath ar bith dá chaint a thuiscint.

          Pé caint a bhí ann, ní Gaoluinn na Mumhan a bhí ann, mar a deir tusa, a mhaíonn cuntasóir an Mercedes Benz. B'as Béal Átha an Ghaorthaidh do mo shin-sheanathair. Ach níor thuigeas aon fhocal dá raibh á rá ag cipiléara úd an héileacaptair. Shamhlóinn fhéin gur Gaeilge Chonnacht a bhí ann. Bhíodh aithne agamsa tráth ar Gharda as Árainn agus ní...

          Bhuel, níl an ceart agatsa ach an oiread, a deir an Renault 4. B'as Carna do mo mhaimeó fhéin. D'aithneoinn Gaeilge Chonnacht áit ar bith. Agus ní caint mo mhaimeó a bhí acu. Diabhal a fhios agamsa cén saghas Gaeilge a bhí ag an héileacaptar úd. Gaeilge na hAlban, b'fhéidir! Nó Welsh!

          An bhfuil a fhios ag duine ar bith anseo cén saghas focain Gaeilge a bhí ag an héileacaptar, mar sin, fiafraíonn Hyundai eicínt, ar thiomáin an  t-ocras chuig an láthair seo é. Feiceann sibh ar fad anseo go soiléir an chaoi a bhfuiltear ag baint feidhm as an nGaeilge le dallamullóg a chur orainn. Le muid a choinneáil chomh haineolach le muintir focain Chiarraí.

          Déarfaidh mise libh cén saghas Gaeilge a bhí ag an héileacaptar: focain gobbledygook craiceáilte de Ghaeilge a chum an státseirbhís. Saghas briolla-brealla nach dtuigeann muintir na Gaeltachta fhéin...

          Mo mhallacht go deo orthu fhéin agus ar a gcuid gobbledygook, a deirtear as béal anaithnid. Bhí mise chomh cinnte go raibh bia agus deoch ar an mbealach chugainn, gur itheas chuile ghreim bia is gur ól mé chuile striog dá raibh curtha i dtaisce agam. Níl a dhath ar bith fágtha agam anois. Oiread agus a bheathódh dreancaide...

          Tá muide sa ruta seo againne ar an trá fhalamh freisin, a deir an Hyundai Pony. Is tá bean agus beirt leanaí le cothú agamsa.



NÍ DHEIREANN AN BÍOMAR HÚ NÁ HÁ. Gíog ná míog. Ach é ina sheasamh ansin ar scraith dhorcha an phortaigh, cuma smaointeach ar a chuntanós. A smig á cuimilt ag lámh a dheasóige. Labhraíonn sé ansin. Go ciúin, staidéartha. Ach go húdarásach ina dhiaidh sin fhéin. Tugann na daoine atá cóngarach dó aird ar a chuid cainte.

          Tá dul amú oraibh ar fad, a chairde, a deir sé.  Déanaimse amach gur Gearmáinis a bhí á labhairt ag lucht an héileacaptair..

          An é go bhfuil Gearmáinis agat fhéin, mar sin, fiafraíonn an Ford Escort.

          Tá riar mo cháis agam, a deir an Bíomar. Ach tá sí meirgeach go maith cheal deiseanna cainte faoin am seo.

          Tá aird na buíne uilig air siúd anois.