2014-09-11

Ar an lá seo 11 Meán Fómhair

Ar an lá seo 11 Meán Fómhair, 1895, rugadh Vinoba Bhave.
Is fada a bheidh cuimhne agam ar an gcuairt a thugas ar Ashram Vinoba lasmuigh de Wardha [sa ghrianghraf]. Duine ab ea Vinoba a chreid go bhféadfaí fáil réidh leis an bPolaitíocht agus ina háit acmhainní uile an domhain a bheith á roinnt ag daoine ar nós aeir. Smaoinigh air!

“Nach ait an obair é! Dhein Dia croí na ndaoine bochta saibhir agus croí na ndaoine saibhre bocht.”

“Ná samhlaigh go deo go bhfuil cumhacht rialtais in ann smaointeoireacht réabhlóideach a chraobhscaoileadh.”

“Is spioradálta í foinse gach réabhlóide. Níl de chuspóir ag mo chuid gníomhartha go léir ach croíthe a aontú.”