2014-09-21

Ar an lá seo 21 Meán Fómhair

Ar an lá seo 21 Meán Fómhair, 1904, cailleadh Hinmatóowyalahtq’it (“Toirneach ag Rabhláil Síos an Sliabh”) nó Chief Joseph. Briseadh croí ba thrúig bháis dó.
“Táim tinn tuirseach den troid. Tá ár dTaoisigh marbh; tá Looking Glass marbh, tá Ta Hool Hool Shute marbh. Tá na seanóirí go léir marbh… Tá sé fuar is níl blaincéid ar bith againn; tá an fuacht dulta go smior sna páistí. An pobal seo againne, cuid acu theitheadar go dtí na cnoic agus níl blaincéid ná bia acu. Níl a fhios ag éinne cá bhfuil siad – b’fhéidir gur reoite atáid. Tá am uaim chun mo pháistí a lorg, féachaint cé mhéad acu atáim in ann teacht orthu. B’fhéidir go dtiocfainn orthu i measc na marbh. Éistigí liom, a Thaoiseacha liom. Táim tnáite; is tinn agus is brónach atá mo chroí.”