2014-09-03

Ar an lá seo 3 Meán Fómhair

Ar an lá seo 3 Meán Fómhair, 1962, cailleadh e .e cummings, an file Meiriceánach a raibh tionchar aige ar Mhichael Davitt.

[i carry your heart with me(i carry it in]

i carry your heart with me(i carry it in
my heart)i am never without it(anywhere
i go you go,my dear;and whatever is done
by only me is your doing,my darling)
          i fear
no fate(for you are my fate,my sweet)i want
no world(for beautiful you are my world,my true)
and it’s you are whatever a moon has always meant
and whatever a sun will always sing is you
here is the deepest secret nobody knows
(here is the root of the root and the bud of the bud
and the sky of the sky of a tree called life;which grows
higher than soul can hope or mind can hide)
and this is the wonder that's keeping the stars apart
i carry your heart(i carry it in my heart)

[ Complete Poems: 1904-1962 by E. E. Cummings, edited by George J. Firmage.]

beirim do chroí liom(beirim istigh im
chroí é)ní bhím riamh gan é (aon áit go
dtéim téann tusa, a chuid; is gach a ndeintear
lem lámh féin do ghníomh-sa is ea é, a stór)

ní sheachnaím aon chinniúint (mar is tú mo chinniúint, mo ghrá)
ní theastaíonn aon saol uaim
(mar, a chraobh, is tú mo shaol fírinneach)
’s is tusa aon ní a chiallaigh gealach riamh
’s aon ní a chanfaidh grian go deo ’sea thú

seo an rún is doimhne ná feadair éinne
(seo fréamh na fréimhe is bachlóg na bachlóige
is spéir an spéirchrainn “beatha”; a fhásann
níos airde ná dóchas anama ná clúid aigne)
’s is é seo an rún a choimeádann na réilthíní scartha
beirim do chroí liom(beirim istigh im chroí é).