2014-09-05

Ar an lá seo 5 Meán Fómhair

Ar an lá seo 5 Meán Fómhair, 1877, feallmharaíodh Tȟašúŋke Witkó (“Tá-a-Chapall-ar-Mire”) nó Crazy Horse mar is fearr aithne inniu air:
“Is fearr a thaitin ár slí mhaireachtála féin linn. Níor chostas ar bith ar an rialtas sinn. Ní raibh uainn ach síocháin agus go bhfágfaí inár n-aonar sinn.”

“Bíonn gá le fís an-mhór agus an té a bhfuil sí aige ní mór dó í a leanúint faoi mar a chuardaíonn an fiolar an chuid is goirme den spéir.”

“Hócáhé! Lá maith chun bás a fháil é an lá inniu.”

“Ní dhíoltar an talamh ar a siúlann na daoine.”

“Is fearr a thaitin ár slí mhaireachtála féin linn. Níor chostas ar bith ar an rialtas sinn. Ní raibh uainn ach síocháin agus go bhfágfaí inár n-aonar sinn.