2014-10-08

IMRAM/COISCÉIM - CUIREADH


Dé Sathairn 11 Deireadh Fómhair @ 6:30 in
Gaelchultúr, 11 Sráid an Chláraigh
Gaelchultúr, 11 Clare Street
Saorchead isteach/free admission

MÓRSHEOLADH LEABHAR
Simon Ó Faoláin & Mícheál Ó Ruairc

Is é Dambatheanga: Damlanguage, an chéad chnuasach le Mícheál Ó Ruairc ón mbliain 2001 agus tá díograiseoirí teanga sna trinsí ann nó gránáidí á gcur thar leathdhoras isteach i dtithe Gaeltachta acu; tá an file dambnaithe Seán Ó Ríordáin ina sheasamh sa bhearna bhaoil in Inis Cara ar eagla go mbáifí a chathair naofa faoin mbéarlagair atá chuige ina thuile thréan; agus i gcoim na hoíche dorcha tá anamacha ar strae á n-iompar ag Nitelink i dtreo an fholúis ifreanda.

D'fhoilsigh Simon Ó Faoláin a chéad chnuasach Anam Mhadra sa bhliain 2006 agus aithníodh go raibh guth ar an bhfód a raibh siúráil aisteach nua ag roinnt leis, dar le Gréagóir Ó Dúill. Dála Patrick Kavanagh aithníonn sé leithne uilíoch an pharóiste. File é nach seachnaíonn an léann ná modhanna trialacha. 'Toradh tochailte' a bhí sa dara cnuasach uaidh dar le Paddy Bushe.