2014-10-06

Ní léirmheas ar léirmheas é seo!

Léirmheas leis an Dr Ailbhe Ní Ghearbhuigh ar an gcnuasach Cuach Ó Aois Eile ag Glaoch (Coiscéim), léirmheas a bhuaigh duais Oireachtais i mbliana. Foilsíodh leagan de i gComhar. Tréaslaím léi é.


Nílimse chun léirmheas a scríobh ar an léirmheas ach cé a dúirt le hAilbhe gur Búdaí mé? Chonaic mé an ráfla sin ar an iris COMHAR ceart go leor, iris a thug bata is bóthar dom mar cholúnaí. (Dá mba Bhúdaí a bhí ionam ní luafainn é sin!) Dála an scéil, deir lucht sanasaíochta linn go bhfuil an focal Páilise 'buddha' gaolta le 'bod' na Gaeilge. Anois duit! Foghlaimímid rud éigin nua gach maidin, sinne a bhíonn inár mbúdaithe (inár ndúiseacht) go moch ar maidin!
Ní Búdaí mé cé go bhfuil scoileanna éagsúla den Bhúdachas tar éis dul i bhfeidhm orm, an Zen-Bhúdachas, mar shampla, chomh maith le 'Pure Land Buddhism' mar a thugtar ar an mBúdachas a shamhlaítear leis an máistir haiku Issa, gan trácht ar an nGaois Bhuile (nó 'Crazy Wisdom') go háirithe mar a d'fhoghlaimíos é trí theagasc Chogyam Trungpa -  agus a thuilleadh scoileanna Búdachais nach iad. An saothar is déanaí uaim ná 100 haiku, i nGaeilge agus i mBéarla, a scríobhas tar éis dom machnamh a dhéanamh ar ghrianghraf a glacadh de Trungpa agus gunnán dírithe ar a chloigeann aige. (Níor foilsíodh an saothar seo fós). Tá go maith, ach níor fhógraíos riamh gur Búdaí a bhí ionam. Ní fhéadfainn é sin a dhéanamh nuair atá an oiread eile sin tar éis dul i bhfeidhm orm (go smior): Bhakti, cuir i gcás, Súifeachas, Seamanachas, Daochas agus Advaita. Is i mo Chaitliceach Rómhánach a tógadh mé. Ní Rómhánach a bhí riamh ionam, ar  ndóigh.
Tá leabhar haiku eile agam, i nGaeilge agus i mBéarla, (nár foilsíodh fós) leabhar atá bunaithe ar an nGael-Airgintíneach Ché Guevara ach ní hionann san is a rá gur Guevarach mé.

Anois, tá an méid sin tugtha chun soiléire agam, tá súil agam!