2014-11-06

Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge

A chairde,

Roghnaigh Oireachtas na Gaeilge an téama "Scríbhneoireacht na Gaeilge: Gairm Bheatha nó Caitheamh Aimsire" do Fhóram na Scríbhneoirí a bhí mar chuid de fhéile na Samhna i gCill Airne. Ar an phainéal maidin Dé hAoine bhí Pádraig Mac Fhearghusa, Máire Ní Annracháin, Gabriel Rosenstock agus Mícheál Ó Ruairc. Bhí Cathal Póirtéir ina chathaoirleach ar an phlé a mhair dhá uair a chloig.

Léirigh an cúpla scór duine a bhí i láthair go bhfuil míshásamh ann leis an dóigh ina bhfuil cúrsaí faoi láthair: easpa plean straitéise do fhorbairt na scríbhneoireachta, easpa cumarsáide agus easpa tacaíochta do na scríbhneoirí ó go leor de na hinstitiúidí agus eagraíochtaí a ba chóir forbairt na scríbhneoireachta Gaeilge a bheith faoina gcúram acu.

Socraíodh Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge á bhunú le guth a thabhairt do scríbhneoirí na Gaeilge agus chun ionadaíocht a dhéanamh thar a gceann le freastal ceart orthu a éileamh ó iomlán earnáil na foilsitheoireachta. Beidh Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge ag féachaint chuige deiseanna níos fearr a bheith ag an scríbhneoir Gaeilge luach a shaothar a fháil agus an saothar sin a bheith curtha os comhair an phobail ar na dóigheanna is tarraingtí gur féidir.

Chun na cuspóirí sin a bhaint amach ba mhaith linn cuireadh a thabhairt do oiread scríbhneoirí Gaeilge agus is féidir teacht le chéile in Aontas na Scríbhneoirí lena gcomhairleacha a chur i gceann a chéile, chun plean oibre a leagan amach agus chun coiste stiúrtha a roghnú.

Go dtí go n-éiríonn linn cruinniú a reáchtáil, tá mise (Cathal Póirtéir) sásta feidhmiú mar rúnaí sealadach. Ba mhaith liom bunachar sonraí de scríbhneoirí na Gaeilge a chur le chéile ina mbeidh seoladh ríomh-phoist, uimhir fóin phóca agus mar sin ann ionas gur féidir liom eolas a scaipeadh gan stró agus ar bheagán costais trí r-phostanna grúpa a sheoladh amach agus grúpa a bhunú ar what’s ap nó ceann de na bealaí saora téascanna gutháin.

Bheadh súil agam go mbeidh freagra gasta go leor air seo agus go mbeidh ar ár gcumas cruinniú lae a bheith againn deireadh seachtaine éigin in ionad fóirsteanach.

Scaip an scéal seo ar oiread scríbhneoirí Gaeilge agus is féidir leat, le do thoil. Ní neart go cur le chéile.

Is féidir teacht orm ag cathalpoirteir@gmail.com

agus 086-3375927.

Is mise le meas,

Cathal Póirtéir