2014-11-08

Ar an lá seo 8 Samhain

Ar an lá seo 8 Samhain, 1897, rugadh Dorothy Day:
"An dúshlán is mó atá inniu ann: conas réabhlóid a chur ar bun sa chroí, réabhlóid a chaithfidh tosú le gach duine againn.”

“Eascraíonn ár gcuid fadhbanna as glacadh leis an gcóras lofa bréan seo.”

“Nílimid ag súil le hÚtóipé ar an domhan seo. Ach theastaigh ó Dhia go mbeadh cúrsaí níos saoráidí ná mar atá cruthaithe againne… Tosaíonn an bheatha shíoraí anois.”


“Is eol dúinn go léir an t-uaigneas fada agus tá foghlamtha againn gurb é an grá an t-aon réiteach agus go dtagann an grá leis an gcomhluadar.”
“Is geall le gáir chatha an creideamh a ngéillimse dó, greanta ar mo chroí – Cré na hEaglaise Naofa Rómhánaí Caitlicí. Roimhe seo, an t-am úd, is é a bhí á rá agam ná: ‘ Luífidh mé sa chré: lorgóidh tú mé ach ní bheidh mé ann chuige,” (Iób, 7:21). Deirimse anois, “ Is eol dom go maireann mo chosantóir beo…(Iób, 19:25)


“Mistéir na mbocht ná seo: Is iad Íosa iad, agus aon ní a dhéanfá dóibh dhéanfá Dosan é.”


"Ba cheart daoibhse, a fheara óga, diúltú don chomhrac. A mhná óga, stracaigí anuas na póstaeir thírghrácha. Agus sibhse go léir – idir óg is sean – caithigí na bratacha i dtraipisí."


“Táim cinnte nach raibh ar intinn ag Dia go mbeadh an oiread sin bochtán ann. Sinne a chruthaigh an struchtúr aicmeach agus a d’aontaigh leis, ní Eisean… Mar sin tá athrú réabhlóideach á spreagadh againn.”

“Bhíos an-tógtha i gcónaí le cuimhní príosúin na réabhlóidithe, ar nós Lenin agus Trotsky … an méid léitheoireachta a dheineadar, na teangacha a ndearna siad staidéar orthu, réimse a gcuid pleananna le haghaidh ord sóisialta níos fearr a bheith ann.” 


“Agóid is ea mo shaol ar fad. In aghaidh an rialtais, mar shampla.”