2014-12-16

Meister Eckhart: Smaoineamh an Lae

Cén mhaith domsa é?

Cén mhaith domsa é
má tharlaíonn breith shíoraí Mhac Dé
an t-am go léir
ach nach dtarlaíonn ionam féinig?

Agus cen mhaith domsa é
má tá Muire lán de ghrásta
agus nach bhfuilimse lán de ghrásta?

Cén mhaith domsa é
má thugann an Cruthaitheoir an Mac ar an saol
mura dtugaimse ar an saol é
le mo linn féin
de réir mo dhúchais féin?

Sé seo iomláine na haimsire
mar sin:
nuair a shaolaítear Mac Dé
ionainne.