2014-12-01

Nuair a bhí na Naitsithe sa Tibéid

Tá an stiúrthóir ar an gCartlann Scannán Thibéadach, Tenzen Phuntsog, tar éis teacht ar mhíreanna scannáin ón tréimhse 1939 -1959, ina measc íomhánna de Naitsithe agus staidéar á dhéanamh acu ar Thibéadaigh. Is in earrach na bliana 1938 a thug na Naitsithe aghaidh ar an Tibéid, via Calcúta, nó Kolkata mar a thugtar inniu air. Bhí ceannlíne sa Statesman, páipéar Indiach, ag an am: 'Ionradh Naitsithe - Bligeaird san India.'

D'fhás go leor leor teoiricí comhcheilge as an gceangal sin idir an Tibéid agus an Ghearmáin. Nuair a ransaigh na Sóivéadaigh fothraigh Bheirlín, thánadar ar scata lámaí Tibéadacha agus iad chomh marbh le hart. An rabhadar fostaithe ag na Naitsithe? An raibh asarlaíocht ar siúl ag Hitler agus a chairde? Seafóid a deir Isrun Engelhardt san aiste seo:
Pé ar domhan scéal é, is luachmhar iad gach iarsma a thagtar ar shaol agus ar chultúr na Tibéide ón tréimhse sin sular theith an Dalaí Láma chun na hIndia.Tá stiúrthóir na Cartlainne buartha nach mbeidh aon chuimhne cheart ag Tibéadaigh ar a gcultúr féin anois go bhfuil an tSínis agus cultúr na Síne i réim ina thír dhúchais.