2014-12-15

Pinsinéir agus Fís Aige

Ní hionann a bheith ar pinsean agus a bheith díomhaoin, gan mhaith.
Cuid againn agus sinn ag dul in aois, ceistímid sinn féin: 'An bhfuil aon mhaith ionam a thuilleadh? An bhfuil rud ar bith fiúntach ar siúl agam, dom féin nó don chine daonna?' Nuair a bhuaileann smaointe mar sin mé smaoiním ar dhaoine cnagaosta a bhfuil fís acu i gcónaí - agus misneach! Dáiríre, cuid de na seanóirí sin chuirfidís náire ort! Tá siad níos gníomhaí ná riamh. Duine acu sin is ea Harold Schlumber, bail ó Dhia is ó Mhuire air, duine seiftiúil, dothraochta. Inspioráid dúinn go léir é.
Fear físe, fear dóchais. Dochloíte!

Arsa Harold:

Is minic a fhiafraítear díom, cad atá ar siúl agam ó d'éiríos as an jab deich mbliana ó shin?

Bhuel, tá an t-ádh ag siúl liom sa mhéid gur ceimiceoir mé agus níor chailleas riamh spéis sa cheimic. Ceann de na caithimh aimsire atá agam ná beoir, fíon agus fuisce a iompú ina mhún. Is próiseas casta go leor é ach taitníonn sé go mór liom caithfidh mé a rá.

Dia go deo leat, a Harold. Níor chaill fear an mhisnigh riamh é!