2015-01-31

Silent Worship/ Adhradh Ciúin

File: Ní fios cé a chum
(Bunaithe ar théacs le Carlo Sigismondo Capece)
Cumadóir: Georg Friedrich Händel
Ag canadh léi sa ghairdín,
Tost ar an lon ’s an chéirseach
Ar chlos an mhacalla álainn

Ó nár léir duit ise
Is í ag siúl léi féin
Deise í ná rós ná lile
Ná gaetha ón ngréin.

Cé nach eol di cé mé
Cé nach bhféachann i mo threo
Is cé nach leomhfainn é a rá
Beidh grá agam di go deo.

Chuala tú cinnte an aoileann
Ag canadh léi sa ghairdín
Tost ar na héinín’ uile
Ag fuaim an mhacalla álainn

Ach cinnte is léir an aoileann
Is í ag siúl léi féin
Ag iomaíocht le gile neimhe
'S a folt óir mar dheora gréin’!
Did you not hear My Lady
Go down the garden singing
Blackbird and thrush were silent
To hear the alleys ringing...

Oh saw you not My Lady
Out in the garden there
Shaming the rose and lily
For she is twice as fair.

Though I am nothing to her
Though she must rarely look at me
And though I could never woo her
I love her till I die.

Surely you heard My Lady
Go down the garden singing
Silencing all the songbirds
And setting the alleys ringing...

But surely you see My Lady
Out in the garden there
Rivaling the glittering sunshine
With a glory of golden hair.

Fulmar/ fulmaire

Íomhá Ron Rosenstock
cá bhfuil
an fulmaire inniu - an qaqulluk! -
tost na sléibhte
where today
is the fulmar - the qaqulluk!-
silence of the mountains

2015-01-30

Die Sonne Scheint Nicht Mehr/ Níl teas níos mó ón ngrian

File: Amhrán de chuid na ndaoine
Cumadóir: Brahms
Die Sonne scheint nicht mehr
So schön, als wie vorher,
Der Tag ist nicht so heiter,
So liebreich gar nicht mehr.

Das Feuer kann man löschen,
Die Liebe nicht vergessen,
Das Feuer brennt so sehr,
Die Liebe noch viel mehr.

Mein Herz ist nicht mehr mein,
O könnt ich bei dir sein,
So wäre mir geholfen
Von aller meiner Pein.
Níl teas níos mó ón ngrian
Níl teas níos mó ón ngrian
An spéir go léir fá chian,
An lá ar fad gan spleodar
Ní lá é ar mo mhian.

Is féidir tine mhór a mhúchadh,
Ach grá atá chomh suaite
Le tine mhór ag dó –
Ó tá an grá níos mó!

Ní liom níos mó mo chroí,
Dá mbeinn anois lem mhnaoi
Do bheinnse slán sábháilte
Gan arraing ghéar ’dul tríom.

Bhfuil fhios acu litríocht na Gaeilge a bheith ann?

Mura bhfuil, cén fáth nach bhfuil?



Duais an Aontais Eorpaigh don Litríocht 2014 - fógairt na mbuaiteoirí

2015-01-29

Sehnsucht / Tnúthán

File: Amhrán de chuid na ndaoine
Cumadóir: Brahms
Mein Schatz ist nicht da,
Ist weit überm See,
Und so oft ich dran denk',
Tut mir's Herze so weh!

Schön blau ist der See,
Und mein Herz tut mir weh,
Und mein Herz wird nicht g'sund,
Bis mein Schatz wiederkommt.
Ní hann do mo ghrá,
I gcéin, ‘bhfad i gcéin,
Is thar sáile atá,
Táim i bpéin, táim i bpéin!

Na tonnta tá gorm
Is mo chroí bocht faoi bhrón
Is ní bheidh biseach orm
’Dtí go bhfillfidh mo stór.

Smaoineamh an Lae

‘Measaimse go mbeidh foirm nua againn sa Tvuítfhilíocht, leagan ár linne den haiku’
Chloe Garner, stiúrthóir ealaíne,
Féile Filíochta Ledbury

2015-01-28

Still wie die Nacht/ Ciúin mar an oích’

File: Ní fios cé a chum
Cumadóir: Carl Bohm
Still wie die Nacht
und tief wie das Meer,
soll deine Liebe sein!
Wenn du mich liebst,
so wie ich dich,
will ich dein eigen sein.
Heiß wie der Stahl
und fest wie der Stein
soll deine Liebe sein!
Ciúin mar an oích’
is domhain mar an mhuir,
sin mar is cuí dár ngrá!
Grá agat dom
grá agam duit
beidh mé led’ thaobh go brách.
Grá atá docht
chomh daingean le cloch
sin mar is cuí dár ngrá!

Haiku le Issa ón mbliain 1824

Tá ainmhithe agus éanlaith á seilg ó thús ama. Cuid acu, éiríonn leo éalú ón sealgaire. Ach an seanéan sa haiku seo, glacann sé leis go bhfuil a phort seinnte. An ag cuimhneamh ar a bhás féin atá Issa sa haiku machnamhach seo?
Sa bhliain 1827 a cailleadh é.

seanéan -
fiú sula dtosaíonn an tseilg
glacann lena chinniúint

.老鳥の追れぬ先に覚悟哉
oi tori no owarenu saki ni kakugo kana

2015-01-27

Ar lan y môr/ Thíos cois na trá

  Amhrán traidisiúnta as Cymru
Ar lan y môr mae rhosys cochion
Ar lan y môr mae lilis gwynion
Ar lan y môr mae 'nghariad inne
Yn cysgu'r nos a chodi'r bore.

Ar lan y môr mae carreg wastad
Lle bûm yn siarad gair â'm cariad
O amgylch hon fe dyf y lili
Ac ambell gangen o rosmari.

Ar lan y môr mae cerrig gleision
Ar lan y môr mae blodau'r meibion
Ar lan y môr mae pob rinweddau
Ar lan y môr mae nghariad innau.

Llawn yw'r môr o swnd a chegryn
Llawn yw'r wy o wyn a melyn
Llawn yw'r coed o ddail a blode
Llawn o gariad merch wyf inne.

Mor hardd yw'r haul yn codi'r bore
Mor hardd yw'r enfys aml ei liwie
Mor hardd yw natur ym Mehefin
Ond harddach fyth yw wyneb Elin
Thíos cois na trá tá rós ag fás
Thíos cois na trá tá lile bhán
Thíos cois na trá atá mo stóirín
A chodlaíonn oíche - ’s éiríonn ar maidin.

Thíos cois na trá tá leac ag lonrú
Is ann a labhair mé le mo mhuirnín
Is ann a d’fhás thar oíche an lile
Is mheasc a cumhracht le rós Mhuire.

Thíos cois na trá tá clocha gorma
Thíos cois na trá na tréinfhir chalma
Thíos cois na trá tá gach suáilce
Thíos cois na trá atá mo ghrá bán.

Thar mhuir anonn a chuaigh an aoileann
Thar mhuir anonn, na tonnta ag caoineadh,
Thar mhuir anonn a chuaigh m’anam
An bhean – mo leo! - nach bhfanfadh faram.

Thíos cois na trá… thíos cois na trá … thíos cois na trá.

[Four stanzas in Irish of the traditional Welsh song]
Beside the sea red roses growing
Beside the sea white lilies showing
Beside the sea their beauty telling
My true love sleeps within her dwelling

Beside the sea the stones lie scattered
Where tender words in love were uttered
While all around there grew the lily
And sweetest branches of rosemary

Beside the sea blue pebbles lying
Beside the sea gold flowers glowing
Beside the sea are all things fairest
Beside the sea is found my dearest

Full the sea of sand and billows
Full the egg of whites and yellows
Full the woods of leaf and flower
Full my heart of love for ever.

Fair the sun at new day’s dawning
Fair the rainbow’s colours shining
Fair the summer, fair as heaven
Fairer yet the face of Elin
Déantar scríbhneoir díot tríd an scríbhneoireacht. Ióga is ea é.

R.K. Narayan

2015-01-26

Amazing Grace/ Grásta chugainn

File : John Newton
Cumadóir: Amhrán de chuid na ndaoine
Amazing Grace, how sweet the sound,
That saved a wretch like me.
I once was lost but now am found,
Was blind, but now I see.

T'was Grace that taught my heart to fear.
And Grace, my fears relieved.
How precious did that Grace appear
The hour I first believed.

Through many dangers, toils and snares
I have already come;
'Tis Grace that brought me safe thus far
and Grace will lead me home.

When we've been there ten thousand years
Bright shining as the sun.
We've no less days to sing God's praise
Than when we've first begun.
Grásta chugainn, nach binn an fhuaim
A tharrtháil ainniseoir
Bhíos tráth ar strae, féach fód fúm –
Níl mé dall níos mó.

Mhúin grásta eagla do mo chroí
Chuir grásta stop le huamhan
Tháinig deireadh ar fad le himní
Nuair a tháinig creideamh chugam!

Bhí guais im’ shaol is bhí cathú
Ach ó bhaol thána slán!
Murach grásta bheinn fós amú
Ar an drabhlás, ar fán.

Nuair a bheimid míle bliain leis féin
Is ag lonrú mar ghrian:
Beidh gach smaoineamh beo i bhfad i gcéin
Seachas moladh Dé go dian.

Grásta chugainn, nach binn an fhuaim
A tharrtháil ainniseoir
Bhíos tráth ar strae, féach fód fúm –
Níl mé dall níos mó.

Físeán an Lae

Bean bhreá í seo, an Dr Vandana Shiva, agus í ag caint arú anuraidh ag Féile na Smaointe Dainséaracha. Theastódh a leithéid d'fhéile uainn féin. Go géar.

2015-01-25

Der Jäger aus Kurpfalz/An Fiagaí as Kurpfalz

Amhrán Seilge de Chuid na nDaoine
Ein Jäger aus Kurpfalz
der reitet durch den grünen Wald;
er schiesst das Wild daher
gleich wie es ihm gefüllt.

Trara, trara
Gar lustig is die Jägerei
allhier auf grüner Heid,
allhier auf grüner Heid.

Trara, trara
Gar lustig is die Jägerei
allhier auf grüner Heid,
allhier auf grüner Heid.

Auf, sattelt mir mein Pferd
und legt daraut den Mantelsack
so reit ich weit umher,
als Jäger von Kurpfalz

Trara, trara
Gar lustig is die Jägerei
allhier auf grüner Heid,
allhier auf grüner Heid.

Trara, trara
Gar lustig is die Jägerei
allhier auf grüner Heid,
allhier auf grüner Heid.

Jetzt reit ich nicht mehr heim
bis dass der Kuckuck, kuckuck
Schreit er schreit die ganze nacht
allhier auf grüner Heid.

Trara, trara
Gar lustig is die Jägerei
allhier auf grüner Heid,
allhier auf grüner Heid.

Trara, trara
Gar lustig is die Jägerei
allhier auf grüner Heid,
allhier auf grüner Heid.

An Fiagaí as Kurpfalz

An fiagaí as Kurpfalz
Ag marcaíocht tríd an bhforaois ghlas
Is maraíonn sé an géim
An saol tá ar a thoil.

Hul hul, hul hul!
Is iontach bheith amuigh ag fiach
Ar fud na móinéar glas
Ar fud na móinéar glas.

Hul hul, hul hul!
Is iontach bheith amuigh ag fiach
Ar fud na móinéar glas
Ar fud na móinéar glas.

Cuir diallait ar an each
Is réitigh é i ngach aon slí
Is gheobhadsa soir is siar
An fiagraí as Kurpfalz.

Hul hul, hul hul!
Is iontach bheith amuigh ag fiach
Ar fud na móinéar glas
Ar fud na móinéar glas.

Hul hul, hul hul!
Is iontach bheith amuigh ag fiach
Ar fud na móinéar glas
Ar fud na móinéar glas.

Ní fhillfead ar mo theach
Go gcloisfead scairt na cuaiche
Cú-cú an oíche ar fad
Ar fud na móinéar glas.

Hul hul, hul hul!
Is iontach bheith amuigh ag fiach
Ar fud na móinéar glas
Ar fud na móinéar glas.

Hul hul, hul hul!
Is iontach bheith amuigh ag fiach
Ar fud na móinéar glas
Ar fud na móinéar glas.

Teagasc Deireanach an Bhúda/ The Buddha's Last Instruction

The Buddha’s Last Instruction


“Make of yourself a light,”
said the Buddha,
before he died.
I think of this every morning
as the east begins
to tear off its many clouds
of darkness, to send up the first
signal – a white fan
streaked with pink and violet,
even green.
An old man, he lay down
between two sala trees,
and he might have said anything,
knowing it was his final hour.
The light burns upward,
it thickens and settles over the fields.
Around him, the villagers gathered
and stretched forward to listen.
Even before the sun itself
hangs, disattached, in the blue air,
I am touched everywhere
by its ocean of yellow waves.
No doubt he thought of everything
that had happened in his difficult life.
And then I feel the sun itself
as it blazes over the hills,
like a million flowers on fire –
clearly I’m not needed,
yet I feel myself turning
into something of inexplicable value.
Slowly, beneath the branches,
he raised his head.
He looked into the faces of that frightened crowd.

~ Mary Oliver ~

(House of Light)

 

Teagasc Deireanach an Bhúda


“Déan solas díot féin,”
arsa an Búda
sular cailleadh é.
Smaoinímse air sin chuile mhaidin
agus an iliomad scamall dorcha
á stróiceadh anuas ag an oirthear
chun an chéad chomhartha a fhógairt –
gaothrán bán
stríoca bándearga tríd, sailchuachach
nó glas fiú.
Ina sheanfhear dó, luigh sé síos
idir dhá chrann seala
agus d’fhéadfadh sé rud ar bith a rá
a fhios aige gurbh é an focal scoir é.
An solas dóite ag dul in airde,
ag éirí dlúth agus ag socrú síos os cionn na ngort.
Lucht an tsráidbhaile cruinn ina thimpeall
cluas ghéar orthu.
Fiú sula mbíonn an ghrian féin
crochta, neamhspleách, sa spéir ghorm,
tá aigéan na dtonnta buí
do mo bhá go hiomlán.
Smaoinigh sé, ní foláir, ar gach a thit amach
le linn a shaoil dhuaisiúil.
Is ansin braithimse an ghrian féin
is í ina laom os cionn na gcnoc –
milliún bláth trí thine.
Is léir nach bhfuil aon ghá liomsa anseo,
mar sin féin braithim go bhfuilim ag iompú
im’ rud nach féidir luach a chur air.
Thóg sé a cheann go mall
idir na géaga,
d’fhéach idir an dá shúil ar an slua scanraithe.

desert/gaineamhlach

Íomhá Ron Rosenstock
友もなき
砂漠なれども・・・
ヒイラギがい
ní cuileachta d'éinne iad -
mar sin féin . . .
cuileann gaineamhlaigh
no great company -
nevertheless . . .
desert holly
Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

2015-01-24

Der Wanderer/ An Fánaí

File: Georg Philipp Schmidt von Lübeck
Cumadóir: Franz Schubert
Ich komme vom Gebirge her,
Es dampft das Tal, es braust das Meer,
Ich wandle still, bin wenig froh,
Und immer fragt der Seufzer, wo?

Die Sonne dünkt mich hier so kalt,
Die Blüte welk, das Leben alt,
Und was sie reden, leerer Schall,
Ich bin ein Fremdling überall.

Wo bist du, mein geliebtes Land,
Gesucht, geahnt, und nie gekannt?
Das Land, das Land so hoffnungsgrün,
Das Land, wo meine Rosen blühn;

Wo meine Freunde wandelnd gehen,
Wo meine Toten auferstehen
Das Land, das meine Sprache spricht,
Das teure Land -- hier ist es nicht.

Ich wandle still, bin wenig froh,
Und immer fragt der Seufzer, wo?
Im Geisterhauch tönt's mir zurück,
"Dort, wo du nicht bist, ist das Glück."

An Fánaí

Seo mé ag teacht ón sliabh anuas
An gleann ’na cheo, an mhuir ’na búir;
Ag fánaíocht liom: ’Cén áit, cén áit?’
An osna ’tá de shíor ’om chrá.

Is fuar anseo atá an ghrian
An bheatha sean, na blátha críon
Is tá a gcomhrá iontach baoth
Tá mé im stróinséir ag an ngaoth.

Cá bhfuil tú [uaim], a thír ionúin,
Ní heol dom thú, ainneoin mo dhúil,
An fód atá chomh dóchasach
An fód a chruthaíonn rósanna.

An áit a dtéann mo chairde ar fán
Is éiríonn chugainn an marbhán!
An áit a mbíodh an Ghaeilge bhinn,
Mo Róisín Dubh – í faonlag tinn.

Ag fánaíocht liom: ‘Cén áit, cén áit?’
An osna ’tá de shíor ’om chrá.
I gcogar aeir is clos dom í:
’Thall – ach tú bheith ann – [thall a] ’gheobhair scíth.’

marbhán/dead man

Íomhá: Sean Rowley
marbhán i ngort
na scamaill, ámh,
ní mhoillíonn
dead man in a field
but the clouds
pause not

2015-01-23

Ich liebe dich, so wie du mich/ Tá grá agam duit, is grá agat dom

File: Karl Friedrich Wilhelm Herrosee
Cumadóir: Ludwig van Beethoven
Ich liebe dich, so wie du mich,
Am Abend und am Morgen,
Noch war kein Tag, wo du und ich
Nicht teilten unsre Sorgen.

Auch waren sie für dich und mich
Geteilt leicht zu ertragen;
Du tröstetest im Kummer mich,
Ich weint in deine Klagen.

Drum Gottes Segen über dir,
Du, meines Lebens Freude.
Gott schütze dich, erhalt dich mir,
Schütz und erhalt uns beide.

Tá grá agam duit

Tá grá agam duit, is grá agat dom
Grá maid’ne is tráthnóna,
Is ní raibh lá nach raibh tú romham
Ár mbuairt á roinnt i gcónaí.

Sa tslí sin bhí sé éasca dúinn,
Ár mbeirt, an bhuairt a iompar;
Bhí sólás dom má bhíos faoi ghruaim
Mé ’gol dá mbeifeá buartha

Go mbeannaí Dia dhuit go deo,
’Stór is a shearc mo chléibhe,
Is faoina scáth, fan bríomhar beo –
Bímis go deo le chéile!

Tuscany/ An Tuscáin

Íomhá Ron Rosenstock
まだ来ぬか
トスカニーに
朝の陽は
cén áit nach bhfuil feicthe aici?
grian na maidine
sa Tuscáin
Mada konu ka
Tuscany ni
Asa no hi wa
where has it not yet been?
morning sun
in Tuscany
Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

2015-01-22

Nana

File: Amhrán de chuid na ndaoine
Cumadóir: Manuel de Falla
Duérmete, niño, duerme,
Duerme, mi alma,
Duérmete, lucerito
De la mañana.
Nanita, nana,
Nanita, nana.
Duérmete, lucerito
De la mañana.

Seoithín Seó

Seoithín seó,’stóirín, seoithín,
Seoithín, a uainín,
Seoithín seó, a réilthín
Réilthín na maid’ne.
Nanita, nana,
Nanita, nana.

Seoithín seó, a réilthín,
Réilthín na maid’ne.

Haiku le Issa ón mbliain 1810

an chéad chith sneachta -
bochtán ag an ngeata
an chéad rud ar maidin

.はつ雪や朝夷する門乞食
hatsu yuki ya asaebisu suru kado kojiki

2015-01-21

Asturiana/ Astúrach

File: Amhrán de chuid na ndaoine
Cumadóir: Manuel de Falla
Por ver si me consolaba,
Arrime a un pino verde,
Por ver si me consolaba.

Por verme llorar, lloraba.
Y el pino como era verde,
Por verme llorar, lloraba.

Astúrach

D’fhonn féachaint an bhfaighfí sólás,
Do dhruideas-sa gar don ghiúis ghlas,
D’fhonn féachaint an bhfaighfí sólás.

Ar fheiceáil mo dheor’ di chaoin sí,
Is an ghiúis sin de bharr a cuid glaise
Ar fheiceáil mo dheor’ di chaoin sí.

amhráin/songs

Íomhá Ron Rosenstock
忘れ歌
こころ火傷す
デスバレー
amhráin dhearmadta
a scólann an croí -
Gleann an Bháis
forgotten songs
that scald the heart -
Death Valley
Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

2015-01-20

Die Krähe/ An Préachán

File: Wilhelm Müller
Cumadóir: Schubert
Eine Krähe war mit mir
Aus der Stadt gezogen,
Ist bis heute für und für
Um mein Haupt geflogen.

Krähe, wunderliches Tier,
Willst mich nicht verlassen?
Meinst wohl, bald als Beute hier
Meinen Leib zu fassen?

Nun, es wird nicht weit mehr geh'n
An dem Wanderstabe.
Krähe, laß mich endlich seh'n,
Treue bis zum Grabe!

An Préachán

Bhí an préachán seo le m’ais
Lean sé mé ón mbaile,
Tá sé fós im theannt’ ambaist!
Féach air thuas in airde.

Préachán, tá tú ait mar éan,
’Bhfuil tú chun mé ’fhágaint?
Beadsa, i mo chreach mo léan,
Béile agat amárach?

Sea, is léir dom deireadh ’n róid
Deireadh leis an tseilg,
Meas tú fós an bhfeicfinn romham
Dílseacht dtí an reilig!

réileán salainn/ salt flat

Íomhá Ron Rosenstock
デスバレー
塩原に生ゆ
何かしら
réileán salainn
i nGleann an Bháis -
rud éigin ag bíogadh
salt flat
in Death Valley -
something comes to life
Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

2015-01-19

Manche Thrän' aus meinen Augen [Wasserflut]

File: Wilhelm Müller
Cumadóir: Schubert
Manche Thrän' aus meinen Augen
Ist gefallen in den Schnee;
Seine kalten Flocken saugen
Durstig ein das heiße Weh.

Wenn die Gräser sprossen wollen
Weht daher ein lauer Wind,
Und das Eis zerspringt in Schollen
Und der weiche Schnee zerrinnt.

Schnee, du weißt von meinem Sehnen,
Sag' mir, wohin doch geht dein Lauf?
Folge nach nur meinen Thränen,
Nimmt dich bald das Bächlein auf.

Wirst mit ihm die Stadt durchziehen,
Munt're Straßen ein und aus;
Fühlst du meine Thränen glühen,
Da ist meiner Liebsten Haus.

Rabharta

Thit sa sneachta ar an talamh
Deora móra de mo shúil’;
Ólann na calóga fuara
Blogam de mo chrá is buairt.

Nuair a bheidh an féar ag péacadh
Nuair a bheidh an lá go breá
Is an t-oighear ar fad á réabadh
Is an sneachta bog á leá.

’Shneachta is eol duit mo chuid eolchair’
Cén áit go díreach ’tá do thriall?
Bí sa tóir ar mo chuid deor
Beidh an sruth agat gan mhoill.

Tabharfaidh sé ar camchuairt thú
Gach aon phrochóg, gach aon tsráid:
Nuair a bheidh mo dheor’ ag luisniú
Sin an áit a bhfuil mo ghrá.

Catalóg ón India

Paperwall

2015-01-18

Fowles in the Frith/ Éiníní sa Choill

File/Cumadóir: Sasanach anaithnid 13ú aois
Fowles in the frith,
The fisshes in the flood,
And I mon waxe wood
Much sorwe I walke with
For beste of boon and blood.
Éiníní sa choill
Is snámhann éisc san abhainn
Is táimse as mo mheabhair
An bhuairt ag siúl lem thaobh
Neach fola mé is cnámh.

Físdán Vision-Poem :David Whyte


 


An Loch Reoite


Anseo ar an ard
tá sé chomh simplí leis seo,
fág gach a  bhfuil ar eolas agat id dhiaidh.

Druid i dtreo an dromchla fhuair,
abair paidir sin an gharbhghrá
agus leath amach do dhá ghéag.

Iad siúd a thagann is gan faic ina lámha acu
stánfaidh siad ar an loch is alltacht orthu
ansiúd faoin loinnir fhuar
is sneachta fuar ina scáil

fíorchruth do chuntanóis féin

2015-01-17

Gute Nacht/ Oíche Mhaith

File: Wilhelm Müller
Cumadóir: Franz Schubert

Gute Nacht

Fremd bin ich eingezogen,
Fremd zieh' ich wieder aus.
Der Mai war mir gewogen
Mit manchem Blumenstrauß.
Das Mädchen sprach von Liebe,
Die Mutter gar von Eh', -
Nun ist die Welt so trübe,
Der Weg gehüllt in Schnee.

Ich kann zu meiner Reisen
Nicht wählen mit der Zeit,
Muß selbst den Weg mir weisen
In dieser Dunkelheit.
Es zieht ein Mondenschatten
Als mein Gefährte mit,
Und auf den weißen Matten
Such' ich des Wildes Tritt.

Was soll ich länger weilen,
Daß man mich trieb hinaus?
Laß irre Hunde heulen
Vor ihres Herren Haus;
Die Liebe liebt das Wandern -
Gott hat sie so gemacht -
Von einem zu dem andern.
Fein Liebchen, gute Nacht!

Will dich im Traum nicht stören,
Wär schad' um deine Ruh',
Sollst meinen Tritt nicht hören -
Sacht, sacht die Türe zu!
Ich schreibe nur im Gehen
An's Tor noch gute Nacht,
Damit du mögest sehen,
An dich hab' ich gedacht.

Oíche Mhaith

Do thánasa im' stráinséir
Mar sin arís imeod.
Bealtaine bhí cineálta
Is fial lena cuid flós.
Faoin ngrá a labhair an aoileann
Faoin bpósadh bean an tí –
Anois tá an domhan ‘na gheimhreadh
Is sneachta romham sa tslí.


Cathain an bóthar ‘bhualadh
Sin rud nach eol dom fós,
Mo bhealach féin a dhéanamh,
An dorchadas romham.
Tá scáil ón ré in airde
Mar thaistealaí le m’ais
Is ar na móinteáin bhána
Cuardód an rian i gclais.

Cén fáth a bhfanfainn tamall
Go ruaigfí mé le fán’?
Madraí strae ag tafann
Ag tafann ar an mbán.
Geal leis an ngrá an fhánaíocht
Dia a leag síos an t-acht –
Ó pháirtí ‘dtí a pháirtí –
A stóirín, ‘Gute Nacht’!

Do bhrionglóid ní chorródsa
Ní chorródsa do shuan,
I gciúnas a imeodsa
Mar bháidín beag sa chuan.
Is fágfad focal scríofa
Im dhiaidhse: ‘Codladh sámh!’
Mar tá mo chroíse sníofa
Id chroíse, a stór, go brách.

Smaoineamh an Lae

"Is ceart agus is cóir cur in aghaidh na forghabhála." 
  

2015-01-16

Wohin?

File: Wilhelm Müller
Cumadóir: Franz Schubert
Ich hört' ein Bächlein rauschen
Wohl aus dem Felsenquell,
Hinab zum Tale rauschen
So frisch und wunderhell.

Ich weiß nicht, wie mir wurde,
Nicht, wer den Rat mir gab,
Ich mußte gleich hinunter
Mit meinem Wanderstab.

Hinunter und immer weiter
Und immer dem Bache nach,
Und immer frischer rauschte
Und immer heller der Bach.

Ist das denn meine Straße?
O Bächlein, sprich, wohin?
Du hast mit deinem Rauschen
Mir ganz berauscht den Sinn.

Was sag ich denn von Rauschen?
Das kann kein Rauschen sein:
Es singen wohl die Nixen
Dort unten ihren Reihn.

Laß singen, Gesell, laß rauschen
Und wandre fröhlich nach!
Es gehn ja Mühlenräder
In jedem klaren Bach

Cá raghair?

Is clos dom sruth ag léimrigh
As fuarán ’measc na gcreag,
Sa ghleanntán thíos ag léimrigh
Chomh húr chomh gléigeal

Ní heol dom mar a tharla
Nó cé a labhair im chluais,
Ní mór dom bheith ag fánaíocht
Is deir mo mhaide, ‘Gluais!’

Ar aghaidh is ar aghaidh i gcónaí
Ar aghaidh ’s ar aghaidh leis an sruth
Ar aghaidh ’s ar aghaidh an tóraíocht
Ar aghaidh ’s ar aghaidh lena ghuth.

B’e seo an bóthar romhamsa
A shrutháin, labhair, cá raghair?
Táim scaipthe ag do ghlórsa
Is ait liom é mar spadhar.

Ná labhair ar ghlór a thuilleadh
Níl glór ag an sruthán:
Sin iad na béithe coille
Ag glaoch ón duibheagán.

An sruthán lig dó [bheith] ‘canadh
Is lig do bheith ar fán:
Bíonn brónna muilinn ag casadh
I ngach aon ghlé-shruthán.

Deir Mooji:

Deir Mooji:

“Gach aon smaoineamh agus gach aon anáil, is anáil agus is smaoineamh é a tharlaíonn san airdeall; agus is sinne an t-airdeall sin, an t-airdeall sin gan smaoineamh gan anáil.”

 “Nuair a shocraíonn an aigne síos agus í díreach anseo anois, ní aigne a thugtar uirthi a thuilleadh. An Féin atá inti. An Féin a bhí inti riamh.”

“D’fhéadfadh smaoineamh a bheith agat: ‘Tá gach rud go breá anois, ach beidh sé difriúil nuair a théim an doras amach.’ Cheana féin tá tú ag smaoineamh ar do threascairt. Tuig nach bhfuil iontu ach smaointe. Féadann tú breathnú orthu, sin uile, a dtarraingt a mhothú ach fós féin iad a thabhairt faoi ndeara mar ghluaiseacht sa chomhfhios. Fan socair san airdeall éagruthach.”

“Níl aon chruth ag uisce, is dual dó rith. Cuir i vása é agus glacfaidh sé cruth an vása. Sa chupán seo, tá cruth an chupáin air. . .  Ach tá an t- uisce féin gan chruth. Is é an dála céanna ag an gcomhfhios é, atá níos fíneáilte ná uisce. Níl aon chruth aige ach glacann sé foirm an choincheapa a ndóirtear ann é nó an fhoirm a shamhlaíonn sé é féin léi, ach ní hí an fhoirm sin í. Is é a nádúr síoraí a bheith gan fhoirm.”

 “Téigh lastall de gach ní. Ná bailigh aon ní. Ní gá don rí dul ag siopadóireacht ina ríocht féin. Ná ní lorgaíonn sé déirc… Aon ní dá dtarlaíonn níl ann ach stuif a nochtann sa chomhfhios. Ná bac leis sin go léir. Glac do scíth san airdeall. Sin an méid.”

 “Gabh buíochas leis an Spiorad mór istigh as gach a bhfuil sa saol. Is tíolacadh é an uile ní, milis is searbh. Is ann dóibh ar mhaithe le fás is saoirse is ceiliúradh. Bí sona.”

“Ní gá duit riamh do luach féin a chruthú mar tá tú cheana féin iomlán istigh mar pháiste ionúin Dé. Bí sona.”

“Ní lasmuigh díot féin atá an t-áthas agus an tsíocháin. Aimsítear istigh ionat féin iad, mar is iad do nádúr féin iad.”

“Déan do mhachnamh ar an mbrí atá le bheith ‘Anseo’ go hiomlán agus ‘Anois’ go hiomlán. Chuige sin, caithfear gach ní eile a thréigean; bí anseo-anois, sin uile, sa láithreacht chomhfhiosach. Sin is Croí ann. Sin is Féin ann.”

“Níl ‘spéis’ ag an té atá stiúgtha i mbia agus níl ‘spéis’ ag an té atá á bhá san aer. An té a shantaíonn Saoirse, ní ‘spéis’ atá san Fhéin-eolas ach riachtanas.”

“Níl Ann ach Anois, agus is tusa é sin. Fan mar sin.”

“Más mian leat gáire a bhaint as Dia, inis do chuid pleananna Dó.”

“Níl ann ach an fhoirfeacht.

Tá an fhoirfeacht le feiceáil gach áit.

Ach caithfidh na súile a bheith agat i dtosach chun í a fheiceáil.”

“Ná dean tatúnna de na ráitis seo. Fan ar oscailt, ciúin agus gabhálach agus oibreoidh an grásta ort go nádúrtha.”

2015-01-15

Die Liebe Farbe/ An Dath is Rogha le mo Ghrá

File: Wilhelm Müller
Cumadóir: Franz Schubert
Is glas a bheidh orm cinnte
Glas geal na sailí silte
Is geal lem ghrása glas.
Cufróga glasa a lorgód
Is móinéar cumhra ’na bhfaighinn marós:
Is geal lem ghrása glas.

Seo linn is téimis ag fiach
Seo linn thar shliabh, thar riasc,
Is geal lem ghrása an fiach.
An chreach ’táim á seilg,eisean an Bás,
An móinteach,sin focal ar phian an ghrá:
Is geal lem ghrása an fiach.

Tochlaigí uaigh san uaigneas
Clúdaígí í le féar glas
Is geal lem ghrása glas.
Gan croisín dubh, gan pósae glé
Glas, gach rud glas, ar dheis, ar chlé,
Is geal lem ghrása glas.
In Grün will ich mich kleiden,
In grüne Tränenweiden:
Mein Schatz hat's Grün so gern.
Will suchen einen Zypressenhain,
Eine Heide von grünen Rosmarein:
Mein Schatz hat's Grün so gern.

Wohlauf zum fröhlichen Jagen!
Wohlauf durch Heid' und Hagen!
Mein Schatz hat's Jagen so gern.
Das Wild, das ich jage, das ist der Tod;
Die Heide, die heiß ich die Liebesnot:
Mein Schatz hat's Jagen so gern.

Grabt mir ein Grab im Wasen,
Deckt mich mit grünem Rasen:
Mein Schatz hat's Grün so gern.
Kein Kreuzlein schwarz, kein Blümlein bunt
Grün, alles grün so rings und rund!
Mein Schatz hat's Grün so gern.

Teagascóir Mór: Mooji

Deisceabal de chuid Papaji is ea Mooji.
 
Tá scata físeán anseo a thugann léargas ar Advaita nó neamhdhéachas (Non-Duality):


Conas smaointe a chur ar ceal? Sin í an cheist! Ní gá biúró inimirce a chur ar bun a deir Mooji, maidir le smaointe ag teacht is ag imeacht. Ní gá a rá leis an smaoineamh seo, 'Tá cead isteach agat' is leis an smaoineamh eile, 'Níl cead isteach agat'. Tagann is imíonn smaointe. Ná bac leo. 'Ní líontar riamh bolg na haigne!' a deir sé.

Ach cad a tharlóidh nuair a bheidh an aigne folamh? Faigh amach!

2015-01-14

Wenn ich in deine Augen seh'

File: Heinrich Heine
Cumadóir: Schumann

Wenn ich in deine Augen seh'

Wenn ich in deine Augen seh’
So schwindet all' mein Leid und Weh;
Doch wenn ich küße deinen Mund,
So werd' ich ganz und gar gesund.

Wenn ich mich lehn' an deine Brust,
Kommt's über mich wie Himmelslust;
Doch wenn du sprichst: ich liebe dich!
So muß ich weinen bitterlich.

Ar fhéachaint domsa i do shúil’

Ar fhéachaint domsa i do shúil
Níl fágtha de mo chrá ach drúcht;
Is nuair a phógaim thú go dlúth
Is slán a bhím is lán de lúth.

Nuair ’bhíonn mo cheann i d’ucht go sámh
Ar neamh a bhím, ag dul i dtámh;
Nuair ’chloisimse: Och,och, a stór!
Sea bíonn mo leiceann fliuch le deor’.

Smaoineamh an Lae

Ceapann gach tírghráthóir go bhfuil a thír féin níos fearr ná tír ar bith eile.

Ambrose Bierce

2015-01-13

Der Vollmond strahlt auf Bergeshöhn

File: Wilhelmina Christiane von Chézy
Cumadóir: Franz Schubert
Der Vollmond strahlt auf Bergeshöhn -
Wie hab ich dich vermißt!
Du süßes Herz! es ist so schön,
Wenn treu die Treue küßt.

Was frommt des Maien holde Zier?
Du warst mein Frühlingsstrahl!
Licht meiner Nacht, O lächle mir
Im Tode noch einmal!

Sie trat hinein beim Vollmondschein,
Sie blickte himmelwärts;
"Im Leben fern, im Tode dein!"
Und sanft brach Herz an Herz.

Ré lán ag lonrú ar an sliabh

Ré lán ag lonrú ar an sliabh -
Is géar mar chronaím thú!
A chroí istigh! Do b’aoibhinn riamh
Mo bhéal led bhéal go dlúth.

Cén mhaith dos Bealtaine chomh glé?
Ba thú amháin an ghrian!
Réalt eolais dom, is tú sa chré
Do bhéal gan gháir’, a mhian!

Isteach do shiúil faoin ngealach lán
Is d’fhéach sí chun na spéir’
‘Mé beo i gcéin, mé leat sa bhás!’
Is bhris dhá chroí ’na phéir’.

Briogáid na bhFilí Réabhlóideacha

Níl deireadh leis an bhfilíocht go fóill.

2015-01-12

Ich hab' im Traum geweinet

File: Heinrich Heine
Cumadóir: Schumann
Ich hab' im Traum geweinet,
Mir träumte, du lägest im Grab.
Ich wachte auf, und die Träne
Floß noch von der Wange herab.

Ich hab' im Traum geweinet,
Mir träumt', du verließest mich.
Ich wachte auf, und ich weinte
Noch lange bitterlich.

Ich hab' im Traum geweinet,
Mir träumte, du wär'st mir noch gut.
Ich wachte auf, und noch immer
Strömt meine Tränenflut.

Do chaoin mé 'lár brionglóide

Do chaoin mé ’lár brionglóide
Sa taibhreamh do bhí tú san uaigh.
Do dhúisigh mé is bhí deora
Fós ag rith síos ar mo ghrua.

Do chaoin mé ’lár brionglóide
Sa taibhreamh bhís imithe uaim.
Do dhúisigh mé, is do chaoin mé
Is mé bhí lán de ghruaim.

Do chaoin mé ’lár brionglóide –
Sa taibhreamh bhís dílis is tláith.
Do dhúisigh mé, is bhí deora
Deora as uarán grá.

Haiga

Íomhá Ron Rosenstock
サン・ギミナーノ
己が夢から
覚めがたく
San Gimignano -
is leasc leis dúiseacht
as brionglóid faoi fhéin
San Gimignano-
reluctant to awake
from a dream of itself
Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

2015-01-11

Bryd one brere/ Éan i nDriseog

File/Cumadóir: Anaithnid, 13ú Aois, Sasana

Bryd one brere

Bryd one brere, brid, brid one brere,
Kynd is come of love, love to crave
Blythful biryd, on me thu rewe
Or greyth, lef, greith thu me my grave.

Hic am so blithe, so bryhit, brid on brere,
Quan I se that hende in halle:
Yhe is whit of lime, loveli, trewe
Yhe is fayr and flur of alle.

Mikte ic hire at wille haven,
Stedefast of love, loveli, trewe,
Of mi sorwe yhe may me saven
Ioye and blisse were were me newe.

Éan i nDriseog

Éan, éan i ndriseog, éan, éan i ndriseog,
Den ghrá é an cine, an grá sea a thnúth,
Éinín suairc, orm glac trua
Nó réitigh dom, a ghrá, an uaigh.


Is suairc a bhímse, is geal, éan i ndriseog,
Nuair a chímse an bhé úd sa halla,
Is bán é a cneas, aoibhinn, síodúil,
Sí an plúr , is sí is áille.

Dá mbeadh sí agam, an bhé dom féinig
Daingean i ngrá, aoibhinn, síodúil,
Fáth mo bhuartha, is í an réiteach
Suairc is séimh a bheinnse go síoraí.

Éist, Éist

Éist, éist le glór urlabhra na haigne féin,
Laistigh de bhroinn áilleacht an Fhómhair,
Agus glóir dhearg a gáire á léiriú ag an ngrian ag dul faoi.
Ag éisteacht leis an bhfliúit bhambú nach bhfuil á seinnt ag éinne,
Éist leis an ngiolcach atá ag luascadh sa ghaoth
Is le hamhrán ciúin an chuilithín.

Na deisceabail ag cur is ag cúiteamh,
Ní bhainfidh siad amach deireadh an chuilithín go deo.
Briathar an oide atá lastall den aigne –
Éist leis, níl teacht air,
Nuair a aimsítear é, fós níl le clos. 

Chögyam Trungpa Rinpoche

2015-01-10

Annie Laurie (Maxwelton Braes)

File: William Douglas
Maxwelton braes are bonnie
Where early fa's the dew,
And it's there that Annie Laurie
Gie'd me her promise true--
Gie'd me her promise true,
Which ne'er forgot will be;
And for bonnie Annie Laurie
I'd lay me doune and dee.

Her brow is like the snawdrift,
Her throat is like the swan,
Her face it is the fairest
That e'er the sun shone on--
That e'er the sun shone on;
And dark blue is her e'e;
And for bonnie Annie Laurie
I'd lay me doune and dee.

Like dew on the gowan lying
Is the fa' o' her fairy feet;
Like the winds in summer sighing,
Her voice is low and sweet--
Her voice is low and sweet;
And she's a' the world to me;
And for bonnie Annie Laurie
I'd lay me doune and dee.

ANNIE LAURIE

Maxwelton Braes nach álainn
Is moch a thiteann drúcht
Is is ann ’nocht Annie Laurie
A croí dom féin faoi rún –
A croí dom féin faoi rún,
Nach ndéanfar air dearúd
Is do m’ansacht Annie Laurie
Do raghainnse féin san úir.

A héadan mar an sneachta
A píob mar eala tá,
A cuntanós is breátha
Ná tonnta ar an trá –
Ná tonnta ar an trá
Is dúghorm tá a súil’
Is do m’ansacht Annie Laurie
Do raghainnse féin san úir.

Mar dhrúcht ina luí ar nóinín
Atá bonn a coise is fíor
Is dá gcloisfeá guth mo stóirín
Mar leoithne i gcoill –
Mar leoithne i gcoill;
Mar Bhanríon gheal na nDúl
Is do m’ansacht Annie Laurie
Do raghainnse féin san úir.

tír aineoil/ alien shore


2015-01-09

Ye banks and braes/ A dhúthaigh shéimh

File: Robert Burns
Cumadóir: James Miller
Ye banks and braes o' bonnie Doon
How ye can bloom so fresh and fair
How can ye chaunt ye little birds
And I sae weary fu' o' care

Ye'll break my heart ye warbling birds
That wantons thro' the flowering thorn
Ye mind me o' departed joys
Departed never to return

Oft hae I rov'd by bonnie Doon
To see the rose and woodbine twine
And ilka bird sang o' its love
And fondly sae did I o' mine

Wi' lightsome heart I pu'd a rose
Fu' sweet upon its thorny tree
But my false lover stole my rose
But ah! She left the thorn wi' me

A dhúthaigh shéimh

 A dhúthaigh shéimh cois Abhainn Dhùin
Faoi bhláth inniu chomh húr chomh breá
Cén chantain agaibh, a éiníní,
Is mise anseo is mo chroí á leá.

Táim bristechroíoch, a éiníní,
Is sibh os cionn an draighin faoi bhláth
Is cuimhin liom laethanta fadó
Nach bhfillfidh orainn arís go brách.

Is gnách liom siúl cois Abhainn Dhùin
An féithleann, an rós le chéile táid
Is na héin ag canadh ar aon chraobh
Ag canadh atá siad faoi mo ghrá.

Go haerach phiocas féin an rós
A fhásann thíos cois Abhainn Dhùin
Mo leannán cam do ghoid an rós
Is d’fhág agamsa an dealg rúin.

Aisteoir Charlie (RTÉ 1) páirteach sa seó Men Like Us

Léireofar 

Men Like Us 

i Scoil na mBuachaillí, Scabhat Smock, BÁC, Ean. 15-17, 8.p.m.,
agus nóinléiriú ar an Satharn, 17 Ean., ar 3.p.m.

Is é atá sa seó trí mhír de chuid Beckett agus iad fite le chéile le lúba dordveidhle.

Matalang

Leagan Gaeilge den ghearrdhráma ‘Catastrophe’ de chuid Beckett.

The End

Rough for Theatre II


Agus mionsonraí Men Like Us á bhfógairt ag Cathal Quinn, Stiúrthóir Ealaíne Mouth on Fire, dúirt sé go raibh ríméad ar an gcompántas drámaíochta agus go mba mhór an onóir é, go deimhin, tuilleadh drámaí leis an máistir a chur i láthair an phobail." Tá a fhios ag an saol mór go bhfuil Eastát Beckett an-scrupallach maidir le cáil an drámadóra a chosaint - agus an ceart ar fad acu," arsa Quinn.

"Is cuid dár bpolasaí é mar chompántas drámaí Beckett a chur i láthair dreamanna éagsúla agus luíonn sé go deas leis an bpolasaí sin go bhfuil drámaí leis á léiriú i nGaeilge againn. Is mian linn go mbeadh deis ag gach éinne, go háirithe daoine nach bhfaca Beckett cheana ar stáitse, an saothar a chloisteáil, a fheiceáil, a thuiscint agus sult a bhaint as. Chloisfeá uaireanta daoine á rá gur saothar deacair é saothar Beckett nó go gcuirfeadh sé blianta ort agus ba mhaith linne an tuairim sin a bhréagnú."

"Beidh fotheidil againn le haghaidh Matalang; níor mhaith linn éinne a fhágáil amuigh san fhuacht," arsa Quinn. "Is é Gabriel Rosenstock, file, údar agus aistritheoir nótáilte, a thraschruthaigh an dráma dúinn."  Is mar chuid den léiriú ensemble a chuirfear i láthair é.

Is é Marcus Lamb (i bpáirt Dheasúin Uí Mháille sa dráma Charlie ar RTÉ 1) a chuirfidh The End i láthair, píosa próis an-cháiliúil de chuid Beckett. Tá Marcus ag obair le Mouth on Fire le ceithre bliana anuas agus thaistil sé i dteannta an chompántais chun na Breataine agus chun na Seapáine. Is Nua-Eabhracach í Kim V Porcelli agus is máistir ar scata uirlisí ceoil í. Is í Kim agus a dordveidhil an snáth idir na míreanna éagsúla. Is é seo an dara huair di a bheith le Mouth on Fire. Thiar sa bhliain 2013 a cuireadh tús leis an léiriú seo sa Cheoláras Náisiúnta.

Oirfidigh eile a ghlacfaidh páirt sa seó is ea na daoine a leanas: Melissa Nolan, Colm O’Brien, Shadaan Felfeli, Ray Yeates agus Cathal Quinn.

Mouth on Fire   

Melissa Nolan & Cathal Quinn

www.mouthonfire.ie
Tel: 086 8928648

Facebook mouthonfire
Twitter @mouthonfire1906

Coill Shíofra/ Sheefrey Wood

Íomhá Ron Rosenstock
シェフリー森
語らぬものの
ありどころ
Coill Shíofra -
is iomaí rud
nach bhfuil míniú air
Sheefrey Wood -
there is much that remains
unexplained
the end is nigh
say the trees
of Sheefrey Wood
is gearr uainn an chríoch
a deir na crainn
i gCoill Shíofra
Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

2015-01-08

Kahl reckt der Baum/ Lom é an crann

File: Stefan George
Cumadóir: Anton von Webern
Kahl reckt der Baum
im Winterdunst
sein frierend Leben.
Laß deinen Traum
auf stiller Reise
vor ihm sich heben!
Er dehnt die Arme -
Bedenk ihn oft
mit dieser Gunst,
daß er im Harme
daß er im Eise
noch Frühling hofft!

Lom é an crann

Lom é an crann
sa cheobhrán fuar
a bheatha tréigthe.
Tabhair d’aisling ann
ar aistear suaimhneach
os comhair na ngéag geal
’tá sínte romhatsa!
Ná dearmad é
mar tá ’na thuar –
má tá sé reoite
má tá sé suaite –
tá’n tEarrach fé!

PREASEISIÚNT/PRESS RELEASE: Aisteoir Charlie (RTÉ1) páirteach san seó Men Like Us


Ór / Gold

Íomhá Ron Rosenstock
Cnoic Shíofra -
chuaigh fear sa tóir ar ór
ní fhacthas ó shin é
シーフリー山
金探し入る者
二度と見ず
Sheefrey Hills -
a man went looking for gold
and was never seen again
Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

2015-01-07

Gefrorne Tropfen/ Deora Reoite

File: Wilhelm Müller
Cumadóir: Franz Schubert

Deora Reoite

Na deora reoite ag titim
’na sruth mo leiceann síos:
Cad seo cad seo ní thuigim
i ngan fhios dom do chaoin?

A dheora liom, a dheora,
nach sibh atá patuar,
Is féach go bhfuil sibh reoite
mar phéarlaí beaga drúcht’!

Is d’eascair sibh as foinse
chomh loiscneach sin im lár
Ba dhóigh le héinne cinnte
go leáfaí an domhan bán!

Gefrorne Tropfen

Gefrorne Tropfen fallen
Von meinen Wangen ab:
Und ist's mir denn entgangen,
Daß ich geweinet hab'?

Ei Tränen, meine Tränen,
Und seid ihr gar so lau,
Daß ihr erstarrt zu Eise
Wie kühler Morgentau?

Und dringt doch aus der Quelle
Der Brust so glühend heiß,
Als wolltet ihr zerschmelzen
Des ganzen Winters Eis!

haiku le Issa ón mbliain 1807

an t-uaigneas tobann sin
nuair a dhruidtear leo -
duilleoga an fhómhair

.近づけば急に淋しき紅葉哉
chikazukeba [kyû] ni sabishiki momiji kana

2015-01-06

Full fathom five/ Síos cúig fheá

File: Shakespeare
Cumadóir: Vaughan Williams
Full fathom five thy father lies;
Of his bones are coral made;
Those are pearls that were his eyes;
Nothing of him that doth fade,
But doth suffer a sea-change
Into something rich and strange.
Sea-nymphs hourly ring his knell:
Ding-dong.
Hark! now I hear them — Ding-dong, bell

Síos cúig fheá

Síos cúig fheá atá a luí;
Tá a chnámha mar choiréal;
Féach na súile is péarlaí iad;
Níl aon chuid anois dá éag
Nach bhfuil athrú ar a scéal,
Aisteach é le rá gan bhréag.
Buaileann béithe mara an chling:
Ding-dong.
Éist! Sin arís iad – Ding-dong,ding

Géanna sneachta

Íomhá: Shawn Heffernan
greim orthu
níl ag na flaithis -
géanna sneachta
heaven
has no hold on them -
snow geese

2015-01-05

Ein Hund kam in die Küche...

Ein Hund kam in die Küche

Ein Hund kam in die Küche
und stahl dem Koch ein Ei.
Da nahm der Koch den Löffel
und schlug den Hund zu Brei.

Da kamen die anderen Hunde
und gruben ihm ein Grab
Und setzen ihm ein'n Grabstein....
Auf dem geschrieben stand:

Ein Hund kam in die Küche
und stahl dem Koch ein Ei.

Ghabh gadhar isteach sa chistin

Ghabh gadhar isteach sa chistin
Ón gcócaire sciob ubh.
Rug seisean ar an spúnóg
is mharaigh é le goimh.

Is bhailigh na madraí eile
is cuireadh é sa chré
is thóg siad dó leac uaighe
gabh ’leith is bí á léamh:

“Ghabh gadhar isteach sa chistin
Ón gcócaire sciob ubh.
Rug seisean ar an spúnóg
Is mharaigh é le goimh!”

[Agus ar aghaidh mar sin go heireaball siar]

Clúdach: leabhar nua/ COVER: new book

Le foilsiú go luath ar Kindle.

Forthcoming on Kindle.


2015-01-04

A blacksmith courted me/ Bhí gabha ag suirí liom

Amhrán Traidisiúnta Sasanach
A blacksmith courted me nine long months and better,
He stole my heart away, wrote to me a letter,
His hammer all in his hand he looked so brave and clever,
And if I was with my love, I would live forever.

My love's gone across those fields with his cheeks like roses,
My love's gone across those fields gathering sweet posies,
I fear the scorching suns will shine and spoil his beauty,
And if I was with my love, I would do my duty.

Strange news is come from abroad, strange news is carried,
Strange news is come to tell that my love is married,
There is no truth in man, nor in father nor in brother,
And since I have lost my love, I will seek no other.

Bhí gabha ag suirí liom

Bhí gabha ag suirí liom naoi mí is tuilleadh,
Do ghoid sé uaim mo chroí, is scríobh chugam litir,
Lena chasúr ina ghlac, sé bhí cliste cróga,
Is dá mbeinnse le mo shearc, bheinn beo go deo deo.

Chuaigh mo ghrása amach sna goirt, mar rós a ghrua,
Chuaigh mo ghrása amach sna goirt, agus pósae fuair,
Is eagal liom go mór, go ndófar é faoin ngrian
Is dá mbeinnse le mo shearc – mo ghrá go dian!

Tá scéal ait ón gcoigríoch, scéal ait i ndomhnach,
Scéal ait a deir go bhfuil mo ghrása pósta,
Ní féidir an duine a thrust, táim fágtha anseo is mé tréigthe
Mura mbeidh mo ghrá agam, ní raghad le héinne.

Ros Bairneach

Íomhá Ron Rosenstock
Ros Bairneach
mar is cuimhin leis an imirceach é -
goirteamas san aer
    ロス バナー
    移民が覚ゆ
     気中の塩気
Rossbarnagh
as an emigrant remembers it -
a saltiness in the air
Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

2015-01-03

I am a man of constant sorrow/ Is duine mé 'tá buartha cráite

File/Cumadóir: Dick Burnett (Féach tuilleadh)

I am a man of constant sorrow

In constant sorrow all through his days

I am a man of constant sorrow
I’ve seen trouble all my days
I bid farewell to old Kentucky
The place where I was born and raised

The place where he was born and raised

For six long years I’ve been in trouble
No pleasures here on earth I found
For in this world I’m bound to ramble
I have no friends to help me now

He has no friends to help him now

It’s fare thee well my old true lover
I never expect to see you again
For I’m bound to ride that northern railroad
Perhaps I’ll die upon this train

Perhaps he’ll die upon this train

You can bury me in some deep valley
For many years where I may lay
Then you may learn to love another
While I am sleeping in my grave

While he is sleeping in his grave

Maybe your friends think I’m just a stranger
My face you never will see no more
But there is one promise that is given
I’ll meet you on God’s golden shore

He’ll meet you on God’s golden shore

Is duine mé ’tá buartha cráite

Faoi bhuairt shíoraí ó rugadh é

Is duine mé ’tá buartha cráite
Chonac trioblóidí le mo linn
Fágaim slán ag sean-Kentucky
An áit a tógadh mé im’ naíon.

An ait a tógadh é mar naíon.

Do bhíos i bponc ar feadh sé bliana
Ní bhfuaireas pléisiúr, beag an baol,
Níl dom i ndán ach bheith ag fánaíocht
Níl cara ar bith agam sa tsaol

Níl cara ar bith aige sa tsaol

Is fágaim slán agatsa, a stóirín
Mar ní fheicfidh mé thú arís go deo
Tá traein ag fanacht liom, a ghrá geal
Is caillfear mise ar an iarnród.

Is caillfear eisean ar an iarnród.

Is cuirigí mé i ngleanntán uaigneach
Is beidh mé blianta ann mo léir
Is bíse ag pógadh feairín eile
Fad’s atáimse thíos faoin gcré

Fad’s atá sé thíos faoin gcré

Is dóigh led’ chairde gur stróinséir mise
Ní fheicfidh tú mo ghnúis níos mó
Tá rud amháin is bí lánchinnte
Beidh Dia romhainn i dTír na nÓg

Beidh Dia romhainn i dTír na n Óg.

smaoineamh an lae

Tá smaointe áirithe ann nach féidir a chur i bhfocail. Ligimis don ealaíontóir Carlos Chávez  & an cumadóir ceoil Ranferi Aguilar smaoineamh an lae a chur in iúl  ar a mbealach féin:

UISCE ÉIREANN

Íomhá Ron Rosenstock
saor a bhíos is sona
ar feadh mo shaoil: monuar!
Uisce Éireann
free I was
and happy all my days: alas!
Irish Water

2015-01-02

Süßer Freund, du blickest

File: Adelbert von Chamisso
Cumadóir: Robert Schumann
Süßer Freund, du blickest
Mich verwundert an,
Kannst es nicht begreifen,
Wie ich weinen kann;
Laß der feuchten Perlen
Ungewohnte Zier
Freudenhell erzittern
In den Wimpern mir.

Wie so bang mein Busen,
Wie so wonnevoll!
Wüßt ich nur mit Worten,
Wie ich's sagen soll;
Komm und birg dein Antlitz
Hier an meiner Brust,
Will in's Ohr dir flüstern
Alle meine Lust.

Weißt du nun die Tränen,
Die ich weinen kann?
Sollst du nicht sie sehen,
Du geliebter Mann?
Bleib an meinem Herzen,
Fühle dessen Schlag,
Daß ich fest und fester
Nur dich drücken mag.

Hier an meinem Bette
Hat die Wiege Raum,
Wo sie still verberge
Meinen holden Traum;
Kommen wird der Morgen,
Wo der Traum erwacht,
Und daraus dein Bildnis
Mir entgegen lacht.

'Chara dhil a bhreathnaíonn

'Chara dhil a bhreathnaíonn
Le hiontas orm féin
Is ní léir duit conas
Mé a bheith i bpéin.
Lig dom’ phéarlaí taise –
Ornáid as an ngnáth –
Lig dóibh bheith ag drithliú
I mo shúil’, a ghrá.

Suaite táim im’ bhrollach
Ar mo chroí tá néal,
Á dá mbeadh na briathra
‘Teacht go dtí mo bhéal.
Tar is cuir do ghnúis dhil
Le mo bhrollach bán
Déarfad leat i gcogar
A bhfuil dúinn i ndán.
Táimse lán de dheora
Cá bhfios dúinn a líon?
Bhfuil tú chun iad ’fheiscint
Bhfuil, a stóirín?
Fan i ngar dom chroíse
Duitse ’bhuaileann sé
Bí go dlúth níos dlúithe
Bí le tnúth lem thaobh.

Cois na leapa teolaí
Beidh an cliabhán
Ina bhfuil i gcónaí
Brionglóidín amháin.
Is le teacht na maid’ne
Dúiseoidh an bhrionglóid
Siúd, a stór, do shamhail
Le gáir’ os mo chomhair.

Mountain Pass Shrine, Bhutan

Íomhá Ron Rosenstock
mám agus scrín:
scamaill anoir
scamaill aniar
山の祠へ
東の雲たち
西の雲たち
mountain pass and shrine:
clouds from the east
clouds from the west
Leagan Seapáinise: Mariko Sumikura (Kyoto)

2015-01-01

Ach Elslein, liebes Elselein mein (Ludwig Senfl)

Cumadóir: Ludwig Senfl
A Eilsín, ’Eilsínín, a stór
Nárbh aoibhinn bheith led thaobh!
Ach gabhann uiscí doimhne
’Dir mé is tú, a chraobh.
Ach gabhann uiscí doimhne
’Dir mé is tú, a chraobh.

Is arraing mhór im chroí é
A mhian is a bhean thar chách
Is deirimse le fír’nne
Gur ormsa tá an mí-ádh
Is deirimse le fír’nne
Gur ormsa tá an mí-ádh.

Lá eile é amárach
Is athróidh mo chinniúint
Beidh gach aon ní go hálainn
A Eilsínín, a rún
Beidh gach aon ní go hálainn
A Eilsínín, a rún
Ach Elslein, liebes Elselein mein,
Wie gern wär ich bei dir!
So sein zwei tiefe Wasser
Wohl zwischen dir und mir,
So sein zwei tiefe Wasser
Wohl zwischen dir und mir

Das bringt mir grosse Schmerzen,
Herzallerliebster Gsell!
Und ich von ganzem Herzen
Halt's für gross Ungefäll,
Und ich von ganzem Herzen
Halt's für groß Ungefäll

Hoff, Zeit wird es wohl enden,
Hoff, Glück wird kommen drein,
Sich in all's Güts verwenden,
Herzliebstes Elselein,
Sich in all's Güts verwenden,
Herzliebstes Elselein.

Isle of Seals – Robben Island

Dearadh Angelee Deodhar

Oileán na Rónta (Robben Island)

Níor fhilleadar riamh
ar Robben Island
na rónta sin a thug a ainm
don áit

Stróiceadh an iomarca
dá bhfeoil
tógadh an iomarca
dá gcuid ola
uathu –

níor fhilleadar riamh

Isle of Seals – Robben Island

They never went back
to Robben Island
those seals that gave it
its name

Too much of their flesh
had been torn
too much of their oil
extracted –

they never went back