2015-01-13

Der Vollmond strahlt auf Bergeshöhn

File: Wilhelmina Christiane von Chézy
Cumadóir: Franz Schubert
Der Vollmond strahlt auf Bergeshöhn -
Wie hab ich dich vermißt!
Du süßes Herz! es ist so schön,
Wenn treu die Treue küßt.

Was frommt des Maien holde Zier?
Du warst mein Frühlingsstrahl!
Licht meiner Nacht, O lächle mir
Im Tode noch einmal!

Sie trat hinein beim Vollmondschein,
Sie blickte himmelwärts;
"Im Leben fern, im Tode dein!"
Und sanft brach Herz an Herz.

Ré lán ag lonrú ar an sliabh

Ré lán ag lonrú ar an sliabh -
Is géar mar chronaím thú!
A chroí istigh! Do b’aoibhinn riamh
Mo bhéal led bhéal go dlúth.

Cén mhaith dos Bealtaine chomh glé?
Ba thú amháin an ghrian!
Réalt eolais dom, is tú sa chré
Do bhéal gan gháir’, a mhian!

Isteach do shiúil faoin ngealach lán
Is d’fhéach sí chun na spéir’
‘Mé beo i gcéin, mé leat sa bhás!’
Is bhris dhá chroí ’na phéir’.