2015-01-11

Éist, Éist

Éist, éist le glór urlabhra na haigne féin,
Laistigh de bhroinn áilleacht an Fhómhair,
Agus glóir dhearg a gáire á léiriú ag an ngrian ag dul faoi.
Ag éisteacht leis an bhfliúit bhambú nach bhfuil á seinnt ag éinne,
Éist leis an ngiolcach atá ag luascadh sa ghaoth
Is le hamhrán ciúin an chuilithín.

Na deisceabail ag cur is ag cúiteamh,
Ní bhainfidh siad amach deireadh an chuilithín go deo.
Briathar an oide atá lastall den aigne –
Éist leis, níl teacht air,
Nuair a aimsítear é, fós níl le clos. 

Chögyam Trungpa Rinpoche