2015-01-02

Süßer Freund, du blickest

File: Adelbert von Chamisso
Cumadóir: Robert Schumann
Süßer Freund, du blickest
Mich verwundert an,
Kannst es nicht begreifen,
Wie ich weinen kann;
Laß der feuchten Perlen
Ungewohnte Zier
Freudenhell erzittern
In den Wimpern mir.

Wie so bang mein Busen,
Wie so wonnevoll!
Wüßt ich nur mit Worten,
Wie ich's sagen soll;
Komm und birg dein Antlitz
Hier an meiner Brust,
Will in's Ohr dir flüstern
Alle meine Lust.

Weißt du nun die Tränen,
Die ich weinen kann?
Sollst du nicht sie sehen,
Du geliebter Mann?
Bleib an meinem Herzen,
Fühle dessen Schlag,
Daß ich fest und fester
Nur dich drücken mag.

Hier an meinem Bette
Hat die Wiege Raum,
Wo sie still verberge
Meinen holden Traum;
Kommen wird der Morgen,
Wo der Traum erwacht,
Und daraus dein Bildnis
Mir entgegen lacht.

'Chara dhil a bhreathnaíonn

'Chara dhil a bhreathnaíonn
Le hiontas orm féin
Is ní léir duit conas
Mé a bheith i bpéin.
Lig dom’ phéarlaí taise –
Ornáid as an ngnáth –
Lig dóibh bheith ag drithliú
I mo shúil’, a ghrá.

Suaite táim im’ bhrollach
Ar mo chroí tá néal,
Á dá mbeadh na briathra
‘Teacht go dtí mo bhéal.
Tar is cuir do ghnúis dhil
Le mo bhrollach bán
Déarfad leat i gcogar
A bhfuil dúinn i ndán.
Táimse lán de dheora
Cá bhfios dúinn a líon?
Bhfuil tú chun iad ’fheiscint
Bhfuil, a stóirín?
Fan i ngar dom chroíse
Duitse ’bhuaileann sé
Bí go dlúth níos dlúithe
Bí le tnúth lem thaobh.

Cois na leapa teolaí
Beidh an cliabhán
Ina bhfuil i gcónaí
Brionglóidín amháin.
Is le teacht na maid’ne
Dúiseoidh an bhrionglóid
Siúd, a stór, do shamhail
Le gáir’ os mo chomhair.