2015-01-15

Teagascóir Mór: Mooji

Deisceabal de chuid Papaji is ea Mooji.
 
Tá scata físeán anseo a thugann léargas ar Advaita nó neamhdhéachas (Non-Duality):


Conas smaointe a chur ar ceal? Sin í an cheist! Ní gá biúró inimirce a chur ar bun a deir Mooji, maidir le smaointe ag teacht is ag imeacht. Ní gá a rá leis an smaoineamh seo, 'Tá cead isteach agat' is leis an smaoineamh eile, 'Níl cead isteach agat'. Tagann is imíonn smaointe. Ná bac leo. 'Ní líontar riamh bolg na haigne!' a deir sé.

Ach cad a tharlóidh nuair a bheidh an aigne folamh? Faigh amach!