2015-03-18

Haiku le Issa ón mbliain 1818

Níl aon ní sa saol seo nach dtugann deis don mháistir haiku ní hamháin haiku a chumadh ach a anam a athnuachan chomh maith. Sa tslí sin, is mó i bhfad ná seánra liteartha é an haiku. Bealach spioradálta is ea é chomh maith.

seo linn isteach
sa ghort ceobhránach
d'fhonn ár n-anam a athnuachan

.かすむ野にいざや命のせんたくに
kasumu no ni iza ya inochi no sentaku ni



Bhí spéis ag an Athair Hand (nó Hando mar a thug na Seapánaigh air) sa ghné spioradálta den haiku, ní nach ionadh agus 30 bliain, nach mór, caite sa tSeapáin aige.



Card